Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Muillneóir, a Mhac & an tAsal
Title
An Muillneóir, a Mhac & an tAsal
Author(s)
Conn,
Pen Name
Conn
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Muillneóir, a Mhac & an tAsal Bhí muillneóir ann fad ó & bhí a ghnó ag éirghe leis go han-mhaith. Bhí capaill & caoirigh & ba aige, & iad go léir i gclodh mhaith, mar bhí sé i n-ann togha aire thabhairt dóibh de bharr an méid brabaigh bhí aige as an muillionn. Thárla go raibh asal aige freisin, & ní bréag a rádh go raibh seisean ag fagháil a chionn féin de'n aire, & bhí a shliocht air — ba bhreágh láidir an beitheadhach é. Faoi dheireadh d'éirigh an muillneóir tuirseach dhe, mar nár theasduigh sé go mór uaidh, & chinn sé air a thabhairt chum an aonaigh go ndíolfadh sé é. 'Nuair tháinic lá an aonaigh dubhairt sé le n-a mhac: “Tá sé chomh maith dhúinn an t-asal so a dhíol, mar ní theasduigheann sé uainn níos faide, ó thárla go bhfuil ár gcapaill i n-ann an méid oibre atá againn a dhéanamh.” “Tá an ceart agat, a athair,” ars an mac; “ní'l maith ar bith 'san mbeitheadhach so, & ní ghníonn sé pioc acht ag grádhghaighil & ag sárughadh na gcomharsan. Má 'sé do thoil é, rachaidh mise leat chum an aonaigh.” D'aontuigh an t-athair, & amach leó ar an mbóthar leis an asal. Bhí faitchíos orra dá gcuirfeadh siad d'fhiachaibh air siubhal nach mbeadh sé i n-ordughadh mhaith le haghaidh an aonaigh, & uime sin 'sí an chomhairle a cheapadar go mb'fhearr dóibh é iomchur. Ann sin cheangail siad a chosa & chuireadar cleath láidir amach eatorra. Chomh luath is bhí sin déanta aca, rug an t-athair ar cheann na cleithe gur chuir sé ar a ghualainn í & rinne an mac an rud céadna leis an gceann eile dhi. Bhí an t-asal anois árduighthe suas ó'n dtalamh ar fad, & d'imthigheadar rómpa leis go lán-tsásta nó gur casadh fear orra, & chomh luath is chonnaic seisean iad chuir sé scairt gáiridhe as. “Nach sibhse na fir simplidhe!” ar seisean. “Cia'n sórt amadánachta atá ar bun agaibh 'chor ar bith, bheith ag iomchur an stróinse sin d'asal?” “Tá an ceart agat,” ars an muillneóir, & náire mhór air faoi é bheith chomh seafóideach sin; “chídhim anois go soilléir go ndearnadh mé rud an-díchéil- lidhe.” Leis sin, sgaoil sé amach an beitheadhach, & thiomáin roimhe é. B'fhearr leis an asal bheith mar bhí sé 'ná bheith ag siubhal, & thosuigh sé ag gearán; acht ní raibh áird aca air. Suas leis an mac annsin ar a mhuin, acht ba ghearr dó ar marcuigheacht nuair casadh duine eile orra. “Maise,” ar seisean leis an mbuachaill, “nach tú an sgraiste gan chroidhe. Badh chóir go mbeadh náire ort bheith ag marcuidheacht mar isn, & d'athair bocht go trom tuirseach ag siubhal id' dhiaidh. Gabh anuas — is cruaidh gasta an garsún thú, & badh cheart duit siubhal & leigean do'n sean-fhear dul ar mhuin an asail.” “A dhuine uasail,” ars an muillneóir, “bíodh foighid agat, & déanfamaoid do chomhairle.” Annsin tháinic an buachaill anuas go tapaidh, & chuaidh a athair 'na áit. Bhíodar ag cur an bhóthair díobh go deas réidh 'na dhiaidh sin nó gur theangmhuigh cailín óg leó, & bhí locht eile aici-se le fagháil orra. “Go deimhin féin,” ar sise, “is náireach an rud d'fhiachaibh a chur ar an mbuachaillín lag sin siubhal & a leithéid sin de shean-fhear seafóideach ar a shocamh- lacht thuas ar an asal. Agus, 'na dhiaidh sin, is dóigh leis go bhfuil sé an-chríona, mar tá sé ag cur cuma easbuig air féin.” Dar ndóigh shaoil an t-athair go raibh an ceart ag an gcailín, &, d'á bhrígh sin, dubhairt sé le n-a mhac suidhe suas taobh thiar de. Rinne sé amhlaidh; acht anois thosuigh an t-asal ag clamhsán: “Ó!” adeir sé, “nach neamh-thrócaireach na daoine sibh bheith ag tabhairt aoide chomh gránda sin ar bheith- eadhach bhocht mar mise, & fios maith agaibh go raibh mé 'mo sheirbhíseach dhílis dhíbh i gcomhnuidhe. A mháighistir tá mé leath-mharbh agaibh — ” “Bog leat as sin! — bog leat, a asail, & ná bí 'ár mbodhrughadh.” Tamall geárr tar éis sin bhuail daoine eile leó & chrom siad go léir ar ghearán. Dubhairt fear aca: “Ní'l ionnta so acht amadáin.” “Tá an t-asal bocht creapálta aca,” arsa fear eile; “gheabhaidh sé bás faoi an ualach, & is deimhin nach mian leó a dhíol ar an aonach acht a chroiceann.” “Dar fiadh!” ars an muillneóir, go feargach, “is amadán dá ríribh an té a bhfuil súil aige gach uile dhuine a shásadh; acht féach! b'fhéidir go bhfuil sé n-ar gcumas an chúis a réidhteach 'sa gcaoi nach mbéidh na daoine a' magadh fúinn mar so.” Leis sin, tháinic siad anuas, & sgaoileadar an t-asal amach rompa. Nuair mhothuigh sé an t-ualach bainte dhe tháinic áthas mór air, & chuaidh sé ar aghaidh go lán-tapaidh. Is ar éigin bhíodar míle bealaigh nuair thosuigh fear eile a bhí ag gabháil na slighe ag fagháil locht orra arís. “Cia dubhairt leat siubhal,” ar seisean leis an muillneóir, “& d'asal leigean romhat gan dada ar a mhuin?” “Tá an ceart agat,” d'fhreagair an máighistir, “rinne na daoine eile a casadh orainn an chasoid chéadna; acht is cuma liomsa anois cia aca milleán nó moladh thiubhras daoine dham — déanfaidh mé mo rogha féin feasda.” Rinne sé amhlaidh, & b'é a leas é. Conn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services