Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalta Thairis - An Hata
Title
Sgéalta Thairis - An Hata
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sgéalta Thairis An Hata Is cosmhail go bhfuil an samhradh i Longphurt fá dheireadh, nó muna bhfuil go bhfuil teas mór 'sa ngréin ann. Chuaidh fear isteach i siopa ann le hata tuighe a cheannach, & d'iarr sé ceann Gaedhealach. D'fhéach an buachaill siopa air, & tháinig falrach gáirid air fá rádh is go mbéadh a leithéid do rud ag á dhéanamh i nÉirinn. Nuair a bhí an sgiotaraighil gháirid thart ag an mbuachaill ionnusach so, dubhairt sé nach raibh hataí tuighe Gaedhealach aca insan siopa, acht go gcuirfeadh sé ceann ag á dheasughadh dhó, dhá dtogróchadh sé é. D'iompuigh an fear eile ar a sháil, ag rádh “Go bhfortuighidh Dia ar an tír seo,” & bhuail sé amach, & isteach leis i dteach eile. D'iarr sé hata tuighe a déanadh i nÉirinn. Taisbeánadh hataí dhó ar a raibh an comhartha go ndearnadh sa' tír seo iad, & dubhradh leis gurab iad sain na hataí a bhí uaidh. Acht bhraith an fear an chneábhaireacht, & ní raibh sé ag dul amudha. Is hataí tar lear do bhí insna hataíbh seo ar a raibh comhartha déantús na hÉireann, & tá an fear ar lorg hata tuighe fós. Deirtear go ndéantar hataí tuighe i n-áit éigin i gCorcaigh, & go bhfuilid le feicsin dá ndéanamh ag an Taisbeántas gach uile lá. Má sgríobhann an fear i Longphurt go dtí rúnaire an Taisbeántais, is dóigh go gcuirfidh seisean an tÉireannach, nach féidir leis hata ar a mhéin d'fhagháil, ar an eólas. Na Tighthe Ósta Rinne na Iúistíseacha obair mhaith 'san roinn thoir do Chonndae Luimnigh an mhí seo chuaidh tharainn. Rinne- adar rún gan cead nua a thabhairt d'éinneach biot- áille do dhíol i mbaile mór 'ná i sráid-bhaile nó go gcaillfeadh triúr atá ag díol bhiotáille cheana an cead atá aca. Rinneadar rún eile .i. gan cead nua a thabhairt i n-éan-chor biotáille a dhíol i dteach fá'n tuaith; & sé an treas rún do rinneadar a bheith go han-dian ar óstóiribh a bhrisfeadh an dlighe ag díol bhiotáille ar an Domhnach. Sé an fó-bhreitheamh do ghlaoidh na Iúistíseacha i gceann a chéile, & dubhairt sé nuair a bhíodar ag cainnt gur cheap comhaltas do cuireadh ag sgrúdughadh na ceiste go raibh dóthain mhór na ndaoine i dteach ósta i n-aghaidh gach éan tseacht gcéad go leith duine. “Acht,” adeir sé, “tá éan bhaile amháin againn i gConndae Luimnigh gan ann acht seacht gcéad is éan duine déag is dá fhichid, & tá teach ósta is dá fhichid ann. Agus is beag nach bhfuil gach sráid-bhaile eile chomh dona leis. Níl deagh-dhuine 'san tír nach bhfuil i gcoinne cur le nuimhir na dtighthe ósta so, & caithfear iad do laghdughadh.” Ná síleadh éan duine dhá gcuirfidhe dhá chuid na dtighthe ósta i leath taobh go ndéanfadh an tríomhadh cuid eile a saidhbhreas as an obair. Ní bhaineann an tríomhadh cuid, ná an ceathramhadh cuid do'n mhéid atá ag díol ósta anois a mbeatha as an obair. Dá gcaithfidís a mbeatha do baint as an mbiotáille dhíolann siad ó cheann ceann na seachtmhaine, chaillfidhe leis an ocras iad i n-imtheacht míosa. Cothuigheann siad iad féin leis an mbrabach a bhaineas siad as earraidh eile. Agus dá mbéadh sé ina dhlighe nar bh'fhéidir le óstóir éinnidh eile do dhíol acht ósta ní bhéadh do thighthibh ósta insa' tír seo fá cheann leath- bhliadhna acht mar bhéadh tuairim ceathramhadh cuid nó an cúigeadh cuid dá bhfuil ann anois. Beartuidheacht Tá Albanach ag obair fá Bhord an Oideachais Ceárduigheachta & Talmhuigheachta i nÉirinn, & tá sé ag imtheacht anonn is anall ar fuaid na tíre mar sgrúduightheóir insna sgolaibh fá'n mBord sain. Tuairim dhá bhliadhain ó shoin bhí sé i gCeatharlach, & dubhairt sé le lucht na sgoile cearduigheachta 'san áit sin dhá leagaidís amach pighinn 'sa £1 do fhagháil le
