Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Muilionn Olna
Title
Muilionn Olna
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Muilionn Olna Cuireadh Muilionn Olna 1 léinteacha ar siubhal i Slig- each le goirid, le obair a thabhairt do dhaoinibh na háite. Tá súil ag an muinntir do chuir an Muilionn seo ar bun go gcoinneoghaidh sé daoine ó bheith ag imtheacht as baile, le bheith agá slugadh suas (nó síos) i gclam- par & í mí-ágh an tsaoghail. Is ar mhodh an chomh-oibrighthe atá an Muilionn le n-imtheacht — sé sin le rádh, béidh sé do cheart ag éinne a chuirfeas a chuid airgid ann, a ladhar a bheith aige 'san gcaoi a dtiocfaidh an obair ar aghaidh. Ní chuirfear tréas ar dhuine fá rud ar bith, acht, fá an dúil atá aige an obair a dhul 'un cinn, & an cungnamh do thiubhras sé dhi. Fuaradar leith-chéad oibrightheóir ar a dtugtar “meisíneanna,” & ar an toirt is ar fosgladh a teach casadh an rótha & thosuigh deich gcinn fhichead aca ag obair. Tá teach fada fair- sing aca ina bhfuil slighe ag dhá chéad saothruighthe & ní'l fútha fá láthair acht léinteacha do dhéanamh. Sé an tEasbog Mac Fhlannchadha, i n-Ailfinn, a dubhairt an chainnt do bhí le rádh nuair tosuigheadh an obair. Do réir a chomhráidh, ní'l muinntir Bhaile Shligigh ag cuideachan leis an obair. Ní'l a deir sé, go dtí seo, do dhaoinibh an bhaile ag comh-oibriughadh leis an iarracht so acht mar atá 170, & as an méid sin tá leith-chéad nár thóg acht éan chuid amháin. Badh mhaith leis dá nglacfadh an leith-chéad sain misneach & naoi gcuid eile do thógáil; & i mbaile mar Shligeach, adeir sé, is 500 duine badh cheart a bheith ann i n-ionad 170 do chuideóchadh leis an saothar, dá mbadh leó dhul 'un cinn, & éirghe as stáid an bhochtanais ina bhfuilid. Bhí an ceart ag an easbog inar dhubhairt sé, acht tá na daoine chomh droch-mhisneamhail & chomh drugalach sain ar obair do'n tsaghas do thógáil idir lámhaibh, & tá an neamh- eólas & an cleachtadh ar an mbochtanas chomh buailte sin isteach ina gcnámhaibh, nach iongnadh ar bith gan níos mó 'ná tuairim céad go leith a bheith 'san mbaile ag a bhfuil muinighin asta féin. Ní'l dadadh le déanamh ag an gcéad go leith seo acht déanamh ar aghaidh go dío- casach, dóchasach, láidir, gan breathnughadh ina ndiaidh go deó, nó go gcuirfidh siad an Muilionn seo ar bhun nach dtiubhraidh uaidh. Annsin gheobhaid an oiread cun- ganta & theastuigheas uatha, tiocfaidh sé isteach chuca gan iarraidh, gan éiliughadh. D'innis an tEasbog dóibh gur ar na hoibrighthibh féin a thuiteas an obair do chur 'un tosaigh nó 'un deiridh. Má ghníonn siad a gcuid oibre go dílis, fírinneach, cneasta, adeir sé, & taisbeáint go bhfuil dúil aca gan a bheith ar deireadh, tá leó. Tá rud éigin eile ag teastáil uatha, chomh maith, & sé sin léinteacha do dhéanamh chomh maith le ceannaibh ar bith eile atá ag teacht ar an margadh. Muna ndéanaid sin, tá siad buailte.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services