Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Tá Rath Bhoth níos measa arís 'ná an Liffeir. Tá
níos mó searbhán ann, & tá siad níos láidre. Níos
measa 'ná sin, leanaid na Gaedhil i gcoiscéimean-
naibh na searbhán — leanann siad a nósa & a mbéasa,
a gcuid faision & a gcuid cainnte; leanann siad
fosda a ndroch-chleachta. Tá na searbháin fá Rath Bhoth
tugtha do'n chearrbhuidheacht, & is gnáthach leó geallta
do chur ar rásaibh & a leithéid. D'áirigh mé go raibh
na Gaedhil fá Rath Bhoth tugtha do na cleasaibh céadna.
Táid fosda umhal do ríoghraibh Shasana. Nuair fuair
bainrioghan Shasanna bás tá tamall ó shoin, bhí daoine
de shliocht Gaedhil cráidhte mar gheall ar an bhás sin,
& in aimsir an chorónuighthe seo chugainn béidh Gaedhil
i Rath Bhoth ag árdughadh brat & ag séideadh stoc mar
gheall air.
Ar ndóigh chá chuirfeadh duine ar bith i Rath Bhoth
suim ar bith i nGaedhilg nó i nGaedhealtacht. Ní múin-
tear Gaedhilg i sgoil ar bith i Rath Bhoth nó i ndeas dó.
Tá ceithre sgolta Catoiliceacha 'sa' pharóisde & tá
Gaedhilg ag cuid de na máighistríbh sgoile, acht ní'l
aon ghar ann, níl an Ghaedhilg dhá teagasg. D'impigh
Easpog Ratha Bhoth, ag cruinniughadh puiblidhe i Leitir-
ceanainn i Mí na Nodlag so chuaidh thart, ar máighis-
tríbh sgoile múinteachas Gaedhilge do chur 'un tosaigh
i ngach sgoil 'sa' díoghasa; acht chá dtugtar mórán
airde ar a athchuinge i Rath Bhoth nó i áiteachaibh níos
foigse dá dhoras féin. Caithfidh criotha-talmhan teacht
má tá sé i ndán dúinn spiorad na seóinín do dhíbirt
ó'n tír seo.
Cú Uladh