Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Focail ó'n Mumhan

Title
Focail ó'n Mumhan
Author(s)
Ó Muireasdha, Séamas,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Focail ó'n Mumhan



Deir ár namhaid linn ná fuil an teanga Ghaedhilge
oireamhnach do mhuinntir na hÉireann fá láthair ar an
adhbhar nach féidir le Muimhneach Connachtach a thuig-
sint, ná le fear ó Chúig Uladh an Muimhneach a thuig-
sint. Anois, nuair a thosnuigheas ag léigheamh na
Gaedhilge ar dtúis 'sa' “Chlaidheamh,” theangmhuigh
mórán focal liom nár chloiseas riamh roimhe sin, &,
nuair a léighinn dos na sean-Ghaedhilgeóirí iad, ní
thuigidís acht an oiread iad. Deiridís liom go raibh
an Ghaedhilg dá lot ag muinntir Bhaile Átha Cliath &
gur bí cainnt na gConnachtach bhí ag teacht ins na
leabhraibh. Tar éis tamaill thuigeas brigh na bhfocal
sin — & an ndéarfaidh éinne liom gur loiteadar mo
chuid Gaedhilge? Ní'l aon mhaith bheith a d'iarraidh é
sin a chur 'na luighe orra (na sean-Ghaedhilgeóirí), agus
d'imrigheas cleas eile orra annsoin. Nuair a bhínn
ag léigheamh sgéil as an bpáipéar, chuirinn focail na
Mumhan isteach i n-áit na “stroinséirí,” &, dar fiadh!
adubhradar liom go raibh “muinntir Bhaile Átha Cliath”
ag dul i bhfeabhas! Ó shoin i leith ní'l locht le fagháil
ar mhuinntir an “Chlaidhimh,” acht árd-mholadh; go
deimhin, dá mbeidís ag éisteacht leo bheadh luisne 'na'
ngruadhannaibh. Tá locht eile le fagháil ag na daoinibh
óga orainn (ní'l ionnam féin acht páisde gan chéill),
ní féidir linn Gaedhilg a chur ar fhocail mar seo —
train, electricity, steam-engine, steamer, etc., agus,
dá bhrígh sin, táid siad cinnte ná fuil an teanga
oireamhnach dóibh. Ná déanfadh “míreán” Gaedhilg
do'n train, mar dár ndóigh bíonn sí ag imteacht ar
mire! Nár bh'fhéidir focail a cheapadh díreach mar
rinne bacaigh an Bhéarla. Arís tá locht eile ar na
hamhránuidhthibh — “Bíonn siad ag gabháil na n-amhrán
d'réir nótaidhe Béarla.” Sin mar adubhairt ceann
dos na sean-daoinibh liom, agus gur ghalántacht ba
cionntach leis. Go deimhin ní fheadar mé aon rud
mar gheall ar cheóil; &, ar an adhbhar sin, ní dhéarfadh
a thuilleadh, mar is binn an béal a bhíos iadta. Acht
sin í tuairim na ndaoine d'airigh amhráin 'sa' sean-
slighe, & bhíodh sí agaibh.



Níor airigheas riamh “lá ar an bhárach,” annso. 'Sé
adeir ná daoine go coitcheannta ná “dar ná bhárach”
(bíonn an “r” caol, mar seo “bháireach”) I n-áit
“i gcomhair na maidne,” deirid “i gcomhcar na
maidin.” Chonnaic an focal so “cóimhthionól” go minic
'sa' “Chlaidheamh,” & is dóigh liom gur b'é sin an focal
go nglaodhann siad “cúthalún” air ar fuaid na
Mumhan. Nuair bheidís ag rádh “iorball an chait,”
dhéarfaidís “chuit”; & déanann siad “duiris” do
“dorais” 'sa' chás geineamhnach. Arís, nuair a bhéidís
ag rádh “timcheall an locha,” dhéarfaidís “timcheall
na loiche.” (Tá an t-ainm-fhocal so buineann tim-
cheall na háite seo). Tá go leór focail mar sin, agus
tá deithfir idir an fhuaim a thugamaoid-ne is na Con-
nachtaigh dóibh. Acht is féidir linn gach aon sórt Gaedh-
ilge a bheith againn. Ní haon ualach í.



Séamas Ó Muireasdha.
Lios Mór

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services