Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Focail ó'n Mumhan
Title
Focail ó'n Mumhan
Author(s)
Ó Muireasdha, Séamas,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Focail ó'n Mumhan Deir ár namhaid linn ná fuil an teanga Ghaedhilge oireamhnach do mhuinntir na hÉireann fá láthair ar an adhbhar nach féidir le Muimhneach Connachtach a thuig- sint, ná le fear ó Chúig Uladh an Muimhneach a thuig- sint. Anois, nuair a thosnuigheas ag léigheamh na Gaedhilge ar dtúis 'sa' “Chlaidheamh,” theangmhuigh mórán focal liom nár chloiseas riamh roimhe sin, &, nuair a léighinn dos na sean-Ghaedhilgeóirí iad, ní thuigidís acht an oiread iad. Deiridís liom go raibh an Ghaedhilg dá lot ag muinntir Bhaile Átha Cliath & gur bí cainnt na gConnachtach bhí ag teacht ins na leabhraibh. Tar éis tamaill thuigeas brigh na bhfocal sin — & an ndéarfaidh éinne liom gur loiteadar mo chuid Gaedhilge? Ní'l aon mhaith bheith a d'iarraidh é sin a chur 'na luighe orra (na sean-Ghaedhilgeóirí), agus d'imrigheas cleas eile orra annsoin. Nuair a bhínn ag léigheamh sgéil as an bpáipéar, chuirinn focail na Mumhan isteach i n-áit na “stroinséirí,” &, dar fiadh! adubhradar liom go raibh “muinntir Bhaile Átha Cliath” ag dul i bhfeabhas! Ó shoin i leith ní'l locht le fagháil ar mhuinntir an “Chlaidhimh,” acht árd-mholadh; go deimhin, dá mbeidís ag éisteacht leo bheadh luisne 'na' ngruadhannaibh. Tá locht eile le fagháil ag na daoinibh óga orainn (ní'l ionnam féin acht páisde gan chéill), ní féidir linn Gaedhilg a chur ar fhocail mar seo — train, electricity, steam-engine, steamer, etc., agus, dá bhrígh sin, táid siad cinnte ná fuil an teanga oireamhnach dóibh. Ná déanfadh “míreán” Gaedhilg do'n train, mar dár ndóigh bíonn sí ag imteacht ar mire! Nár bh'fhéidir focail a cheapadh díreach mar rinne bacaigh an Bhéarla. Arís tá locht eile ar na hamhránuidhthibh — “Bíonn siad ag gabháil na n-amhrán d'réir nótaidhe Béarla.” Sin mar adubhairt ceann dos na sean-daoinibh liom, agus gur ghalántacht ba cionntach leis. Go deimhin ní fheadar mé aon rud mar gheall ar cheóil; &, ar an adhbhar sin, ní dhéarfadh a thuilleadh, mar is binn an béal a bhíos iadta. Acht sin í tuairim na ndaoine d'airigh amhráin 'sa' sean- slighe, & bhíodh sí agaibh. Níor airigheas riamh “lá ar an bhárach,” annso. 'Sé adeir ná daoine go coitcheannta ná “dar ná bhárach” (bíonn an “r” caol, mar seo “bháireach”) I n-áit “i gcomhair na maidne,” deirid “i gcomhcar na maidin.” Chonnaic an focal so “cóimhthionól” go minic 'sa' “Chlaidheamh,” & is dóigh liom gur b'é sin an focal go nglaodhann siad “cúthalún” air ar fuaid na Mumhan. Nuair bheidís ag rádh “iorball an chait,” dhéarfaidís “chuit”; & déanann siad “duiris” do “dorais” 'sa' chás geineamhnach. Arís, nuair a bhéidís ag rádh “timcheall an locha,” dhéarfaidís “timcheall na loiche.” (Tá an t-ainm-fhocal so buineann tim- cheall na háite seo). Tá go leór focail mar sin, agus tá deithfir idir an fhuaim a thugamaoid-ne is na Con- nachtaigh dóibh. Acht is féidir linn gach aon sórt Gaedh- ilge a bheith againn. Ní haon ualach í. Séamas Ó Muireasdha. Lios Mór
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services