Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Smuainte an deóraidhe ó Éire

Title
Smuainte an deóraidhe ó Éire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Smuainte an deóraidhe ó Éire.



Fonn: — “Eóchaill”



I.



Mo chrádh go n-éagfad nach bhfuil mé i n-Éirinn,
Ar bhántaibh féarach, “Oileán na Saoi!”
Le bliadhanta fad faoi bhrón gach tréimhse
'Sna Státaibh Aontuighe tá mé, mo dhith!
Gan aoibhneas, sólás, ná suaimhneas ló ar bith,
Go síorruidhe smuainighim ar Inis-Fáil,
'S mo chroidhe 'gá réabadh i lár mo chléibhe
Faoi dhuibhshion shaoghalta go síor 'gá chrádh!



II.



Trá rabhas im' óglaoch go croidheamhail spórtamhail,
Bhí mé faoi shólás i gCríochaibh Fáil,
Acht tháinig athrughadh 's do mheasas seóladh
Ar thóir an óir bhuidhe go 'Meiriocá;
Éire gheanamhail bhocht, céad fairíor! d'fhágas,
'S thugas “slán” di ó lár mo chroidhe,
'S nach deacrach cráidhte bhí athair 's máthair
'S mo cháirdí grádhmhar bhí leó ag caoi';



III.



Annsain 'seadh ghluaiseas gan croidhe ná suairceas,
A Dhia! níor bhuadhartha a bhíos gan fáth!
Bhí an cúpla lúbach faoi bhrón 's uaigneas
'S a gcroidhe faoi dhuairceas im' dhiaidh go bráth;
An mac ba mheasa leó bhí dul thar sáile,
Gach slighe 'gus fagháltas do gealladh dó,
Acht é a' fanacht leó imeasg a cháirdí
Is gan iad fhágáil go síor gan sógh.



IV.



Annso go cinnte 's mé tuirseach claoidhte,
Do ritheann mo smuainte shiubhal oidhche 'gus ló,
Do'n oileán gheanamhail úd taobh thall do'n taoide
'Na rabhas go haoibhneach 's go síor faoi bhród;
Na daoine fearamhla bhí cumhachtach bríoghmhar
'Na cáirdí dílse bhíodh liom ag spóirt
'S gach cleas 's siamsa dhá mbíodh 'sa tír úd
Béidh siad im' chuimhne go dtéid faoi'n bhfód.



V.



Anois, a cháirdí, ó táim go fann lag
'S nach bhfuil sé i ndán dom bheith 'rís go deo
Ar shléibhtibh árda 'gus gleannta áilne
An tírín bhreágh úd 'na rabhas go hóg,
Comhairle tógaidh anois ó'n deóraidhe,
Ní'l croidhe ná sólás annso le fagháil,
Acht doilgheas saoghalta i bhfad ó ghaoltaibh
'S an croidhe 'gá chiapadh faoi bhrón 's crádh!



VI.



Sí Éire bhreágh dheas an tír is áilne,
Ní innti táim-se, céad fairíor géar!
Tá an aimsir ciúin ann 's an spéir gan smúit ann,
Tá an Ghaedhilg mhúinte ann 'gus í n-árd réim,
Tá innti cáirdeas deágh-cháil 's fáilte
'S mo chroidhe bheadh sásta i Ríoghacht na nGaedhil
Acht táim i n-díbirt 's ní'l ann acht smuainte
'Nois guidhead choidhche dhuit, a thír na nGaedhil.



Cois-Fhairrge
11/07/'02

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services