Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Thall 's i bhfus i dTírchonaill



Is gleann doimhin cumhang Gleann tSúiligh shnígheas
amach is isteach imeasg na sliabh ó Loch Súiligh siar go
dtí an lochán ag Mín-an-Fhir-Ruaidh, as a n-éirigheann
an Abha Súiligh. Tá iristheóirí ann a deireas gurab é
fáth na hanma úd “Súiligh” na sgáilí bhíos os cionn
an locha do ghnáth; acht chá chreidim féin an sgéal sin,
óir is minic chuala mé m'athair ag innsint cad chuige
ar tugadh an ainm do'n abhainn & do'n ghleann & do'n
loch. Is é seo an fáth: I n-aimsir Choluimcille bhí
piast mhór 'na comhnuidhe 'sa' lochán úd ag Mín-an-
Fhir-Ruaidh, & bhí na céadta súl aici, & thar a bheith sin
tugadh Súileach mar ainm uirri. Ba mhillteanach an
phiast í, agus bhí sí 'ga slugadh ainmhintí na tíre thart
thimchioll uirri, & cor uair d'íosadh sí duine féin, & bhí
an tír go léir faoi leaththrom & faoi ghéar-smacht aici.
Bhí Colum Cille 'na fhear óg an uair sin (Críomhthan
b'ainm dó), acht bhí cáil mhór ag éirigh air, ar a naomh-
thacht agus ar a ghaisge. Bhí fear 'na chomhnuidhe in aice
Mín-an-Fhir-Ruaidh darab ainm Feardorcha, agus ar
mhachtnamh dhó ar an díoghbháil do bhí déanta fá'n áit
ag Súileach chinn sé comhairle leis féin dhul fá dhéin
Cholumcille go dtí go muirbhfeadh sé Súileach.
D'éist Criomthan le n-a sgéal, & thug sé isteach teacht
leis go dtroidfeadh siad, an bheirt aca, an uillphiast.
Nuair tháinig siad i ndeas do'n lochán bholtnuigh Súil-
each iad, & d'éirigh i n-áirde as an lochán agus fuaim
& fothrom léithe le rún iad do shlugadh, nó do mharbhadh
ar a laghad. Bhí claidheamh maith faobhrach ag gach aon
duine aca, acht tháinig sgannradh & imeagla ar Fhear-
dorcha roimh toirt agus grándacht na péiste, & théich
sé an méid a bhí in a chnámhaibh síos an gleann, gan fiú
amharc 'na dhiaidh. Chá n-eadh sin dálta Choluimcille.
Sheas sé go dian daingean mar a bhí sé, & thug comhrac
do'n phéist. Chuir Súileach dian go leór air, acht fá
dheireadh thiar thall rug Criomhthan buaidh, agus bhuain
sé an ceann de Shúileach. Ba mhór an fhearg do bhí air
an uair sin fá mhió-laochas an fhir eile, & dar leis féin
go muirbhfeadh sé Feardorcha chomh maith leis an phéist.
Thar a bheith sin, lean sé Feardorcha síos an gleann, &
a chlaidheamh nochta i n-a láimh aige, agus rug sé ar an
duine dona ag an Chongbhaile, i n-aice Leitirceannan.
D'impidh an duine bocht ar Cholumcille gan a mharbh-
adh; acht chá raibh gar dó ann sin, mar bhí fearg as
cuimse ar Cholum.



“Maise, a Chriomhthain,” ar sé, “cuirim mar gheas-
aibh ort gan mo mharbhadh leis an chlaidheamh sin atá in
do láimh agat.”



“Cad chuige sin?” arsa Criomhthan.



“Tá,” arsa Feardorcha, “go bhfuil sé salach le fuil
nimhneach na péiste úd, & ní ceart duit an fhuil sin do
mheasgadh le fuil Críosdaidhe mar mise. Mar gheall ar
an Rígh nigh an fhuil de'n chlaidheamh féin 'san srothán
sin thíos, & béidh mé sásta annsin má muirbhfear féin
mé.”



“Is fíor an rud adeir tú, & déanfaidh mé an méid
sin duit,” arsa Criomhthan.



Chuaidh sé isteach 'sa' tsrothán gur nígh sé an claidh-
eamh; acht nuair a bhí an claidheamh nighte aige bhí an
fhearg imthighthe dhé, mar bhí do mhíorbhuilte 'san uisge
úd fearg a bhuaint do dhuine ar bith; agus mhaith sé
d'Fheardorcha, agus chuaidh 'na bhaile i gcuideacht leis.
Agus bíodh mar fhiadhnuise ar mo sgéal go dtugtar
an ainm úd Súiligh ar an abhainn & ar an ghleann & ar
an loch go dtí an lá indiu, & go dtugtar Feargach ar
an tsrothán úd a snigheas cois roilge na Congbhaile
go dtí an lá indiu fosda.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services