Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Féadtar a rádh gurab é Gleann tSúiligh dúthaigh
Choluimcille, mar tá mórán sean-sgéal agus sean-
chuimhne ag ceangladh a anma leis an tír sin. Is i
nGleann tSúiligh atá Tulach Dubhghlaise, an áit ar
baisdeadh Colum Cille mar chuireas Naomh Mura in
umhal dúinn 'sa' sean-rann úd: —



“Rugadh i nGartan dá dheóin,
Do hoileadh i gCill Mac nEoin,
Do baisdeadh mac na maise,
I dTulaigh de Dubhghlaise.”



Sagart dar bh'ainm Cruithneachán Mac Ceallacháin
do bhaisd Colum Cille ag Tulach Dubhghlaise, & thug sé
Criomthan mar ainm baisdidh dhó. Ag so an cunntas
tugtar ar an bhfáth gur athruigheadh a ainm:



“Do bháisd an t-uasal-sagart .i. Cruithneachán Mac
Ceallacháin é ar n-a bhreith i gceadóir, & thug Criomh-
than mar ainm air, & d'oil agus do choimhéad é iar sin
amhail a dubhradar ainglí Dé leis. Agus is ionnán
Criomhthan le rádh 'sa' Ghaedhilg agus ‘cealgach’ nó
‘sionnach’ 'sa' Laidin. Gidheadh do chonnacas le Dia
cumhachtach nár chneasda & nár b'iomchubhaidh do chailidh-
eacht agus do mhaitheas an mhacaoimh naomhtha sin an
t-ainm seo do bheith air, & do chuir Sé i gcroidhibh agus
i meanmain na leanbh & na macaomh do bhíodh ag cluiche
& ag súgradh leis Colam do ghairm dé, nó is iad a
ainglí féin do chuir Sé chuca dá rádh leó a ghairm dé,
amhail dhearbhas Mura ins na rannaibh seo:



“‘Colam Cille a ainm do neimh
Mac Feilimthe ag ainglibh
Gan iomroll gan dalbh gan diun
Criomhthan a ainm sa saoghal.



“Dia thordain is níor caingean clé
Ag ainglibh na righthibh é,
Nuair bhuanadar Criomhthan dé,
Is do ghoireadar Colam Cille.’



“Agus a dubhradar gan an t-ainm droch-chiallaidhe
seo nach dtiocfadh acht le droch-dhuine do ghairm dé .i.
Criomhthan. Agus mar do bhí an macaomh naomhtha seo
'gá oileamhain i mbaile cille do bhí i gcomhgar dóibh .i.
Doire Eithne, dá ngoirthear Cill Mac Neanain indiu,
go ghnáthadaois na leinbh do bhíodh ag súgradh leis,
Colam ó'n gCill go rádh leis. Gonadh mar sin do an
Colam Cille mar ainm air. Agus atá sé féin 'ghá
dhearbhadh sin sa' rann so:



“‘Annsin a dubhradh ó'n Cill
Leath m'anma nach gceilim,
Cill Mac Neanain naomhphort damh
Nachar aontuigh mé a thréigeann.’



“Agus is é adhbhar ar sheol Dia cumhachtach Colm do
thabhairt mar ainm air, gurab fíoghair agus cosamhlacht
do'n Spiorad Naomh féin an colam, agus dá dhearbhadh
sin is i bhfíogar cholaim do chonnairc Eoin Baisde an
Spiorad Naomh ag luidhe ar Chríost an uair do bhaist
sé ag sruth Eorthanain é. Agus adhbhar eile ar sheol
Dia Colam do thabhairt air, óir is amhlaidh atá colam
féin ó nádúir ró-neamhurchóideach, agus do bhí Colam
Cille mar sin. An treas adhbhar ar sheol Dia an
t-ainm seo do thabhairt ar an macaomh naomhtha so dá
bhfuilmid ag labhairt, óir tar gach uile éan de'n éan-
laithe ní bí domblas aeí 'sa' cholam. Féadtar a rádh
go raibh Colam Cille mar sin, óir ní raibh cealg nó
fuath nó aingidheacht nó ní neamhghlan nó searbh ar bith
'na chroidhe nó 'na inntinn do'n taoibh astoigh, agus ní
mó do chuir sé i ngnímh do'n taoibh amuigh éan-rud
beag nó mór do rachadh in easonóir do Dhia an fhad
do bhí sé 'na bheatha sa' saoghal so.”



Tá tuilleadh tuairisg le fagháil againn i stáir-
bheatha Choluim Cille ar an Tulaigh Dubhghlaise, ar a
dtugtar Teampoll Dubhghlaise indiu. Ag so sgéala
ar an leic air ar baisdeadh Cholaim Cille:



“Agus an leac air ar baisdeadh é do fóireadh gach
uile easláinte da mbeirthí chuice. Agus ba throm le
mnaoi comharba an bhaile sin a bhfuighbheadh sí de dhochar
na ndaoine easlán agus na n-oilithreach thigeadh
d'ionnsaidhe na leice, ionnós gur chuir an bhean mhal-
luighthe an leac beannuighthe i ndabhaigh (.i. i bpoll)
uisge atá do'n taoibh thuaidh do'n bhaile, agus ní frith ó
shin a leith í. Agus tá i dtairngire go bhfuighthear í, &
go mbeidh an baile go maith ó shin amach.


L. 350


“Atá iomamhail reilge bige 'sa mbaile seo Tulcha
Dubhghlaise dá ngoirtear Céidimhtheacht Colaim Cille
.i. an áit a ndearna sé a chéidimtheacht & a chéidshiubhal
'na leanbh, amhail deireas Baithin Naomh:



“‘Roilig bheag do'n taoibh a thuaidh
I Tulaigh Dubhghlaise go mbuaidh
Colaim Cille cóir gan [smál]
Is ann do rinne a chéidimtheacht.’



“Agus meabhraigheas an neach naomhtha seo darab
ainm Baithin cibé duine do dhéanadh oilthre an ionad
sin ná badh dual go dtiubhradh sé galar nó easláinte
ar bith leis as, amhail dearbhas sé féin ins na rannaibh
seo:



“‘An té timchiollas gan choir
Céidimtheacht Colaim cráibhthigh,
Budh mhaith leis a meanma amuigh,
Ní théidhid i mbearna baoghail.



“‘Céard fáth mbéadh galar nó gréim
I smuais nó i gcnáimh nó i gcuislinn,
I gceann nó i gcois nó i n-inne,
Ar shliocht Cholaim chaoimh Chille.’”



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services