Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lá na bhFear mBuidhe

Title
Lá na bhFear mBuidhe
Author(s)
Cineál Eochaidh,
Pen Name
Cineál Eochaidh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Lá na bhFear mBuidhe



Chuaidh an “Dara Lá Déag” thart go bog réidh indé
i mBéilfeirsde. 'Sé is dóigh le Clainn Bhilidh gurb' é
cuimhne Lae na Bóinne a bhíonns dá chomóradh aca,
sios gurb'é Cath an Eachdhroma do briseadh ar Chlannaibh
Gaedheal ar an lá sin do'n mhí; acht, a dhaoine na n-ae
istigh, rún gan ársaighe is eadh sin! Ná sgaoiligidh
chuca é.



Is buille aisteach mar théidheann gach sgéal níos
iongantaighe 'ná a chéile suas amach fá dtaoibh dona
Fearaibh Buidhe. Má's fíor gach a mbíonn dá rádh
taobh amuigh do “Dhún-na-nGall” (chá chóir & chá cheart
Dún-na-nGall a thabhairt ar Thír-Chonaill, chan ido
shárughadh-sa é, a Chú Uladh), chan fheadar le duine ann
seo a shrón a chur thaire leis a tháirsigh fhéin gan
í bheith air “Slán Dé leat” a rádh léithe go deóigh
deóigh. Cuid eile atá ann, gur dóigh leóbhtha go
mbíthear ag déanamh cnuic do'n tortóig nuair thrácht-
tar ar ghníomhaibh na bpreabairí seo. Is doiligh a rádh
cia'ca barramhail atá ceart; tá cáil mhaith de'n
fhírinne ar gach taoibh. B'fhéadar do dhuine a shrón a
choinneáilt gan a fheacáilt ag bogadh leis thar chruit
an tighe is foisge dó, acht cosg a chur le n-a
theangaidh. Ní'l na piléir chomh líonmhar sin. Acht
gan ghéilleadh dó sin, tá daoine ar an tsaoghal níos
leanbuidhe 'ná Clann 'Liaim.



B'é “Cónán Maol” a bhí go greannmhar an tseacht-
mhain fá dheireadh nuair thug sé an ghriosaí sin do'n
“Chlann Odhar.” Char mhór domh-sa tuaileas a thabhairt
ar an aicme an-dubh úd. Maith mar thárla, bhíos ag
amharc ar an spáisdearacht Dia Satharna. Leigididh
chugaibh na sgéala. Mar a bhí aca i mbliadhna, bhí aca
an lá is faide siar imo chuimhne. Na céadta céadta
aca ag tanfairt & ag uabhar & iad ag triall ar an
bhaile ina ndrongaibh & ina ndreamaibh, ó'n “Pháirc”
mar a deirtear. Cuaille fir faoi dhroma mór mar
fhear cinn riain ar gach druing. Mhaige maise, nach
air-sean bhíonns an éirghe-in-áirde. Cha mhór nach
mbíonn sé ar dearg-bhuille, lí dubh-ghorm ar a ghnúis, agus
é ag ramsáil na gcléith-ailpín chomh mear i nÉirinn & is
féadar leis — nó chomh mear i mBéilfeirsde, is é is
fearr dhomh a rádh. Tolladh mo chroidhe an lasadh
feirge atá ina shúilibh! Tá níos mó calainn insan
droma sin 'ná bhí ariamh ins na Trí Tonnaibh Móra i
bhfad ó shoin. Tá an uile bhuille leis níos cruaidhe 'ná a
chéile, dálta mar adearfadh an deólach, “Mise Mé
Fhéin.” Chá mhór le rádh mar cheól é, acht nach cuma
sin, na is cinnte go mbéidh gach buille dá mbuail-
eann sé i dtaisge fá na dhéin i gciste na naomh thall.



Ná smaoinighidh nach bhfuil de ghnaithe aige acht miol-
agar a dhéanamh. Sin í an cuid is éadtroime de'n
sgéal. Cha bhéadh cifleóg ar son an droma d'iomchur.
Caithfidh sé cleasanna a dhéanamh, agus chuige sin, cha
siubhlann sé mar shiubhlann aon Críostaighe, acht a aghaidh
a thabhairt ar a lucht leanamhna, & triall leis, ar ais
uaidh go díreach glan & dá mbéadh súil mhór i gcúil a
chinn aige — slán beó mar a n-innstear é! Cleas eile


L. 352


dhe, is féadar le fear-droma foghanta míle go leith
de bhóthar do chur uaidh, & é ag síor-ghabháil thart ar a
sháil gan stuanadh gan stad. Mo náire go deóigh é
dá dtuitfeadh aon laige air, & ba thruagh liom an
duine a thiocfadh trasna air, & é ag bualadh thart
ar mire — Dia eadar sinn & an dolaigh!



