Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Féadtar a rádh gurab é Gleann tSúiligh dúthaigh Choluimcille, mar tá mórán sean-sgéal agus sean- chuimhne ag ceangladh a anma leis an tír sin. Is i nGleann tSúiligh atá Tulach Dubhghlaise, an áit ar baisdeadh Colum Cille mar chuireas Naomh Mura in umhal dúinn 'sa' sean-rann úd: — “Rugadh i nGartan dá dheóin, Do hoileadh i gCill Mac nEoin, Do baisdeadh mac na maise, I dTulaigh de Dubhghlaise.” Sagart dar bh'ainm Cruithneachán Mac Ceallacháin do bhaisd Colum Cille ag Tulach Dubhghlaise, & thug sé Criomthan mar ainm baisdidh dhó. Ag so an cunntas tugtar ar an bhfáth gur athruigheadh a ainm: “Do bháisd an t-uasal-sagart .i. Cruithneachán Mac Ceallacháin é ar n-a bhreith i gceadóir, & thug Criomh- than mar ainm air, & d'oil agus do choimhéad é iar sin amhail a dubhradar ainglí Dé leis. Agus is ionnán Criomhthan le rádh 'sa' Ghaedhilg agus ‘cealgach’ nó ‘sionnach’ 'sa' Laidin. Gidheadh do chonnacas le Dia cumhachtach nár chneasda & nár b'iomchubhaidh do chailidh- eacht agus do mhaitheas an mhacaoimh naomhtha sin an t-ainm seo do bheith air, & do chuir Sé i gcroidhibh agus i meanmain na leanbh & na macaomh do bhíodh ag cluiche & ag súgradh leis Colam do ghairm dé, nó is iad a ainglí féin do chuir Sé chuca dá rádh leó a ghairm dé, amhail dhearbhas Mura ins na rannaibh seo: “‘Colam Cille a ainm do neimh Mac Feilimthe ag ainglibh Gan iomroll gan dalbh gan diun Criomhthan a ainm sa saoghal. “Dia thordain is níor caingean clé Ag ainglibh na righthibh é, Nuair bhuanadar Criomhthan dé, Is do ghoireadar Colam Cille.’ “Agus a dubhradar gan an t-ainm droch-chiallaidhe seo nach dtiocfadh acht le droch-dhuine do ghairm dé .i. Criomhthan. Agus mar do bhí an macaomh naomhtha seo 'gá oileamhain i mbaile cille do bhí i gcomhgar dóibh .i. Doire Eithne, dá ngoirthear Cill Mac Neanain indiu, go ghnáthadaois na leinbh do bhíodh ag súgradh leis, Colam ó'n gCill go rádh leis. Gonadh mar sin do an Colam Cille mar ainm air. Agus atá sé féin 'ghá dhearbhadh sin sa' rann so: “‘Annsin a dubhradh ó'n Cill Leath m'anma nach gceilim, Cill Mac Neanain naomhphort damh Nachar aontuigh mé a thréigeann.’ “Agus is é adhbhar ar sheol Dia cumhachtach Colm do thabhairt mar ainm air, gurab fíoghair agus cosamhlacht do'n Spiorad Naomh féin an colam, agus dá dhearbhadh sin is i bhfíogar cholaim do chonnairc Eoin Baisde an Spiorad Naomh ag luidhe ar Chríost an uair do bhaist sé ag sruth Eorthanain é. Agus adhbhar eile ar sheol Dia Colam do thabhairt air, óir is amhlaidh atá colam féin ó nádúir ró-neamhurchóideach, agus do bhí Colam Cille mar sin. An treas adhbhar ar sheol Dia an t-ainm seo do thabhairt ar an macaomh naomhtha so dá bhfuilmid ag labhairt, óir tar gach uile éan de'n éan- laithe ní bí domblas aeí 'sa' cholam. Féadtar a rádh go raibh Colam Cille mar sin, óir ní raibh cealg nó fuath nó aingidheacht nó ní neamhghlan nó searbh ar bith 'na chroidhe nó 'na inntinn do'n taoibh astoigh, agus ní mó do chuir sé i ngnímh do'n taoibh amuigh éan-rud beag nó mór do rachadh in easonóir do Dhia an fhad do bhí sé 'na bheatha sa' saoghal so.” Tá tuilleadh tuairisg le fagháil againn i stáir- bheatha Choluim Cille ar an Tulaigh Dubhghlaise, ar a dtugtar Teampoll Dubhghlaise indiu. Ag so sgéala ar an leic air ar baisdeadh Cholaim Cille: “Agus an leac air ar baisdeadh é do fóireadh gach uile easláinte da mbeirthí chuice. Agus ba throm le mnaoi comharba an bhaile sin a bhfuighbheadh sí de dhochar na ndaoine easlán agus na n-oilithreach thigeadh d'ionnsaidhe na leice, ionnós gur chuir an bhean mhal- luighthe an leac beannuighthe i ndabhaigh (.i. i bpoll) uisge atá do'n taoibh thuaidh do'n bhaile, agus ní frith ó shin a leith í. Agus tá i dtairngire go bhfuighthear í, & go mbeidh an baile go maith ó shin amach.
“Atá iomamhail reilge bige 'sa mbaile seo Tulcha Dubhghlaise dá ngoirtear Céidimhtheacht Colaim Cille .i. an áit a ndearna sé a chéidimtheacht & a chéidshiubhal 'na leanbh, amhail deireas Baithin Naomh: “‘Roilig bheag do'n taoibh a thuaidh I Tulaigh Dubhghlaise go mbuaidh Colaim Cille cóir gan [smál] Is ann do rinne a chéidimtheacht.’ “Agus meabhraigheas an neach naomhtha seo darab ainm Baithin cibé duine do dhéanadh oilthre an ionad sin ná badh dual go dtiubhradh sé galar nó easláinte ar bith leis as, amhail dearbhas sé féin ins na rannaibh seo: “‘An té timchiollas gan choir Céidimtheacht Colaim cráibhthigh, Budh mhaith leis a meanma amuigh, Ní théidhid i mbearna baoghail. “‘Céard fáth mbéadh galar nó gréim I smuais nó i gcnáimh nó i gcuislinn, I gceann nó i gcois nó i n-inne, Ar shliocht Cholaim chaoimh Chille.’” Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services