Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Tá Rath Bhoth níos measa arís 'ná an Liffeir. Tá níos mó searbhán ann, & tá siad níos láidre. Níos measa 'ná sin, leanaid na Gaedhil i gcoiscéimean- naibh na searbhán — leanann siad a nósa & a mbéasa, a gcuid faision & a gcuid cainnte; leanann siad fosda a ndroch-chleachta. Tá na searbháin fá Rath Bhoth tugtha do'n chearrbhuidheacht, & is gnáthach leó geallta do chur ar rásaibh & a leithéid. D'áirigh mé go raibh na Gaedhil fá Rath Bhoth tugtha do na cleasaibh céadna. Táid fosda umhal do ríoghraibh Shasana. Nuair fuair bainrioghan Shasanna bás tá tamall ó shoin, bhí daoine de shliocht Gaedhil cráidhte mar gheall ar an bhás sin, & in aimsir an chorónuighthe seo chugainn béidh Gaedhil i Rath Bhoth ag árdughadh brat & ag séideadh stoc mar gheall air. Ar ndóigh chá chuirfeadh duine ar bith i Rath Bhoth suim ar bith i nGaedhilg nó i nGaedhealtacht. Ní múin- tear Gaedhilg i sgoil ar bith i Rath Bhoth nó i ndeas dó. Tá ceithre sgolta Catoiliceacha 'sa' pharóisde & tá Gaedhilg ag cuid de na máighistríbh sgoile, acht ní'l aon ghar ann, níl an Ghaedhilg dhá teagasg. D'impigh Easpog Ratha Bhoth, ag cruinniughadh puiblidhe i Leitir- ceanainn i Mí na Nodlag so chuaidh thart, ar máighis- tríbh sgoile múinteachas Gaedhilge do chur 'un tosaigh i ngach sgoil 'sa' díoghasa; acht chá dtugtar mórán airde ar a athchuinge i Rath Bhoth nó i áiteachaibh níos foigse dá dhoras féin. Caithfidh criotha-talmhan teacht má tá sé i ndán dúinn spiorad na seóinín do dhíbirt ó'n tír seo. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services