Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Chiarraidhe

Title
Feis Chiarraidhe
Author(s)
Ó Ciabháin, Seaghán,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Chiarraidhe



I dtaobh na feise a bhí i gCiarraidhe an mhí seo ghabh
thorainn, ní raibh aga againn puinn a sgríobhadh mar
gheall uirri i nGaedhilg sa “Chlaidheamh Soluis” acht
amháin beagán an tseachtmhain seo imthigh thorainn.



Chun an chirt féin a thabhairt dos gach éinne, ní fhéad-
faidhe a rádh ná go raibh sí go dian-mhaith. Bhí an
dúthaigh féin d'iomadhthóiribh ann & an chuid is mó aca
istigh ar gach aon tsaghas rud' bhí sa' chlár againn.



Bhí na trí hálla air siubhal aca ó ná haon a chlog 'sa
lá go dtí leath huair taréis a sé tráthnóna agus gach
duine a' déanamh a dhíchill domhan bheith críochnuighthe i
n-am gcomhair an chuirm-cheóil isd oidhche.



Thógfadh sé i n-iomad aimsire uaim cur síos a
dhéanamh ar na daoinibh seo bhuaigh na duaiseanna. Is
dóigh liom ná bacfadh mé é leis mar bhí sé curtha síos
i mBéarla cheana. Bhíos féin ag éisteacht leis na hamh-
ráinibh na hóráideacha agus na sgéalta fiannaidheachta
& go deimhin féin is go dearbhtha dhuit bhíodar go hana-
mhaith. Dá bhfeicfeá na daoine críonna a' dul suas chum
amhráin a thabhairt uatha agus faobhar an domhain fútha
ar eagla go mbeidís deireannach, badh dóigh leat na
beadh putóg i n-ao'chor ionnat acht croidhe ar rad.



Mo léan chráidhte! is aca atá an Ghaedhilg go binn
is go blasda; dá bhfeicfeá na súile air dearg-lasadh
istigh 'na gceann, chuireadh sé áthas id' chroidhe. Nuair
atá a leithéidí sin againn tá an cnámh uachtarach de
Chonnradh na Gaedhilge linn gan amhras, saoghal fada
chucha.



Anois a' trácht thar na rinnceóirí. Bhíodar-san leis
go maith is go ceart, acht 'mháin bhí easba taithighe orra
acht ni bhéidh siad mar sin an chéad uair eile le cong-
namh Dé. Maidir leis na páisdíbh ní raibh cur síos
orra bhíodar chomh maith soin, chun gach aon nidh. Tá na
Mná Riaghalta & na bhráithrí ar aigneadh obair mhaith a
dhéanamh feasda & sidí an rud tá uainn.



Bhí cuir-cheóil againn an oidhche úd & ní raibh aon nidh
mar é i dTráigh-Laoi le cuimhne na ndaoine is sine sa'
bhaile. Bhí an halla ró-bheag ar fad do'n mhéid daoine
bhí d'iarraigh slighe fhagháilt istigh ann & chaitheadar dul
abhaile arís. Bhí na rinnceóirí ó Luimneach ann & an
t-imeartas úd cumhaghtha ag an Athair Pádraig
Ua Duinnín go nglaoidhtí “an Tobar Draidheachta”
air.



Ní'l aon bhaoghal ná gur fhéad gach éinne an
t-imeartas a leanamhuint go hana-fhuirisd fiú amháin
na daoine ná raibh aon Ghaedhilg i n-ao'chor aca. Dá
bhféadfaidís fuireacht go dtí an oidhche 'na dhiaidh bhéadh
an tigh nó an halla lán arís. Is mór a' truaigh gan mórán
againn mar an Athair Pádraig Ua Duinín, & an tAthair
Peadair Ua Laoghaire & a thuilleadh ná fuil cuimhne
agam ar a n-ainmneachaibh anois, acht is é mo thuairim
go mbeidh siad againn sara fada. Tá súil nach fada
uaim an t-am go mbéidh aga againn an bhuidhean úd
d'fheicsint arís i dTráigh-Laoi go bhfágaidh Dia a
saoghal agus a sláinte aca agus aige an té a chuir air
bun iad.



Bhí na rinnceóirí ó Luimneach go rí-mhaith, nidh nach
iongnadh. Ní raibh a leithéidí i dTráigh-Laoi le mórán
bliadhanta & is dóigh liom go mbéadh fonn mór ar na
daoinibh iad fheicsin ann arís i gcionn tamaill.



Go mbuaighidh Dia leo pé áit a raghaidh siad.



Seaghán Ó Ciabháin

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services