Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Eochaille

Title
Feis Eochaille
Author(s)
Mac Suibhne, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Eochaille



Ní raibh níos lugha na ceithre mhíle duine ar an
bhfaithche ghlas i nEochaill Dia Domhnaigh ag an bhfeis.
Is comhartha é sin go bhfuil na daoine ag cur spéise
ins na feiseannaibh agus go mór-mhór ins an gcuid
aca do bhíonn amuigh fé'n spéir. Tá rud le foghluim
ag muinntir na teangan as an nídh sin, agus sé gur
chóir Feis do bheith ag gach uile chraobh uair 'sa'
mbliadhain. Chuirfeadh a leithéid sin i n-umhail do
chách go raibh lucht stiúrtha na craoibhe dáríribh, agus
go raibh an croidhe 'san obair aca agus chuirfeadh sé
na craobhacha i n-iomaigh le na chéile 'fhéachaint cia
aca a b'fhearr a mbéadh Feis aici. Ghríosfadh sé an
aos óg chum foghluma le súil go bhfaghaidís duaiseanna
ag an bhfeis, mar is beag duine nach mbíonn dúil aige
an barr d'fhagháil ins an ngleó ós comhair an phobail.
Dhéanfadh sé na craobhacha do láidriughadh agus breis
comhaltaí do thabhairt chúcha. Níor mhór na feiseanna
do bheith go maith ar dtús & do bheith ag dul i bhfeabhas
as san amach; mar, má's rud é go leigfear chum
deiridh iad, caillfidh na daoine a dtaithneamh ionnta
agus ní leanfaidh siad ag teacht chúcha.



Bhí na comórtaisí go dian i nEochaill agus ba
chruaidh an obair dos an breithimh na daoine do b'
fhearr a thoghadh. Níor chualas féin na hamhráin, acht
deirtear liom gur cuireadh na breithimh chum a ndíchill
leis an bhfeabhas do bhí ar mhór-chuid des na iomaigh-
theóiribh. Ba é an sgéal céadna é leis an rinnceóir-
eacht & i dtaoibh an aithriseóireacht tá eólas cruinn ar
sin agam mar gur orm féin & ar bheirt eile do bhí é
do bhreithniughadh. Bhí timcheall naonbhar aca a raibh
an blas & an fhuaim aca gan dearmad acht bhí cuid aca
ní b'fhearr ná 'chéile chum spioraid & fuinneamh do
chur sa chainnt & an brigh bhí innte do chur i n-umhail do
chách. Ba sin iad an mhuinntir do fuair na duaiseanna.
Chuir deichniubhar a n-ainmneacha isteach ar óráideacht
acht níor tháinig acht triúr aca ag cainnt. Bhí an triúr
go maith & chomh fada le beirt aca ní raibh sé ar ár
gcumas a rádh cia aca a b'fhearr.



Sé is mó theasduigheann uatha ins an gcomórtas so
ná ciall & tuigsint & éirim do bheith le na gcuid
cainnte. Nuair thosnuigheann an comórtas so bailigh-
eann na sean-Ghaedhilgeóirí timcheall an árdáin ag
éisteacht & tá meabhair & tuigsint mhaith aca so & géar-
chúiseacht nach bhfuil ar aon chor ag muinntir an Bhéarla.
Dá bhrigh sin ní theasduigheann uatha ar chór ar bith
bheith ag éisteacht le ráiméis chainnte nach bhfuil innte
acht glór. Ní theasduigheann focail fhada dhreimireacha
uatha nach prad & más mian leis an gcainnteóir iad
do shásamh ní mór do bheith deagh-mheabhrach ciallmhar.
Ná tuigeadh aoinne uaim go raibh ráiméis ná glór
gaoithe ag an dtriúr úd i nEochaill. Ní hamhlaidh bhí
acht eólas cruinn léir aca ar an gceist do bhí idir
lámhaibh & an Ghaedhilg ag teacht uatha go breágh bog
binn. Acht is minic mé ag éisteacht le ráiméis
cainnte i nGaedhilg chomh maith le i mBéarla & ó bhíos
ag trácht ar óráideacht cheapas go ndéarfainn focal
ar an taobh so de'n cheist.



Tá buidheachas mór tuillte ag an mhuinntir go bhailigh
le chéile an chruinniughadh breágh san. Ní cuirfead
síos ainm aoinne le heagla go mbéinn ag dearmad
duine éigin eile b'fhéidir chomh-maith. Tá súil agam
go gcuirfidh obair an Domhnaigh ar a leas muinntir
Eochaille i dtaobh na Gaedhilge. Níl leath ná trian
ba cheart déanta ar son na teanga ins an mbaile
sin na hoibre. Tá daoine ann atá chomh ceanamhail
ar an nGaedhilg le haon daoinibh san tír, acht ní
féidir an baile go hiomlán do mhúsgailt. Tá
spioraid na haithrise & spioraid na seóinínteachta ró-
dhaingean ann fós, acht b'fhéidir go dtiocfadh
athrughadh sgéil tar éis an Domhnaigh. Tiocfaidh aon
mhaith amháin as pé 'r domhan é. Tá cuid mhaith
airgid ag lucht na Feise anois agus táthar chum an
airgid sin do chaitheamh ar dhuaiseannaibh le haghaidh
na leanbh ins na sgoileannaibh, chum iad do chur ag
labhairt Gaedhilge d'réir módh Guirt Ruaidh. Bhí cuirm-
cheóil aca tar éis na Feise acht bhí bóthar fada le
taisdeal againne go Mainistir Fhearmuighe agus
bhí sé ró-déighionach chum fuireach leis. Léigheas an
clár agus ceapaim go raibh an iomarca Béarla air.
Bhí sluagh mór daoine i nEochaill an lá úd a thuigfeadh
Gaedhilg go breágh, acht is dócha gur ar son daoine
uaisle an bhaile cuireadh na hamhráin Gall-Ghaedhealach
so go léir ar an gclár. Tá daoine na tíre seo fada
go leór ar crith eagla roimh daoinibh uaisle an bhaile —
daoine nach bhfuil Gallda ná Gaedhealach — agus is
mithid do'n nGaedheal seasamh ar a aigne féin arís, a
chos a chur i dtalamh, agus a rádh ná béidh aige acht a
theanga féin lá feise pé 'n Éirinn é. Ní raibh aon
chomórtas do'n aos óg ag feis an Domhnaigh, acht tá
sé socair ag an gcoiste ceann ar leith do bheith aca le
haghaidh na leanbh i gceann mí nó dhó. Is maith é sin
agus tá muinighin agam go mbéidh an oiread daoine ag
breathnughadh ar an obair agus do bhí Dia Domhnaigh.



Pádraig Mac Suibhne

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services