Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Muillneóir, a Mhac & an tAsal

Title
An Muillneóir, a Mhac & an tAsal
Author(s)
Conn,
Pen Name
Conn
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Muillneóir, a Mhac & an tAsal



Bhí muillneóir ann fad ó & bhí a ghnó ag éirghe leis
go han-mhaith. Bhí capaill & caoirigh & ba aige, & iad
go léir i gclodh mhaith, mar bhí sé i n-ann togha aire
thabhairt dóibh de bharr an méid brabaigh bhí aige as an
muillionn. Thárla go raibh asal aige freisin, & ní
bréag a rádh go raibh seisean ag fagháil a chionn féin
de'n aire, & bhí a shliocht air — ba bhreágh láidir an
beitheadhach é.



Faoi dheireadh d'éirigh an muillneóir tuirseach dhe,
mar nár theasduigh sé go mór uaidh, & chinn sé air a
thabhairt chum an aonaigh go ndíolfadh sé é. 'Nuair
tháinic lá an aonaigh dubhairt sé le n-a mhac:



“Tá sé chomh maith dhúinn an t-asal so a dhíol, mar
ní theasduigheann sé uainn níos faide, ó thárla go
bhfuil ár gcapaill i n-ann an méid oibre atá againn
a dhéanamh.”



“Tá an ceart agat, a athair,” ars an mac; “ní'l
maith ar bith 'san mbeitheadhach so, & ní ghníonn sé pioc
acht ag grádhghaighil & ag sárughadh na gcomharsan. Má
'sé do thoil é, rachaidh mise leat chum an aonaigh.”



D'aontuigh an t-athair, & amach leó ar an mbóthar
leis an asal. Bhí faitchíos orra dá gcuirfeadh siad
d'fhiachaibh air siubhal nach mbeadh sé i n-ordughadh mhaith
le haghaidh an aonaigh, & uime sin 'sí an chomhairle
a cheapadar go mb'fhearr dóibh é iomchur. Ann sin
cheangail siad a chosa & chuireadar cleath láidir amach
eatorra. Chomh luath is bhí sin déanta aca, rug an
t-athair ar cheann na cleithe gur chuir sé ar a ghualainn
í & rinne an mac an rud céadna leis an gceann eile
dhi. Bhí an t-asal anois árduighthe suas ó'n dtalamh
ar fad, & d'imthigheadar rómpa leis go lán-tsásta nó
gur casadh fear orra, & chomh luath is chonnaic seisean
iad chuir sé scairt gáiridhe as.



“Nach sibhse na fir simplidhe!” ar seisean. “Cia'n
sórt amadánachta atá ar bun agaibh 'chor ar bith, bheith
ag iomchur an stróinse sin d'asal?”



“Tá an ceart agat,” ars an muillneóir, & náire
mhór air faoi é bheith chomh seafóideach sin; “chídhim
anois go soilléir go ndearnadh mé rud an-díchéil-
lidhe.”



Leis sin, sgaoil sé amach an beitheadhach, & thiomáin
roimhe é. B'fhearr leis an asal bheith mar bhí sé 'ná
bheith ag siubhal, & thosuigh sé ag gearán; acht ní raibh
áird aca air. Suas leis an mac annsin ar a mhuin,
acht ba ghearr dó ar marcuigheacht nuair casadh duine
eile orra.



“Maise,” ar seisean leis an mbuachaill, “nach tú
an sgraiste gan chroidhe. Badh chóir go mbeadh náire
ort bheith ag marcuidheacht mar isn, & d'athair bocht go
trom tuirseach ag siubhal id' dhiaidh. Gabh anuas — is
cruaidh gasta an garsún thú, & badh cheart duit siubhal
& leigean do'n sean-fhear dul ar mhuin an asail.”



“A dhuine uasail,” ars an muillneóir, “bíodh foighid
agat, & déanfamaoid do chomhairle.”



Annsin tháinic an buachaill anuas go tapaidh, &
chuaidh a athair 'na áit. Bhíodar ag cur an bhóthair díobh
go deas réidh 'na dhiaidh sin nó gur theangmhuigh cailín
óg leó, & bhí locht eile aici-se le fagháil orra.



“Go deimhin féin,” ar sise, “is náireach an rud
d'fhiachaibh a chur ar an mbuachaillín lag sin siubhal &
a leithéid sin de shean-fhear seafóideach ar a shocamh-
lacht thuas ar an asal. Agus, 'na dhiaidh sin, is dóigh
leis go bhfuil sé an-chríona, mar tá sé ag cur cuma
easbuig air féin.”



Dar ndóigh shaoil an t-athair go raibh an ceart ag
an gcailín, &, d'á bhrígh sin, dubhairt sé le n-a mhac
suidhe suas taobh thiar de. Rinne sé amhlaidh; acht
anois thosuigh an t-asal ag clamhsán:



“Ó!” adeir sé, “nach neamh-thrócaireach na daoine
sibh bheith ag tabhairt aoide chomh gránda sin ar bheith-
eadhach bhocht mar mise, & fios maith agaibh go raibh mé
'mo sheirbhíseach dhílis dhíbh i gcomhnuidhe. A mháighistir
tá mé leath-mharbh agaibh — ”



“Bog leat as sin! — bog leat, a asail, & ná bí 'ár
mbodhrughadh.”



Tamall geárr tar éis sin bhuail daoine eile leó &
chrom siad go léir ar ghearán. Dubhairt fear aca:



“Ní'l ionnta so acht amadáin.”



“Tá an t-asal bocht creapálta aca,” arsa fear
eile; “gheabhaidh sé bás faoi an ualach, & is deimhin
nach mian leó a dhíol ar an aonach acht a chroiceann.”



“Dar fiadh!” ars an muillneóir, go feargach, “is
amadán dá ríribh an té a bhfuil súil aige gach uile
dhuine a shásadh; acht féach! b'fhéidir go bhfuil sé n-ar
gcumas an chúis a réidhteach 'sa gcaoi nach mbéidh na
daoine a' magadh fúinn mar so.”



Leis sin, tháinic siad anuas, & sgaoileadar an
t-asal amach rompa. Nuair mhothuigh sé an t-ualach
bainte dhe tháinic áthas mór air, & chuaidh sé ar aghaidh
go lán-tapaidh. Is ar éigin bhíodar míle bealaigh
nuair thosuigh fear eile a bhí ag gabháil na slighe ag
fagháil locht orra arís.



“Cia dubhairt leat siubhal,” ar seisean leis an
muillneóir, “& d'asal leigean romhat gan dada
ar a mhuin?”



“Tá an ceart agat,” d'fhreagair an máighistir,
“rinne na daoine eile a casadh orainn an chasoid
chéadna; acht is cuma liomsa anois cia aca milleán
nó moladh thiubhras daoine dham — déanfaidh mé mo
rogha féin feasda.”



Rinne sé amhlaidh, & b'é a leas é.



Conn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services