Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéalta Thairis - Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill

Title
Sgéalta Thairis - Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Sgéalta Thairis



Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill



Seo leabhar do chuir an tAthair Donnchadh Ua
Murchadha, do Chumann Íosa, i n-eagar seacht mbliadhna
ó shoin, acht ní dóigh go bhfuil aithne chomh maith air agus
do thuilleann sé. Sé Lughaidh Ó Cléirigh do sgríobh an
cunntas ar an mbeathaidh, & níl an Ghaedhilg so-léighte
i n-éan chor, acht d'aistrigh an tAthair Ua Murchadha í
go Béarla, & sgríobh sé nótaí ar neithibh stardha air ar
thrácht Lughaidh. 'Na theannta soin chuir an tEagarthóir
Reamhrádh leis, ag foillsiughadh imtheachta na haimsire
sin, & ag míniughadh ceisteanna do leig an Cléireach
thairis nó nár bhain go dlúth lena chuid féin do'n obair.
Tugann an reamhrádh & an t-aistriughadh i n-éinfheacht
sár-chunntas ar Aodh Ruadh i mBéarla, & ar stríocáil
na haimsire inar mhair sé. Ní raibh sé acht 'na sgurach
nuair do mealladh é féin & cuid dá cháirde ar bhord
luinge, agus nuair fríoth an deis orra buaileadh glais
orra, & crochadh 'un bealaigh iad go Baile Átha Cliath.
Caitheadh isteach i gcarcair, sé sin le rádh, i bpríosún
iad. D'éaluigh Aodh Ruadh faoi cheann tamaill, acht
rugthas arís air, acht d'éaluigh sé ath-uair, & thug sé a
bhealach leis a bhaile. Taréis briseadh Cinn tSáile
cuireadh do'n Spáinn é le cabhair d'fhagháil ó Righ na
Spáinne, acht tugadh nimh dhó san tír sin, & cuireadh 'un
bais é i dtús a óige. Sin neithe ar cheart eólas
cruinn do bheith orra i nÉirinn. Ó thárla an Ghaedhilg
do-léighte níor mhisde í d'aithsgríobh, & d'aistriughadh go
Gaedhilg an ama so agusa déanamh so-léighte do
pháisdibh sgoil ean lae indiu. Tá an leabhar le fagháil
ar choróin ó na foillsightheóiribh, Muinntir Fhalamhuin
agus a gCuideachta, i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha
Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services