Muilionn Olna
Cuireadh Muilionn Olna 1 léinteacha ar siubhal i Slig-
each le goirid, le obair a thabhairt do dhaoinibh na háite.
Tá súil ag an muinntir do chuir an Muilionn seo ar
bun go gcoinneoghaidh sé daoine ó bheith ag imtheacht
as baile, le bheith agá slugadh suas (nó síos) i gclam-
par & í mí-ágh an tsaoghail. Is ar mhodh an chomh-oibrighthe
atá an Muilionn le n-imtheacht — sé sin le rádh, béidh
sé do cheart ag éinne a chuirfeas a chuid airgid ann, a
ladhar a bheith aige 'san gcaoi a dtiocfaidh an obair ar
aghaidh. Ní chuirfear tréas ar dhuine fá rud ar bith,
acht, fá an dúil atá aige an obair a dhul 'un cinn, &
an cungnamh do thiubhras sé dhi. Fuaradar leith-chéad
oibrightheóir ar a dtugtar “meisíneanna,” & ar an
toirt is ar fosgladh a teach casadh an rótha & thosuigh
deich gcinn fhichead aca ag obair. Tá teach fada fair-
sing aca ina bhfuil slighe ag dhá chéad saothruighthe &
ní'l fútha fá láthair acht léinteacha do dhéanamh.
Sé an tEasbog Mac Fhlannchadha, i n-Ailfinn, a
dubhairt an chainnt do bhí le rádh nuair tosuigheadh an
obair. Do réir a chomhráidh, ní'l muinntir Bhaile Shligigh
ag cuideachan leis an obair. Ní'l a deir sé, go dtí
seo, do dhaoinibh an bhaile ag comh-oibriughadh leis an
iarracht so acht mar atá 170, & as an méid sin tá
leith-chéad nár thóg acht éan chuid amháin. Badh mhaith
leis dá nglacfadh an leith-chéad sain misneach & naoi
gcuid eile do thógáil; & i mbaile mar Shligeach, adeir
sé, is 500 duine badh cheart a bheith ann i n-ionad 170
do chuideóchadh leis an saothar, dá mbadh leó dhul 'un
cinn, & éirghe as stáid an bhochtanais ina bhfuilid. Bhí an
ceart ag an easbog inar dhubhairt sé, acht tá na daoine
chomh droch-mhisneamhail & chomh drugalach sain ar obair
do'n tsaghas do thógáil idir lámhaibh, & tá an neamh-
eólas & an cleachtadh ar an mbochtanas chomh buailte
sin isteach ina gcnámhaibh, nach iongnadh ar bith gan níos
mó 'ná tuairim céad go leith a bheith 'san mbaile ag a
bhfuil muinighin asta féin. Ní'l dadadh le déanamh ag
an gcéad go leith seo acht déanamh ar aghaidh go dío-
casach, dóchasach, láidir, gan breathnughadh ina ndiaidh
go deó, nó go gcuirfidh siad an Muilionn seo ar bhun
nach dtiubhraidh uaidh. Annsin gheobhaid an oiread cun-
ganta & theastuigheas uatha, tiocfaidh sé isteach chuca
gan iarraidh, gan éiliughadh.
D'innis an tEasbog dóibh gur ar na hoibrighthibh féin
a thuiteas an obair do chur 'un tosaigh nó 'un deiridh.
Má ghníonn siad a gcuid oibre go dílis, fírinneach,
cneasta, adeir sé, & taisbeáint go bhfuil dúil aca gan
a bheith ar deireadh, tá leó. Tá rud éigin eile ag
teastáil uatha, chomh maith, & sé sin léinteacha do
dhéanamh chomh maith le ceannaibh ar bith eile atá ag
teacht ar an margadh. Muna ndéanaid sin, tá siad
buailte.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11