Cathair Odhar
Is maol ár n-intinn gan aithne ar ár dtír féin, acht
'na theannta sain is tairbheach an rud eólas ar thíorthaibh
eile. Is eól dom go bhfuil daoine ann ná'r chualaidh
trácht thar an gCathair Odhar riamh. Tá sí 'sa taobh
thoir thuaidh d'Insedeóir is tá Insedeóir is Insebeóir
ar aghaidh a chéile amach & fairrge ghorm-thonnach d'á
luasgadh féin ar a n-imeal bórdaibh.
Ní réidhtigheadh muinntear an dá Inse sin go ró-mhaith
le n-a chéile 'sa tsean-aimsir, is bhíodh bruigheanta
eatortha go han-mhinic. Bhí muinntear Isedeóir an-
láidir acht gan puinn céille bheith aca, & bhí gliocas is
ciall ag muinntir Insebeóir.
Bhí fear-tighe ar Insebeóir aon uair amháin d'ár
bh'ainm do Pusmuice, & giolla aige d'ár bh'ainm Bagún.
“Tar i leith chúgam,” arsa Pusmuice le Bagún; “is
clos dom go bhfuil ciall id' chloigeann, a Bhagúin.
Cuirfead saíll ort má cheapann tú seift éigin do
chuirfidh deire leis an gClann Uaithne sin thall i
nInisdeóir.”
“Is maith mar a thárluigh,” ar Bagún. “Seólfam
sgata daoine uaisle anonn chúca agus tabharfam
úghdarás is cabhair dóibh sin le smacht do chur ar aicme
bhorb na hinse sin.”
Agus do bailigheadh as Insebeóir is Insepraisge
dream breágh, creidheamhnach, idir fhearaibh is mhnáibh as
ghéibheann is phríosún — fir macánta bhí annsúd fá ghlas
le capaill is ba do ghoid is sgórnacha do ghearradh is
pócaidhe d'fholamhughadh. Sheóladar anonn mar an
gcéadna mná coitcheanna is daoine banamhla de'n
tsaghas sain.
Is as an bpríomh-fhuil cheannasach sain d'fhás an Chlann
Odhar. Deir siad so gur leo féin amháin an Chathair
Odhar, acht deir Clann Uaithne, dream eile atá innti
nách leis an gClann Odhar an chathair chor ar bith. Nuair
do chromaid ar áiteamh ar a chéile mar sin le brící is
méaróga boga eile, tagann peithníghig mhóra darab
sloinneadh an Chlann Ghorm atá 'na gcómhnuidhe 'sa
chathair & cromaid seo ar cheól do bhaint as phlaosgaibh
le smaichtíní fuinnseóige. Bíonn ceatha cloch is
liúghraigh is ri-rádh is caitheamh aimsire againn annsain
go mbímíd tnáite, tuirseach.
Is deacair cúnntus cruinn do thabhairt ar imtheach-
taibh an Chlann Odhara. Táid siad séimh, socair 'na
gceann, is na gceann, acht má bhéidh céad ceann aca nó
as sain go míle i dteannta a chéile cromaid ar phocléim-
righ is arghuidhea', & má chasann plíoma de'n Chlann Ghorm
'na aonar ortha, nó beirt nó triúr de'n Chlann Uaithne,
tabharfaidh an fear tosuigh léim táilliúra, & ar ndóich
ní misde rádh 'ná go mbeidh beagán le déanadh ag an
ndochtúir.
Is i meádhon samhraidh is eadh is mó do thagann an
teasbach ar an gClann Odhar. Briseann gríos amach
ortha an uair sin, agus i gcionn seachtmhaine 'na dhiaidh
sin bíonn an tsaethamh ortha. Faghaid siad sos annsain, &
is beag nách bhfuil siad ar nós daoinibh eile. Bhíos
féin ag iarraidh bunfréimhe an taoma sain do thuigsint,
& dubhairt cuid aca liom gurab é fáth an grís sin an
droch íde thug an Chlann Uaithne ortha uair éigin fad ó
nuair d'éirigh an dream gránna sain 'na n-aghaidh, &
do b'éigin do'n Chlann Odhar teicheadh leo go Dún-
duairc. Ní raibh annsúd le n-ithe aca acht ciaróga is
luchóga, franncaigh is seilithidí, cupóga, samha, is néal-
fhartach, agus a leithéidí sin do bhiadh shearbh, gur eirigh
gaisgidheach aníos as Tírtóinpuill go thug fóirithin
dóibh. An Síogaidhe Odhar do b'ainm dó súd & do
ghníodar naomh de ó shoin. Tá a dheilbh ar bhratacha
aca, & bíd siad ag umhlughadh dhó is ag guidhe chuige.
Deir siad go dtaithnigheann ceól leis an Síogaidhe,
bainid siad an tóin 'sa ceann as soitheach, clúduighid
siad béal is bun an tsoithigh le seithe roighin, leasuighthe
asail.
Nuair do bhíonn fiche soitheach gleásta aca ar an
gcuma sain tosnuighid siad ar ghabháil ar leathar na
soitheach le cleith-ailpíní, & bíonn aon fhear amháin díobh
ag seinm ar feadán. Ní chloisfeá fear an fheadáin
le fothram na soitheach, acht tá fhios agat go bhfuil sé
ag déanadh a dhíchill mar tá dath dubh air le racht
séide. Níor chóir go mbeadh easba ceóil ar an
Síogaidhe. Tá tréithe eile ag baint leis an gClann
Odhar, acht ní luadhmuid an cor so iad.
Conán Maol
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11