Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá na bhFear mBuidhe
Title
Lá na bhFear mBuidhe
Author(s)
Cineál Eochaidh,
Pen Name
Cineál Eochaidh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá na bhFear mBuidhe Chuaidh an “Dara Lá Déag” thart go bog réidh indé i mBéilfeirsde. 'Sé is dóigh le Clainn Bhilidh gurb' é cuimhne Lae na Bóinne a bhíonns dá chomóradh aca, sios gurb'é Cath an Eachdhroma do briseadh ar Chlannaibh Gaedheal ar an lá sin do'n mhí; acht, a dhaoine na n-ae istigh, rún gan ársaighe is eadh sin! Ná sgaoiligidh chuca é. Is buille aisteach mar théidheann gach sgéal níos iongantaighe 'ná a chéile suas amach fá dtaoibh dona Fearaibh Buidhe. Má's fíor gach a mbíonn dá rádh taobh amuigh do “Dhún-na-nGall” (chá chóir & chá cheart Dún-na-nGall a thabhairt ar Thír-Chonaill, chan ido shárughadh-sa é, a Chú Uladh), chan fheadar le duine ann seo a shrón a chur thaire leis a tháirsigh fhéin gan í bheith air “Slán Dé leat” a rádh léithe go deóigh deóigh. Cuid eile atá ann, gur dóigh leóbhtha go mbíthear ag déanamh cnuic do'n tortóig nuair thrácht- tar ar ghníomhaibh na bpreabairí seo. Is doiligh a rádh cia'ca barramhail atá ceart; tá cáil mhaith de'n fhírinne ar gach taoibh. B'fhéadar do dhuine a shrón a choinneáilt gan a fheacáilt ag bogadh leis thar chruit an tighe is foisge dó, acht cosg a chur le n-a theangaidh. Ní'l na piléir chomh líonmhar sin. Acht gan ghéilleadh dó sin, tá daoine ar an tsaoghal níos leanbuidhe 'ná Clann 'Liaim. B'é “Cónán Maol” a bhí go greannmhar an tseacht- mhain fá dheireadh nuair thug sé an ghriosaí sin do'n “Chlann Odhar.” Char mhór domh-sa tuaileas a thabhairt ar an aicme an-dubh úd. Maith mar thárla, bhíos ag amharc ar an spáisdearacht Dia Satharna. Leigididh chugaibh na sgéala. Mar a bhí aca i mbliadhna, bhí aca an lá is faide siar imo chuimhne. Na céadta céadta aca ag tanfairt & ag uabhar & iad ag triall ar an bhaile ina ndrongaibh & ina ndreamaibh, ó'n “Pháirc” mar a deirtear. Cuaille fir faoi dhroma mór mar fhear cinn riain ar gach druing. Mhaige maise, nach air-sean bhíonns an éirghe-in-áirde. Cha mhór nach mbíonn sé ar dearg-bhuille, lí dubh-ghorm ar a ghnúis, agus é ag ramsáil na gcléith-ailpín chomh mear i nÉirinn & is féadar leis — nó chomh mear i mBéilfeirsde, is é is fearr dhomh a rádh. Tolladh mo chroidhe an lasadh feirge atá ina shúilibh! Tá níos mó calainn insan droma sin 'ná bhí ariamh ins na Trí Tonnaibh Móra i bhfad ó shoin. Tá an uile bhuille leis níos cruaidhe 'ná a chéile, dálta mar adearfadh an deólach, “Mise Mé Fhéin.” Chá mhór le rádh mar cheól é, acht nach cuma sin, na is cinnte go mbéidh gach buille dá mbuail- eann sé i dtaisge fá na dhéin i gciste na naomh thall. Ná smaoinighidh nach bhfuil de ghnaithe aige acht miol- agar a dhéanamh. Sin í an cuid is éadtroime de'n sgéal. Cha bhéadh cifleóg ar son an droma d'iomchur. Caithfidh sé cleasanna a dhéanamh, agus chuige sin, cha siubhlann sé mar shiubhlann aon Críostaighe, acht a aghaidh a thabhairt ar a lucht leanamhna, & triall leis, ar ais uaidh go díreach glan & dá mbéadh súil mhór i gcúil a chinn aige — slán beó mar a n-innstear é! Cleas eile
