An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 30, 1902
Feis Chonnacht
Níor shásuigh gluaiseacht Chonnacht i gcúis na teangadh
sin go dtí i mbliadhna. Tá baile & conndae na
Gaillimhe & conndae Rascomáin ag brostughadh & ag
bogadh amach go maith le goirid. Maidir le conndae
Mhuigheó, go bhfóiridh Dia orainn, ní feasach sinn gur
mhothuigheadar an Fheis a bheith ann i n-éan chór
diomaoidhte d'fhear amháin as Béal an Átha do fuair
duais i litridheacht. Bhí an tAthair Ua hEidhin, & an
tAthair Ua Muinille as Sligeach ann, & go bhfágaidh
Dia a sláinte ag an Athair Ua Criocháin as
Ailfinne, bhí sé féin ann, agus thug sé buidhean
chreideamhnach leis as an áit sin ar aisdear
fada. Marach iad-san agus Clann Bhraonáin as
ceanntar bhaile Rascomáin, badh le muinntir na
Gaillimhe an Fheis. Ní clos dúinn go raibh éinneach as
Liathdruim ann. Is cumasach an méid cainnte nach
mór a dhéanamh le lucht an chúigidh seo fós sul bhéas
siad Gaedhealach mhór-mhór le muinntir Mhuigheó ag a
bhfuil an Ghaedhilg go fóill. Dubhairt uachtarán craoibhe
na Gaillimhe féin gur Féis na Gaillimhe & Rosa Comáin
badh chóir a thabhairt uirri, & bhí an ceart aige.
Acht i dtaoibh na feise féin, is iongantach mar
d'éirigh leó. Bhí suas le deich nduine fhiceadh ann
istigh ar aisdibh sgríbhneóireachta, & rud is fearr ná
sin dubhairt duine do na breitheamhain go raibh furmhór
na n-aisdí go han-mhaith. Thug sé moladh mór éigin
dóibh, nach cuimhneach linn anois, acht tá áthas orainn
gur thuilleadar é. Tiocfaidh slacht fós ar an gcúig-
eadh soin má leanann ná sgríbhneóirí d'á láimh. Níor
mhisde dhóibh greann, orthacha, sean-phaidreacha, amhráin
& neithe eile do'n chineál soin a sgríobh' síos ó na
sean-daoinibh & thiubhradh sin le teasbáint dóibh-sean
go bhfuil athrughadh ar an saoghal, & meas ar an
nGaedhilg. Chítear dhúinn go raibh na breitheamhain rud
beag ró-dhian ar lucht na n-amhráin. Ní móide go raibh
an blas chomh beacht ag cuid aca-san & tá sé ag
Gaedhilgeóir, acht dar ndóigh cuirfidh sé droch-mhisneach
orra, taréis chomh díocasach is d'oibrigheadar ar feadh
na bliadhna. Ní fiú deich triof gach a bhfuil do ringce
i gConnachta, sé sin, muna cúileacht atá ar na
ringceóiribh. Bhí éan-bhean amháin ann atá go toghtha,
acht b'fhearr le daoinibh eile bheith ag ringce ar
pháipéar, & ag déanamh fothrom gan mhaith.
Rinne an tAthair Ua Beirn casaoid ar lucht na
bpáipéar nuaidheacht fá an fhaillighe do rinneadar ar
an bhfeis. Deir sé go raibh leath na hoibre thart an
dara lá, 'nuair thángadar isteach le tuairisg fhagháil
ar an bhfeis. Ní hiongnadh ar bith é sin, mar ní indiu
ná indé do thugadar fá deara an fháillighe sin do
dhéanamh.
Is chóir do chraoibh na Gaillimhe a bheith áthasach fá
fheabhas is bhí an fheis i mbliadhna thar mar bhí sí i
n-uraidh, & is maith do shaothruigh cuid aca í.
Maidir le baile na Gaillimhe féin chítear dhúinn go
bhfuil sé ag dul síos an cnoc gach uile lá. B'éidir
gur b'in é an fáth a raibh uamhan ar mhuinntir an bhaile
a theacht go dtí an fheis ar eagla dhá ndéanaidís
gluaiseacht chroidheamhail ar bith go sgiorfadh síos 'san
tubaiste ar fad. Rinneamar féin agus cara linn
cóimhreamh ar cé mhéad is fiú a bhfuil do Ghaedhilg i
nGaillimh & sé an rud do dheineamar amach go bhfuil
luach míle punnt 'san mbliadhain ann, dá shaothrogh-
taidhe í. Ní'l mórán le cois leath scór nó scór
do lucht na siopaí nach bhféadfadh Gaedhilg a labhairt,
agus dhá labhraidís í & éadan Gaedhealach a chur ar an
mbaile thiocfadh cion míle punnt do dhaoinibh chuca gach
bliadhain leis an teanga 'fhoghluim, acht an té nach
gcabhruigheann leis féin ní chabhruigheann Dia ná duine
leis. Níl an oiread fearamhlacht ionnta agus go
seasfadh éinneach aca amach go dána ar son na
Gaedhilge ar fhaitchíos go ndéanfadh éinneach eile
gáiridh faoi. Go bhfóiridh Dia orainn.