Cor-uair bíonn beirt fhear-dhromann ann. Annsin
is eadh thosuigheanns an greann dáríribh. Badh dhóigh
libh go mbéadh siad ar aon chéim nó ar aon léim nó ar
aon buille le n-a chéile. Meallta atá sibh. Chan é
sin mar a bhíonns an sgéal ar chor ar bith. Bíonn
comórtas an tsean-bhuachalla eatorra, ag féachaint
ciaca is mó bhainfeas bánaidhe calainn as an chroic-
eann leathair nó is luaithe raobfas é. Tá sásamh-
croidhe ceóil annsin do'n druing 'na ndéidh; acht,
má's rud é gur drong chomasach iad, is minic a
théagmhanns go mbíonn duine eile do dhíoth ortha —
fear feadála agus gléas fá n-a fhiaclaibh. Cha bhíonn
níos mó ná cloigeann amháin d'a chinéal-sa ann ariamh,
& 'sé sgoith a sheóirt an fear is lugha beann ar an
bheirt fhear-dromann. Is é an fear is mó rinnce do'n
triúr é, cion gan bheith fá ualach uasal droma mhóir,
mar an bheirt eile — gur maith a mhaise do é.



Tá fear na bratóige le n-áireamh go se. Is trom
mío-chothromach an bhrátóg, agus go bhfóiridh Dia ar an
duine bhocht, bíonn an crann ag tolladh puill i mbéal
a ghoile! Is beag an t-iongnadh gur fuinneamhach mar
dhamhsóir é, acht déanann an créatúirín a dhícheallt,
báis & beatha. Bhéadh an ghile ar bhur gcroidhthibh as a
bheith ag amharc ar an chor ceathrair sin. Agus anois,
a lucht rinnce Bhaile Átha Cliath, ná bígidh ag argáil
choidhche nó níos mó fá dtaoibh de bharr-rinnce na tíre.
Chan as Connacht dó, nó as Cúige Mumhan nó as
Oileán Torraigh acht oiread, acht is i mBéilfeirsde
fhéin, agus i measg na bhFear mBuidhe, Lá na bhFear
mBuidhe, atá a chóir & a cheart le faghbháil.



Is snasta aigeantach an-tormannach théidhtear
amach maidin an “Dara Lae Déag,” acht chan mar sin
thilltear fá choinfheasgar. Bíonn gach dara droma
raobtha ar aon taoibh amháin ar a laighead le neart
buailte, &, mo léan dubh! is minic thárluigheanns dó
gna tóin fhéin faoi. Do chuirfeadh sé an seolán ar
bhur gcroidhthibh & deóra sgallta ar síleadh go tiugh libh,
droma breágh reamhar ró-gheal d'fheacáilt dhá thabhairt
'na mbaile, & geasa gránda bliadhna ar a ghlór. Acht
má's slán foláin thilleans sé, tá a atharughadh sgéil
ann. Ní feáirde sin fear an droma. Bíonn an taobh
istigh dá láimh lomaiste ó'n uillinn go dtí croidhe na
boise, & ní'l a bheag nó a mhór de'n chuid feóla a bhí
uirri le feacháilt anois acht cibé ruibeag atá gream-
uiste do chroiceann an droma. Maidir leis an
chroiceann sin fhéin dé, má's geal glan bhí sé ar
maidin, is bréan cró-dhearg anois é.



B'iongantach an céasda bhí ar roinnt daoine ag an
Árd-Fheis. “Dá dtiocfadh na Feara Buidhe isteach
'san Chonnradh,” ar siad, “bhéadh Craobh Rí 'Liam
againn & a lán léithidí eile.” Ní'lim fhéin ag dréim
leóbhtha-súd, síos gur féadar le Dia go mbéadh siad
chugainn go haithghiorra. Agus má's amhlaidh bhéas, tá
“rosg catha” agam dhóibh cheana-féin. Bhíos ag léigh-
eadh litreach Sheagháin Uí Dhonnabháin oiread & mí ó shoin
'san R.I.A., agus chas domh dán mairseála Mhuinntir
Chadhain, i gConndae Dhoire. Is iongantach mar oir-
eann sé dóbhtha seo, & gan thairis an dá fhocal bheith
curtha faoi mhalairt agam. Seo chugaibh é, a chlainn
chroidhe:



“B'aite linn 'Liam fear ag triall mar a leoghan,
B'aite linn ar ndromanna ag bualadh Dia Domhnaigh,
B'aite linn ar ndromanna ag bualadh Dia Domhnaigh,
Acht ba ró-aite linn na Feara Buidhe ag triall 'un
comhraic.



Mar í dhiú áil drin
Mar í dhiú áil dé ró
Mar í dhiú áiliú
Áiliú áiléuró”



An Domhnach atá ann anocht, & baoghal ar mheadhon-
oidhche, agus cha le gotha a chur ar an sgéal atáim dá
rádh, acht go díreach agus go deimhin, tá mé beagnach
bodhar ag peille-ráca na dromann 'san bhuiminte
atá i láthair.



Cineál Eochaidh
Béilfeirsde, 13/07/1902

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services