Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cathair Odhar
Title
Cathair Odhar
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cathair Odhar Is maol ár n-intinn gan aithne ar ár dtír féin, acht 'na theannta sain is tairbheach an rud eólas ar thíorthaibh eile. Is eól dom go bhfuil daoine ann ná'r chualaidh trácht thar an gCathair Odhar riamh. Tá sí 'sa taobh thoir thuaidh d'Insedeóir is tá Insedeóir is Insebeóir ar aghaidh a chéile amach & fairrge ghorm-thonnach d'á luasgadh féin ar a n-imeal bórdaibh. Ní réidhtigheadh muinntear an dá Inse sin go ró-mhaith le n-a chéile 'sa tsean-aimsir, is bhíodh bruigheanta eatortha go han-mhinic. Bhí muinntear Isedeóir an- láidir acht gan puinn céille bheith aca, & bhí gliocas is ciall ag muinntir Insebeóir. Bhí fear-tighe ar Insebeóir aon uair amháin d'ár bh'ainm do Pusmuice, & giolla aige d'ár bh'ainm Bagún. “Tar i leith chúgam,” arsa Pusmuice le Bagún; “is clos dom go bhfuil ciall id' chloigeann, a Bhagúin. Cuirfead saíll ort má cheapann tú seift éigin do chuirfidh deire leis an gClann Uaithne sin thall i nInisdeóir.” “Is maith mar a thárluigh,” ar Bagún. “Seólfam sgata daoine uaisle anonn chúca agus tabharfam úghdarás is cabhair dóibh sin le smacht do chur ar aicme bhorb na hinse sin.” Agus do bailigheadh as Insebeóir is Insepraisge dream breágh, creidheamhnach, idir fhearaibh is mhnáibh as ghéibheann is phríosún — fir macánta bhí annsúd fá ghlas le capaill is ba do ghoid is sgórnacha do ghearradh is pócaidhe d'fholamhughadh. Sheóladar anonn mar an gcéadna mná coitcheanna is daoine banamhla de'n tsaghas sain. Is as an bpríomh-fhuil cheannasach sain d'fhás an Chlann Odhar. Deir siad so gur leo féin amháin an Chathair Odhar, acht deir Clann Uaithne, dream eile atá innti nách leis an gClann Odhar an chathair chor ar bith. Nuair do chromaid ar áiteamh ar a chéile mar sin le brící is méaróga boga eile, tagann peithníghig mhóra darab sloinneadh an Chlann Ghorm atá 'na gcómhnuidhe 'sa chathair & cromaid seo ar cheól do bhaint as phlaosgaibh le smaichtíní fuinnseóige. Bíonn ceatha cloch is liúghraigh is ri-rádh is caitheamh aimsire againn annsain go mbímíd tnáite, tuirseach. Is deacair cúnntus cruinn do thabhairt ar imtheach- taibh an Chlann Odhara. Táid siad séimh, socair 'na gceann, is na gceann, acht má bhéidh céad ceann aca nó as sain go míle i dteannta a chéile cromaid ar phocléim- righ is arghuidhea', & má chasann plíoma de'n Chlann Ghorm 'na aonar ortha, nó beirt nó triúr de'n Chlann Uaithne, tabharfaidh an fear tosuigh léim táilliúra, & ar ndóich ní misde rádh 'ná go mbeidh beagán le déanadh ag an ndochtúir. Is i meádhon samhraidh is eadh is mó do thagann an teasbach ar an gClann Odhar. Briseann gríos amach ortha an uair sin, agus i gcionn seachtmhaine 'na dhiaidh sin bíonn an tsaethamh ortha. Faghaid siad sos annsain, & is beag nách bhfuil siad ar nós daoinibh eile. Bhíos féin ag iarraidh bunfréimhe an taoma sain do thuigsint, & dubhairt cuid aca liom gurab é fáth an grís sin an droch íde thug an Chlann Uaithne ortha uair éigin fad ó nuair d'éirigh an dream gránna sain 'na n-aghaidh, & do b'éigin do'n Chlann Odhar teicheadh leo go Dún- duairc. Ní raibh annsúd le n-ithe aca acht ciaróga is luchóga, franncaigh is seilithidí, cupóga, samha, is néal- fhartach, agus a leithéidí sin do bhiadh shearbh, gur eirigh gaisgidheach aníos as Tírtóinpuill go thug fóirithin dóibh. An Síogaidhe Odhar do b'ainm dó súd & do ghníodar naomh de ó shoin. Tá a dheilbh ar bhratacha aca, & bíd siad ag umhlughadh dhó is ag guidhe chuige. Deir siad go dtaithnigheann ceól leis an Síogaidhe, bainid siad an tóin 'sa ceann as soitheach, clúduighid siad béal is bun an tsoithigh le seithe roighin, leasuighthe asail. Nuair do bhíonn fiche soitheach gleásta aca ar an gcuma sain tosnuighid siad ar ghabháil ar leathar na soitheach le cleith-ailpíní, & bíonn aon fhear amháin díobh ag seinm ar feadán. Ní chloisfeá fear an fheadáin le fothram na soitheach, acht tá fhios agat go bhfuil sé ag déanadh a dhíchill mar tá dath dubh air le racht séide. Níor chóir go mbeadh easba ceóil ar an Síogaidhe. Tá tréithe eile ag baint leis an gClann Odhar, acht ní luadhmuid an cor so iad. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services