Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Smuainte an deóraidhe ó Éire
Title
Smuainte an deóraidhe ó Éire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Smuainte an deóraidhe ó Éire. Fonn: — “Eóchaill” I. Mo chrádh go n-éagfad nach bhfuil mé i n-Éirinn, Ar bhántaibh féarach, “Oileán na Saoi!” Le bliadhanta fad faoi bhrón gach tréimhse 'Sna Státaibh Aontuighe tá mé, mo dhith! Gan aoibhneas, sólás, ná suaimhneas ló ar bith, Go síorruidhe smuainighim ar Inis-Fáil, 'S mo chroidhe 'gá réabadh i lár mo chléibhe Faoi dhuibhshion shaoghalta go síor 'gá chrádh! II. Trá rabhas im' óglaoch go croidheamhail spórtamhail, Bhí mé faoi shólás i gCríochaibh Fáil, Acht tháinig athrughadh 's do mheasas seóladh Ar thóir an óir bhuidhe go 'Meiriocá; Éire gheanamhail bhocht, céad fairíor! d'fhágas, 'S thugas “slán” di ó lár mo chroidhe, 'S nach deacrach cráidhte bhí athair 's máthair 'S mo cháirdí grádhmhar bhí leó ag caoi'; III. Annsain 'seadh ghluaiseas gan croidhe ná suairceas, A Dhia! níor bhuadhartha a bhíos gan fáth! Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón 's uaigneas 'S a gcroidhe faoi dhuairceas im' dhiaidh go bráth; An mac ba mheasa leó bhí dul thar sáile, Gach slighe 'gus fagháltas do gealladh dó, Acht é a' fanacht leó imeasg a cháirdí Is gan iad fhágáil go síor gan sógh. IV. Annso go cinnte 's mé tuirseach claoidhte, Do ritheann mo smuainte shiubhal oidhche 'gus ló, Do'n oileán gheanamhail úd taobh thall do'n taoide 'Na rabhas go haoibhneach 's go síor faoi bhród; Na daoine fearamhla bhí cumhachtach bríoghmhar 'Na cáirdí dílse bhíodh liom ag spóirt 'S gach cleas 's siamsa dhá mbíodh 'sa tír úd Béidh siad im' chuimhne go dtéid faoi'n bhfód. V. Anois, a cháirdí, ó táim go fann lag 'S nach bhfuil sé i ndán dom bheith 'rís go deo Ar shléibhtibh árda 'gus gleannta áilne An tírín bhreágh úd 'na rabhas go hóg, Comhairle tógaidh anois ó'n deóraidhe, Ní'l croidhe ná sólás annso le fagháil, Acht doilgheas saoghalta i bhfad ó ghaoltaibh 'S an croidhe 'gá chiapadh faoi bhrón 's crádh! VI. Sí Éire bhreágh dheas an tír is áilne, Ní innti táim-se, céad fairíor géar! Tá an aimsir ciúin ann 's an spéir gan smúit ann, Tá an Ghaedhilg mhúinte ann 'gus í n-árd réim, Tá innti cáirdeas deágh-cháil 's fáilte 'S mo chroidhe bheadh sásta i Ríoghacht na nGaedhil Acht táim i n-díbirt 's ní'l ann acht smuainte 'Nois guidhead choidhche dhuit, a thír na nGaedhil. Cois-Fhairrge 11/07/'02
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services