Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Glór nó Ceól
Title
Glór nó Ceól
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Dul Amudha
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Glór nó Ceól Bhí búistéir áirithe 'na chomhnuidhe i gcathair M— a féadfadh amhrán do ghabháil i nguth an-dhoimhin. Chualaidh fear-tigheas amharclainn trácht air, & chuaidh sé fá na dhéin, & nuair airigh sé an guth breagh bhí aige, bhí sé a' tathaint air a cheard búistéireachta do thabh- airt suas, & go bhféadfadh sé slighe-bheathadh do bhaint as a ghuth i bhfad níos fearr 'ná bhí aige as an mbúis- téireacht. Fé dheireadh do gheall an bhúistéir dó go rachadh sé go dtí an amharclann, agus go ngabhfadh sé amhrán ann gach oidhche ar feadh seachtmhaine féachaint ciannos éirigheadh an sgéal leis, sul a dtabharfadh sé suas a cheard 'ga raibh taithighe aige air le fada. Lá nó dhó 'na dhiaidh seo bhí gearán curtha isteach os comhair na cúirte ag comharsanaibh an bhúistéir go raibh duine éigin 'sa' tsráid ag coimeád asail 'sa' chúl-mhacha a bhíodh ag sgreachaidh go hárd go minic & go mór-mhór timcheall breacadh an lae & go raibh sé a' crádh na gcomharsan go mór agus gur cheart a chur d'fhiachaibh ar pé duine 'ga raibh sé aige é d'aistriughadh go háit éigin eile. Do cuireadh oifigeach ag cuard- ach na háite féachaint cá raibh an t-asal, & d'fhan sé i bhfolach 'san oidhche gur airigh sé an sgreachaigh uath- bhásach, tháinig sé fá na dhéin gan mhoill, & cad a bheadh ann roimis 'ná an búistéir ag gabháil amhráin chum go mbeadh taithighe aige air i gcomhair na hoidhche. Do cuireadh coisg leis, mar do réir na dlighe ní raibh sé ceart bheith a' dúiseacht na ndaoine as a gcodladh ar an uair mí-thráthamhail san. Chaith an búistéir atharughadh do dhéanamh ar an am ina déanfadh sé taithighe ar an amhrán do ghabháil ó bhreacadh an lae go dtí meadhon lae nó am éigin tráthamhail 'sa' lá. Anois nuair airigh na comharsain cad a bhí ceap- aighthe & cia bhí ag déanamh an cheóil (ceól do b'eadh é anois dar leó, ó bhí an fear le dul 'san amharclann) ba dhobair dóibh tuitim anuas ó na fuinneógaibh mar a bhíonn siad ag éisteacht leis go cíocrach nuair a bhíonn sé ag déanamh taithighe ar amhrán nua do ghabháil 'sa' chúl-mhacha. Ní fios do'n bhúistéir ceólmhar fós cia'ca b'fhearra dhó nó cia'ca badh chirte dhó bheith mórdhálach agus mór- chúiseach i dtaobh na suime atá ag na daoinibh dá chur ann anois, ó fuaradar amach go raibh sé le dul 'san
amharclann, nó fearg do bheith air leó i dtaobh é chur i gcomórtas le hasal, acht deir sé leis féin nách beag iongnadh acht an saoghal atá ann anois — agus na daoine a cheapann gur glór asail ceól duine ar breacadh an lae, agus a shamhluigheann gur ceól breagh uasal an glór céadna le solus eleictreach ar uair na meadhon-oidhche — acht is dóichighe go leanfaidh sé ar a cheard búistéireachta ciallmhar go fóill. “Dul Amudha”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services