Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Chonnacht
Title
Feis Chonnacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 30, 1902 Feis Chonnacht Níor shásuigh gluaiseacht Chonnacht i gcúis na teangadh sin go dtí i mbliadhna. Tá baile & conndae na Gaillimhe & conndae Rascomáin ag brostughadh & ag bogadh amach go maith le goirid. Maidir le conndae Mhuigheó, go bhfóiridh Dia orainn, ní feasach sinn gur mhothuigheadar an Fheis a bheith ann i n-éan chór diomaoidhte d'fhear amháin as Béal an Átha do fuair duais i litridheacht. Bhí an tAthair Ua hEidhin, & an tAthair Ua Muinille as Sligeach ann, & go bhfágaidh Dia a sláinte ag an Athair Ua Criocháin as Ailfinne, bhí sé féin ann, agus thug sé buidhean chreideamhnach leis as an áit sin ar aisdear fada. Marach iad-san agus Clann Bhraonáin as ceanntar bhaile Rascomáin, badh le muinntir na Gaillimhe an Fheis. Ní clos dúinn go raibh éinneach as Liathdruim ann. Is cumasach an méid cainnte nach mór a dhéanamh le lucht an chúigidh seo fós sul bhéas siad Gaedhealach mhór-mhór le muinntir Mhuigheó ag a bhfuil an Ghaedhilg go fóill. Dubhairt uachtarán craoibhe na Gaillimhe féin gur Féis na Gaillimhe & Rosa Comáin badh chóir a thabhairt uirri, & bhí an ceart aige. Acht i dtaoibh na feise féin, is iongantach mar d'éirigh leó. Bhí suas le deich nduine fhiceadh ann istigh ar aisdibh sgríbhneóireachta, & rud is fearr ná sin dubhairt duine do na breitheamhain go raibh furmhór na n-aisdí go han-mhaith. Thug sé moladh mór éigin dóibh, nach cuimhneach linn anois, acht tá áthas orainn gur thuilleadar é. Tiocfaidh slacht fós ar an gcúig- eadh soin má leanann ná sgríbhneóirí d'á láimh. Níor mhisde dhóibh greann, orthacha, sean-phaidreacha, amhráin & neithe eile do'n chineál soin a sgríobh' síos ó na sean-daoinibh & thiubhradh sin le teasbáint dóibh-sean go bhfuil athrughadh ar an saoghal, & meas ar an nGaedhilg. Chítear dhúinn go raibh na breitheamhain rud beag ró-dhian ar lucht na n-amhráin. Ní móide go raibh an blas chomh beacht ag cuid aca-san & tá sé ag Gaedhilgeóir, acht dar ndóigh cuirfidh sé droch-mhisneach orra, taréis chomh díocasach is d'oibrigheadar ar feadh na bliadhna. Ní fiú deich triof gach a bhfuil do ringce i gConnachta, sé sin, muna cúileacht atá ar na ringceóiribh. Bhí éan-bhean amháin ann atá go toghtha, acht b'fhearr le daoinibh eile bheith ag ringce ar pháipéar, & ag déanamh fothrom gan mhaith. Rinne an tAthair Ua Beirn casaoid ar lucht na bpáipéar nuaidheacht fá an fhaillighe do rinneadar ar an bhfeis. Deir sé go raibh leath na hoibre thart an dara lá, 'nuair thángadar isteach le tuairisg fhagháil ar an bhfeis. Ní hiongnadh ar bith é sin, mar ní indiu ná indé do thugadar fá deara an fháillighe sin do dhéanamh. Is chóir do chraoibh na Gaillimhe a bheith áthasach fá fheabhas is bhí an fheis i mbliadhna thar mar bhí sí i n-uraidh, & is maith do shaothruigh cuid aca í. Maidir le baile na Gaillimhe féin chítear dhúinn go bhfuil sé ag dul síos an cnoc gach uile lá. B'éidir gur b'in é an fáth a raibh uamhan ar mhuinntir an bhaile a theacht go dtí an fheis ar eagla dhá ndéanaidís gluaiseacht chroidheamhail ar bith go sgiorfadh síos 'san tubaiste ar fad. Rinneamar féin agus cara linn cóimhreamh ar cé mhéad is fiú a bhfuil do Ghaedhilg i nGaillimh & sé an rud do dheineamar amach go bhfuil luach míle punnt 'san mbliadhain ann, dá shaothrogh- taidhe í. Ní'l mórán le cois leath scór nó scór do lucht na siopaí nach bhféadfadh Gaedhilg a labhairt, agus dhá labhraidís í & éadan Gaedhealach a chur ar an mbaile thiocfadh cion míle punnt do dhaoinibh chuca gach bliadhain leis an teanga 'fhoghluim, acht an té nach gcabhruigheann leis féin ní chabhruigheann Dia ná duine leis. Níl an oiread fearamhlacht ionnta agus go seasfadh éinneach aca amach go dána ar son na Gaedhilge ar fhaitchíos go ndéanfadh éinneach eile gáiridh faoi. Go bhfóiridh Dia orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services