Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Glór nó Ceól

Title
Glór nó Ceól
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Dul Amudha
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Glór nó Ceól



Bhí búistéir áirithe 'na chomhnuidhe i gcathair M—
a féadfadh amhrán do ghabháil i nguth an-dhoimhin.
Chualaidh fear-tigheas amharclainn trácht air, & chuaidh
sé fá na dhéin, & nuair airigh sé an guth breagh bhí aige,
bhí sé a' tathaint air a cheard búistéireachta do thabh-
airt suas, & go bhféadfadh sé slighe-bheathadh do bhaint
as a ghuth i bhfad níos fearr 'ná bhí aige as an mbúis-
téireacht. Fé dheireadh do gheall an bhúistéir dó go
rachadh sé go dtí an amharclann, agus go ngabhfadh sé
amhrán ann gach oidhche ar feadh seachtmhaine féachaint
ciannos éirigheadh an sgéal leis, sul a dtabharfadh sé
suas a cheard 'ga raibh taithighe aige air le fada.



Lá nó dhó 'na dhiaidh seo bhí gearán curtha isteach os
comhair na cúirte ag comharsanaibh an bhúistéir go
raibh duine éigin 'sa' tsráid ag coimeád asail 'sa'
chúl-mhacha a bhíodh ag sgreachaidh go hárd go minic &
go mór-mhór timcheall breacadh an lae & go raibh sé a'
crádh na gcomharsan go mór agus gur cheart a chur
d'fhiachaibh ar pé duine 'ga raibh sé aige é d'aistriughadh
go háit éigin eile. Do cuireadh oifigeach ag cuard-
ach na háite féachaint cá raibh an t-asal, & d'fhan sé i
bhfolach 'san oidhche gur airigh sé an sgreachaigh uath-
bhásach, tháinig sé fá na dhéin gan mhoill, & cad a bheadh
ann roimis 'ná an búistéir ag gabháil amhráin chum go
mbeadh taithighe aige air i gcomhair na hoidhche. Do
cuireadh coisg leis, mar do réir na dlighe ní raibh sé
ceart bheith a' dúiseacht na ndaoine as a gcodladh ar
an uair mí-thráthamhail san. Chaith an búistéir atharughadh
do dhéanamh ar an am ina déanfadh sé taithighe ar an
amhrán do ghabháil ó bhreacadh an lae go dtí meadhon
lae nó am éigin tráthamhail 'sa' lá.



Anois nuair airigh na comharsain cad a bhí ceap-
aighthe & cia bhí ag déanamh an cheóil (ceól do b'eadh é
anois dar leó, ó bhí an fear le dul 'san amharclann)
ba dhobair dóibh tuitim anuas ó na fuinneógaibh mar a
bhíonn siad ag éisteacht leis go cíocrach nuair a bhíonn
sé ag déanamh taithighe ar amhrán nua do ghabháil 'sa'
chúl-mhacha.



Ní fios do'n bhúistéir ceólmhar fós cia'ca b'fhearra
dhó nó cia'ca badh chirte dhó bheith mórdhálach agus mór-
chúiseach i dtaobh na suime atá ag na daoinibh dá chur
ann anois, ó fuaradar amach go raibh sé le dul 'san


L. 424


amharclann, nó fearg do bheith air leó i dtaobh é chur
i gcomórtas le hasal, acht deir sé leis féin nách beag
iongnadh acht an saoghal atá ann anois — agus na
daoine a cheapann gur glór asail ceól duine ar
breacadh an lae, agus a shamhluigheann gur ceól breagh
uasal an glór céadna le solus eleictreach ar uair
na meadhon-oidhche — acht is dóichighe go leanfaidh sé ar
a cheard búistéireachta ciallmhar go fóill.



“Dul Amudha”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services