haghaidh sgoil do chur ar bun fá an mbord go bhfuighdís an oiread eile, & bhaileoghaidís ar an gcuma sain ó'n Riaghaltas, & an oiread eile ó Chomhaltas an Bhuird. Acht tuigid anois nach bhfuighid pighinn ná bonn ó'n Riaghaltas, & go dtuiteann orra féin an sgoil do chothughadh, nó leigeann di bás fhagháil. An múintear gabhnuigheacht & talamhuigheacht ins na sgolaibh seo chor ar bith, na ceird a bhéadh fúinnteach do dhuine? An múintear figheacháin ionnta? Má táthar ag iarraidh figheachán do mhúnadh ionnta is beag dá shlacht ar an éadach a thigeas ó na figheadóiribh. An múintear le pota rois a chur, & cé an talamh is fearr a thiubhradh toradh, & nuair bhéas sé fásta, lena bhain, lena bháthadh, lena thuar, lena chruadhchan, lena bhualadh, lena ghairmid, lena chíoradh ar an siostal, lena sníomh, lena thochras, lena dheilbh, & uaidh sin éadach do dhéanamh dhe? Is úsáidighe an obair a bhéadh ar an Albanach dhá múinfeadh sé do dhuine le pota rois a chur ag éadach a dhéanamh dhe, ná bheith ag déanamh gealltamais nach bhfuil sé i n-ann a chóimhlíonadh. An Bhó. Tugadh cúis chum na cúirte an lá cheana i nDun Dalgáin i dtaoibh bó ionlaogh. Chuir fear darab ainm Ua Baoghail fear eile, Micheál Ua Cathmhaoil, 'un an aonaigh go gceannoghadh sé bó ionlaogh dhó. Cheannuigh an Cathmhaolach an bhó & bhí sé cheithre mhí 'na dhiaidh sin sul rug sí. Dubhairt an Cathmhaolach gur dhubhairt an fear ó n-ar cheannuigh sé an bhó go mbéadh laogh aici i gceann coicthidhse, acht shéan an fear eile sin & dubhairt sé nár fiarfuigheadh ceist ar bith dhe féin acht an raibh sí slán folláin. Dubhairt an fear eile go raibh, chomh fada is bhí fhios aige féin — ní raibh sí aige ach timcheall ráithe — & maidir le bheith ionlaogh adeir sé “tá ís annsin agat fhéin le bhreathnughadh uirri.” Chreid an breitheamh an fhiadhnaise sin, & dubhairt sé nár bh'fhéidir nach n-aithneóchadh ceannachóirí chomh grinn le Clann Chathmhaoil — bhí beirt diobh ann — má bhí an bhó i bhfoigseacht coicthidhis do laogh nó muna raibh, & ní fbhuair Mac Uí Bhaoghail pioc sásaimh. Bhí buachaill óg, nó badh córa sean-bhuachaill a thabhairt air, mar bhí se i ndeireadh na ndéaga, ag iasgach tamall ó shoin ar an gcéibh i nDún Laoghaire, ag an dó dhéag a chlog san oidhche. B'fhéidir gur thuit an codladh air, & b'fhéidir nár thuit, acht sgior sé, & amach leis i ndiaidh a chinn roimhe 'san uisge. Thosuigh sé ag gárthaighil & ag glaodhach, nó gur chuala fear a bhíos ag obair ar an gcéibh é, & rith sé dtí é, & tharraing isteach é. Sin dhá nidh nár orduigh Críost Bean ag feadaighil ná cearc ag glaodhach. Sean-fhocal. Tháinig beirt pháisdí anall ó Ameiriocá an lá cheana, gan éinneach 'gá gcumhdach acht oifigí na luinge. Ba deirbhshiúr & dearbhráthair a bhí ionnta. Bhí an buachaill beag ocht mbliadhna d'aois, & an cailín cheithre bliadhna. Dubhradar go raibh a n-athair beó thall, acht go bhfuair a máthair bás ann, & go rabhadar féin ag dul go Conndae Mhuineacháin go dtí n-a sean-athair. Deirtear go raibh an deirbhshiúr ar chúram an bhuachalla, & go raibh sé ag tabhairt an oiread aire dhi & dá mbéadh sé in' fhear. Is maith óg a bhí na páisdí bochta ar sheachrán an tsaoghail. Ní féidir le duine bheith ag feadaighil is ag ithe mine. Sean-fhocal Is i Siléisia atá an poll is doimhne do rinneadh insa' saoghal so fós. Tá sé míle is dhá dtrian ar domhain, nó 8,800 troith. Tá tobar ola i nAmeiriocá atá 5,000 troith ar domhain. Acht cé an doimhneacht atá insa' bhfairrge? Fríoth éan-pholl amháin ann atá os cionn chúig mhíle síos, & is iomdha áit insan bhfairrge nár fríoth a thóin fós. Tuairim chúig mhíle ar áirde atá an cnoc is áirde insa' domhan, & is insna hIndiachaibh Thoir atá sé. Nach beag an éifeacht atá insna daoinibh nuair nach féidir leó tóin an phoill is doimhne d'fhagháil. Níl rud ar bith ag dul thar inntleacht an duine acht soillse lae is uisge — Sean-fhocal. Ar chóstaibh Chorcaighe níor bh'fhéidir a dhul amach ag iasgach runnaigh le coichtidhis acht tuairim cheithre oidhche. An oidhche dheireadh díobh sain bhí ó dhá chéad go dtí dhá mhíle runnach ag na hiargairibh acht is beag an lán é sin. Bhí an aimsir chomh garbh nár fhead bád sróin a chur amach gan a bheith i gcontabhairt. Dá bhfuighidís an t-iasg le dhul i gcontabhairt níor chás leó é, acht d'éis na daoine bochta bheith go minic i ngairbhshion & fá'n bhfuacht ní bhíonn dadadh dá bhárr aca. “Meg! Meg!” ars an gabhar, “Mea! Mea!” ars an chaora, “Dar fiadh,” ars an gabhar, “Tá tart ar an gcaoirigh.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services