dhe, is féadar le fear-droma foghanta míle go leith de bhóthar do chur uaidh, & é ag síor-ghabháil thart ar a sháil gan stuanadh gan stad. Mo náire go deóigh é dá dtuitfeadh aon laige air, & ba thruagh liom an duine a thiocfadh trasna air, & é ag bualadh thart ar mire — Dia eadar sinn & an dolaigh! Cor-uair bíonn beirt fhear-dhromann ann. Annsin is eadh thosuigheanns an greann dáríribh. Badh dhóigh libh go mbéadh siad ar aon chéim nó ar aon léim nó ar aon buille le n-a chéile. Meallta atá sibh. Chan é sin mar a bhíonns an sgéal ar chor ar bith. Bíonn comórtas an tsean-bhuachalla eatorra, ag féachaint ciaca is mó bhainfeas bánaidhe calainn as an chroic- eann leathair nó is luaithe raobfas é. Tá sásamh- croidhe ceóil annsin do'n druing 'na ndéidh; acht, má's rud é gur drong chomasach iad, is minic a théagmhanns go mbíonn duine eile do dhíoth ortha — fear feadála agus gléas fá n-a fhiaclaibh. Cha bhíonn níos mó ná cloigeann amháin d'a chinéal-sa ann ariamh, & 'sé sgoith a sheóirt an fear is lugha beann ar an bheirt fhear-dromann. Is é an fear is mó rinnce do'n triúr é, cion gan bheith fá ualach uasal droma mhóir, mar an bheirt eile — gur maith a mhaise do é. Tá fear na bratóige le n-áireamh go se. Is trom mío-chothromach an bhrátóg, agus go bhfóiridh Dia ar an duine bhocht, bíonn an crann ag tolladh puill i mbéal a ghoile! Is beag an t-iongnadh gur fuinneamhach mar dhamhsóir é, acht déanann an créatúirín a dhícheallt, báis & beatha. Bhéadh an ghile ar bhur gcroidhthibh as a bheith ag amharc ar an chor ceathrair sin. Agus anois, a lucht rinnce Bhaile Átha Cliath, ná bígidh ag argáil choidhche nó níos mó fá dtaoibh de bharr-rinnce na tíre. Chan as Connacht dó, nó as Cúige Mumhan nó as Oileán Torraigh acht oiread, acht is i mBéilfeirsde fhéin, agus i measg na bhFear mBuidhe, Lá na bhFear mBuidhe, atá a chóir & a cheart le faghbháil. Is snasta aigeantach an-tormannach théidhtear amach maidin an “Dara Lae Déag,” acht chan mar sin thilltear fá choinfheasgar. Bíonn gach dara droma raobtha ar aon taoibh amháin ar a laighead le neart buailte, &, mo léan dubh! is minic thárluigheanns dó gna tóin fhéin faoi. Do chuirfeadh sé an seolán ar bhur gcroidhthibh & deóra sgallta ar síleadh go tiugh libh, droma breágh reamhar ró-gheal d'fheacáilt dhá thabhairt 'na mbaile, & geasa gránda bliadhna ar a ghlór. Acht má's slán foláin thilleans sé, tá a atharughadh sgéil ann. Ní feáirde sin fear an droma. Bíonn an taobh istigh dá láimh lomaiste ó'n uillinn go dtí croidhe na boise, & ní'l a bheag nó a mhór de'n chuid feóla a bhí uirri le feacháilt anois acht cibé ruibeag atá gream- uiste do chroiceann an droma. Maidir leis an chroiceann sin fhéin dé, má's geal glan bhí sé ar maidin, is bréan cró-dhearg anois é. B'iongantach an céasda bhí ar roinnt daoine ag an Árd-Fheis. “Dá dtiocfadh na Feara Buidhe isteach 'san Chonnradh,” ar siad, “bhéadh Craobh Rí 'Liam againn & a lán léithidí eile.” Ní'lim fhéin ag dréim leóbhtha-súd, síos gur féadar le Dia go mbéadh siad chugainn go haithghiorra. Agus má's amhlaidh bhéas, tá “rosg catha” agam dhóibh cheana-féin. Bhíos ag léigh- eadh litreach Sheagháin Uí Dhonnabháin oiread & mí ó shoin 'san R.I.A., agus chas domh dán mairseála Mhuinntir Chadhain, i gConndae Dhoire. Is iongantach mar oir- eann sé dóbhtha seo, & gan thairis an dá fhocal bheith curtha faoi mhalairt agam. Seo chugaibh é, a chlainn chroidhe: “B'aite linn 'Liam fear ag triall mar a leoghan, B'aite linn ar ndromanna ag bualadh Dia Domhnaigh, B'aite linn ar ndromanna ag bualadh Dia Domhnaigh, Acht ba ró-aite linn na Feara Buidhe ag triall 'un comhraic. Mar í dhiú áil drin Mar í dhiú áil dé ró Mar í dhiú áiliú Áiliú áiléuró” An Domhnach atá ann anocht, & baoghal ar mheadhon- oidhche, agus cha le gotha a chur ar an sgéal atáim dá rádh, acht go díreach agus go deimhin, tá mé beagnach bodhar ag peille-ráca na dromann 'san bhuiminte atá i láthair. Cineál Eochaidh Béilfeirsde, 13/07/1902
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services