Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Eochaille
Title
Feis Eochaille
Author(s)
Mac Suibhne, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Eochaille Ní raibh níos lugha na ceithre mhíle duine ar an bhfaithche ghlas i nEochaill Dia Domhnaigh ag an bhfeis. Is comhartha é sin go bhfuil na daoine ag cur spéise ins na feiseannaibh agus go mór-mhór ins an gcuid aca do bhíonn amuigh fé'n spéir. Tá rud le foghluim ag muinntir na teangan as an nídh sin, agus sé gur chóir Feis do bheith ag gach uile chraobh uair 'sa' mbliadhain. Chuirfeadh a leithéid sin i n-umhail do chách go raibh lucht stiúrtha na craoibhe dáríribh, agus go raibh an croidhe 'san obair aca agus chuirfeadh sé na craobhacha i n-iomaigh le na chéile 'fhéachaint cia aca a b'fhearr a mbéadh Feis aici. Ghríosfadh sé an aos óg chum foghluma le súil go bhfaghaidís duaiseanna ag an bhfeis, mar is beag duine nach mbíonn dúil aige an barr d'fhagháil ins an ngleó ós comhair an phobail. Dhéanfadh sé na craobhacha do láidriughadh agus breis comhaltaí do thabhairt chúcha. Níor mhór na feiseanna do bheith go maith ar dtús & do bheith ag dul i bhfeabhas as san amach; mar, má's rud é go leigfear chum deiridh iad, caillfidh na daoine a dtaithneamh ionnta agus ní leanfaidh siad ag teacht chúcha. Bhí na comórtaisí go dian i nEochaill agus ba chruaidh an obair dos an breithimh na daoine do b' fhearr a thoghadh. Níor chualas féin na hamhráin, acht deirtear liom gur cuireadh na breithimh chum a ndíchill leis an bhfeabhas do bhí ar mhór-chuid des na iomaigh- theóiribh. Ba é an sgéal céadna é leis an rinnceóir- eacht & i dtaoibh an aithriseóireacht tá eólas cruinn ar sin agam mar gur orm féin & ar bheirt eile do bhí é do bhreithniughadh. Bhí timcheall naonbhar aca a raibh an blas & an fhuaim aca gan dearmad acht bhí cuid aca ní b'fhearr ná 'chéile chum spioraid & fuinneamh do chur sa chainnt & an brigh bhí innte do chur i n-umhail do chách. Ba sin iad an mhuinntir do fuair na duaiseanna. Chuir deichniubhar a n-ainmneacha isteach ar óráideacht acht níor tháinig acht triúr aca ag cainnt. Bhí an triúr go maith & chomh fada le beirt aca ní raibh sé ar ár gcumas a rádh cia aca a b'fhearr. Sé is mó theasduigheann uatha ins an gcomórtas so ná ciall & tuigsint & éirim do bheith le na gcuid cainnte. Nuair thosnuigheann an comórtas so bailigh- eann na sean-Ghaedhilgeóirí timcheall an árdáin ag éisteacht & tá meabhair & tuigsint mhaith aca so & géar- chúiseacht nach bhfuil ar aon chor ag muinntir an Bhéarla. Dá bhrigh sin ní theasduigheann uatha ar chór ar bith bheith ag éisteacht le ráiméis chainnte nach bhfuil innte acht glór. Ní theasduigheann focail fhada dhreimireacha uatha nach prad & más mian leis an gcainnteóir iad do shásamh ní mór do bheith deagh-mheabhrach ciallmhar. Ná tuigeadh aoinne uaim go raibh ráiméis ná glór gaoithe ag an dtriúr úd i nEochaill. Ní hamhlaidh bhí acht eólas cruinn léir aca ar an gceist do bhí idir lámhaibh & an Ghaedhilg ag teacht uatha go breágh bog binn. Acht is minic mé ag éisteacht le ráiméis cainnte i nGaedhilg chomh maith le i mBéarla & ó bhíos ag trácht ar óráideacht cheapas go ndéarfainn focal ar an taobh so de'n cheist. Tá buidheachas mór tuillte ag an mhuinntir go bhailigh le chéile an chruinniughadh breágh san. Ní cuirfead síos ainm aoinne le heagla go mbéinn ag dearmad duine éigin eile b'fhéidir chomh-maith. Tá súil agam go gcuirfidh obair an Domhnaigh ar a leas muinntir Eochaille i dtaobh na Gaedhilge. Níl leath ná trian ba cheart déanta ar son na teanga ins an mbaile sin na hoibre. Tá daoine ann atá chomh ceanamhail ar an nGaedhilg le haon daoinibh san tír, acht ní féidir an baile go hiomlán do mhúsgailt. Tá spioraid na haithrise & spioraid na seóinínteachta ró- dhaingean ann fós, acht b'fhéidir go dtiocfadh athrughadh sgéil tar éis an Domhnaigh. Tiocfaidh aon mhaith amháin as pé 'r domhan é. Tá cuid mhaith airgid ag lucht na Feise anois agus táthar chum an airgid sin do chaitheamh ar dhuaiseannaibh le haghaidh na leanbh ins na sgoileannaibh, chum iad do chur ag labhairt Gaedhilge d'réir módh Guirt Ruaidh. Bhí cuirm- cheóil aca tar éis na Feise acht bhí bóthar fada le taisdeal againne go Mainistir Fhearmuighe agus bhí sé ró-déighionach chum fuireach leis. Léigheas an clár agus ceapaim go raibh an iomarca Béarla air. Bhí sluagh mór daoine i nEochaill an lá úd a thuigfeadh Gaedhilg go breágh, acht is dócha gur ar son daoine uaisle an bhaile cuireadh na hamhráin Gall-Ghaedhealach so go léir ar an gclár. Tá daoine na tíre seo fada go leór ar crith eagla roimh daoinibh uaisle an bhaile — daoine nach bhfuil Gallda ná Gaedhealach — agus is mithid do'n nGaedheal seasamh ar a aigne féin arís, a chos a chur i dtalamh, agus a rádh ná béidh aige acht a theanga féin lá feise pé 'n Éirinn é. Ní raibh aon chomórtas do'n aos óg ag feis an Domhnaigh, acht tá sé socair ag an gcoiste ceann ar leith do bheith aca le haghaidh na leanbh i gceann mí nó dhó. Is maith é sin agus tá muinighin agam go mbéidh an oiread daoine ag breathnughadh ar an obair agus do bhí Dia Domhnaigh. Pádraig Mac Suibhne
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services