Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Thall 's i bhfus i dTírchonaill Is gleann doimhin cumhang Gleann tSúiligh shnígheas amach is isteach imeasg na sliabh ó Loch Súiligh siar go dtí an lochán ag Mín-an-Fhir-Ruaidh, as a n-éirigheann an Abha Súiligh. Tá iristheóirí ann a deireas gurab é fáth na hanma úd “Súiligh” na sgáilí bhíos os cionn an locha do ghnáth; acht chá chreidim féin an sgéal sin, óir is minic chuala mé m'athair ag innsint cad chuige ar tugadh an ainm do'n abhainn & do'n ghleann & do'n loch. Is é seo an fáth: I n-aimsir Choluimcille bhí piast mhór 'na comhnuidhe 'sa' lochán úd ag Mín-an- Fhir-Ruaidh, & bhí na céadta súl aici, & thar a bheith sin tugadh Súileach mar ainm uirri. Ba mhillteanach an phiast í, agus bhí sí 'ga slugadh ainmhintí na tíre thart thimchioll uirri, & cor uair d'íosadh sí duine féin, & bhí an tír go léir faoi leaththrom & faoi ghéar-smacht aici. Bhí Colum Cille 'na fhear óg an uair sin (Críomhthan b'ainm dó), acht bhí cáil mhór ag éirigh air, ar a naomh- thacht agus ar a ghaisge. Bhí fear 'na chomhnuidhe in aice Mín-an-Fhir-Ruaidh darab ainm Feardorcha, agus ar mhachtnamh dhó ar an díoghbháil do bhí déanta fá'n áit ag Súileach chinn sé comhairle leis féin dhul fá dhéin Cholumcille go dtí go muirbhfeadh sé Súileach. D'éist Criomthan le n-a sgéal, & thug sé isteach teacht leis go dtroidfeadh siad, an bheirt aca, an uillphiast. Nuair tháinig siad i ndeas do'n lochán bholtnuigh Súil- each iad, & d'éirigh i n-áirde as an lochán agus fuaim & fothrom léithe le rún iad do shlugadh, nó do mharbhadh ar a laghad. Bhí claidheamh maith faobhrach ag gach aon duine aca, acht tháinig sgannradh & imeagla ar Fhear- dorcha roimh toirt agus grándacht na péiste, & théich sé an méid a bhí in a chnámhaibh síos an gleann, gan fiú amharc 'na dhiaidh. Chá n-eadh sin dálta Choluimcille. Sheas sé go dian daingean mar a bhí sé, & thug comhrac do'n phéist. Chuir Súileach dian go leór air, acht fá dheireadh thiar thall rug Criomhthan buaidh, agus bhuain sé an ceann de Shúileach. Ba mhór an fhearg do bhí air an uair sin fá mhió-laochas an fhir eile, & dar leis féin go muirbhfeadh sé Feardorcha chomh maith leis an phéist. Thar a bheith sin, lean sé Feardorcha síos an gleann, & a chlaidheamh nochta i n-a láimh aige, agus rug sé ar an duine dona ag an Chongbhaile, i n-aice Leitirceannan. D'impidh an duine bocht ar Cholumcille gan a mharbh- adh; acht chá raibh gar dó ann sin, mar bhí fearg as cuimse ar Cholum. “Maise, a Chriomhthain,” ar sé, “cuirim mar gheas- aibh ort gan mo mharbhadh leis an chlaidheamh sin atá in do láimh agat.” “Cad chuige sin?” arsa Criomhthan. “Tá,” arsa Feardorcha, “go bhfuil sé salach le fuil nimhneach na péiste úd, & ní ceart duit an fhuil sin do mheasgadh le fuil Críosdaidhe mar mise. Mar gheall ar an Rígh nigh an fhuil de'n chlaidheamh féin 'san srothán sin thíos, & béidh mé sásta annsin má muirbhfear féin mé.” “Is fíor an rud adeir tú, & déanfaidh mé an méid sin duit,” arsa Criomhthan. Chuaidh sé isteach 'sa' tsrothán gur nígh sé an claidh- eamh; acht nuair a bhí an claidheamh nighte aige bhí an fhearg imthighthe dhé, mar bhí do mhíorbhuilte 'san uisge úd fearg a bhuaint do dhuine ar bith; agus mhaith sé d'Fheardorcha, agus chuaidh 'na bhaile i gcuideacht leis. Agus bíodh mar fhiadhnuise ar mo sgéal go dtugtar an ainm úd Súiligh ar an abhainn & ar an ghleann & ar an loch go dtí an lá indiu, & go dtugtar Feargach ar an tsrothán úd a snigheas cois roilge na Congbhaile go dtí an lá indiu fosda. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services