Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Thairis - Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Title
Sgéalta Thairis - Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Thairis Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill Seo leabhar do chuir an tAthair Donnchadh Ua Murchadha, do Chumann Íosa, i n-eagar seacht mbliadhna ó shoin, acht ní dóigh go bhfuil aithne chomh maith air agus do thuilleann sé. Sé Lughaidh Ó Cléirigh do sgríobh an cunntas ar an mbeathaidh, & níl an Ghaedhilg so-léighte i n-éan chor, acht d'aistrigh an tAthair Ua Murchadha í go Béarla, & sgríobh sé nótaí ar neithibh stardha air ar thrácht Lughaidh. 'Na theannta soin chuir an tEagarthóir Reamhrádh leis, ag foillsiughadh imtheachta na haimsire sin, & ag míniughadh ceisteanna do leig an Cléireach thairis nó nár bhain go dlúth lena chuid féin do'n obair. Tugann an reamhrádh & an t-aistriughadh i n-éinfheacht sár-chunntas ar Aodh Ruadh i mBéarla, & ar stríocáil na haimsire inar mhair sé. Ní raibh sé acht 'na sgurach nuair do mealladh é féin & cuid dá cháirde ar bhord luinge, agus nuair fríoth an deis orra buaileadh glais orra, & crochadh 'un bealaigh iad go Baile Átha Cliath. Caitheadh isteach i gcarcair, sé sin le rádh, i bpríosún iad. D'éaluigh Aodh Ruadh faoi cheann tamaill, acht rugthas arís air, acht d'éaluigh sé ath-uair, & thug sé a bhealach leis a bhaile. Taréis briseadh Cinn tSáile cuireadh do'n Spáinn é le cabhair d'fhagháil ó Righ na Spáinne, acht tugadh nimh dhó san tír sin, & cuireadh 'un bais é i dtús a óige. Sin neithe ar cheart eólas cruinn do bheith orra i nÉirinn. Ó thárla an Ghaedhilg do-léighte níor mhisde í d'aithsgríobh, & d'aistriughadh go Gaedhilg an ama so agusa déanamh so-léighte do pháisdibh sgoil ean lae indiu. Tá an leabhar le fagháil ar choróin ó na foillsightheóiribh, Muinntir Fhalamhuin agus a gCuideachta, i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services