Sgéalta Thairis
An Hata
Is cosmhail go bhfuil an samhradh i Longphurt fá
dheireadh, nó muna bhfuil go bhfuil teas mór 'sa ngréin
ann. Chuaidh fear isteach i siopa ann le hata tuighe a
cheannach, & d'iarr sé ceann Gaedhealach. D'fhéach an
buachaill siopa air, & tháinig falrach gáirid air fá rádh
is go mbéadh a leithéid do rud ag á dhéanamh i
nÉirinn. Nuair a bhí an sgiotaraighil gháirid thart ag
an mbuachaill ionnusach so, dubhairt sé nach raibh hataí
tuighe Gaedhealach aca insan siopa, acht go gcuirfeadh
sé ceann ag á dheasughadh dhó, dhá dtogróchadh sé é.
D'iompuigh an fear eile ar a sháil, ag rádh “Go
bhfortuighidh Dia ar an tír seo,” & bhuail sé amach, &
isteach leis i dteach eile. D'iarr sé hata tuighe a
déanadh i nÉirinn. Taisbeánadh hataí dhó ar a raibh
an comhartha go ndearnadh sa' tír seo iad, & dubhradh
leis gurab iad sain na hataí a bhí uaidh. Acht bhraith
an fear an chneábhaireacht, & ní raibh sé ag dul amudha.
Is hataí tar lear do bhí insna hataíbh seo ar a raibh
comhartha déantús na hÉireann, & tá an fear ar
lorg hata tuighe fós.
Deirtear go ndéantar hataí tuighe i n-áit éigin i
gCorcaigh, & go bhfuilid le feicsin dá ndéanamh ag an
Taisbeántas gach uile lá. Má sgríobhann an fear i
Longphurt go dtí rúnaire an Taisbeántais, is dóigh go
gcuirfidh seisean an tÉireannach, nach féidir leis hata
ar a mhéin d'fhagháil, ar an eólas.
Na Tighthe Ósta
Rinne na Iúistíseacha obair mhaith 'san roinn thoir do
Chonndae Luimnigh an mhí seo chuaidh tharainn. Rinne-
adar rún gan cead nua a thabhairt d'éinneach biot-
áille do dhíol i mbaile mór 'ná i sráid-bhaile nó go
gcaillfeadh triúr atá ag díol bhiotáille cheana an
cead atá aca. Rinneadar rún eile .i. gan cead nua
a thabhairt i n-éan-chor biotáille a dhíol i dteach fá'n
tuaith; & sé an treas rún do rinneadar a bheith go
han-dian ar óstóiribh a bhrisfeadh an dlighe ag díol
bhiotáille ar an Domhnach.
Sé an fó-bhreitheamh do ghlaoidh na Iúistíseacha i
gceann a chéile, & dubhairt sé nuair a bhíodar ag
cainnt gur cheap comhaltas do cuireadh ag sgrúdughadh
na ceiste go raibh dóthain mhór na ndaoine i dteach
ósta i n-aghaidh gach éan tseacht gcéad go leith duine.
“Acht,” adeir sé, “tá éan bhaile amháin againn i
gConndae Luimnigh gan ann acht seacht gcéad is éan
duine déag is dá fhichid, & tá teach ósta is dá fhichid
ann. Agus is beag nach bhfuil gach sráid-bhaile eile
chomh dona leis. Níl deagh-dhuine 'san tír nach bhfuil i
gcoinne cur le nuimhir na dtighthe ósta so, & caithfear
iad do laghdughadh.”
Ná síleadh éan duine dhá gcuirfidhe dhá chuid na
dtighthe ósta i leath taobh go ndéanfadh an tríomhadh
cuid eile a saidhbhreas as an obair. Ní bhaineann an
tríomhadh cuid, ná an ceathramhadh cuid do'n mhéid atá
ag díol ósta anois a mbeatha as an obair. Dá
gcaithfidís a mbeatha do baint as an mbiotáille
dhíolann siad ó cheann ceann na seachtmhaine, chaillfidhe
leis an ocras iad i n-imtheacht míosa. Cothuigheann
siad iad féin leis an mbrabach a bhaineas siad as
earraidh eile. Agus dá mbéadh sé ina dhlighe nar
bh'fhéidir le óstóir éinnidh eile do dhíol acht ósta ní
bhéadh do thighthibh ósta insa' tír seo fá cheann leath-
bhliadhna acht mar bhéadh tuairim ceathramhadh cuid nó
an cúigeadh cuid dá bhfuil ann anois.
Beartuidheacht
Tá Albanach ag obair fá Bhord an Oideachais
Ceárduigheachta & Talmhuigheachta i nÉirinn, & tá sé
ag imtheacht anonn is anall ar fuaid na tíre mar
sgrúduightheóir insna sgolaibh fá'n mBord sain.
Tuairim dhá bhliadhain ó shoin bhí sé i gCeatharlach, &
dubhairt sé le lucht na sgoile cearduigheachta 'san áit
sin dhá leagaidís amach pighinn 'sa £1 do fhagháil le
haghaidh sgoil do chur ar bun fá an mbord go bhfuighdís
an oiread eile, & bhaileoghaidís ar an gcuma sain ó'n
Riaghaltas, & an oiread eile ó Chomhaltas an Bhuird.
Acht tuigid anois nach bhfuighid pighinn ná bonn ó'n
Riaghaltas, & go dtuiteann orra féin an sgoil do
chothughadh, nó leigeann di bás fhagháil.
An múintear gabhnuigheacht & talamhuigheacht ins na
sgolaibh seo chor ar bith, na ceird a bhéadh fúinnteach
do dhuine? An múintear figheacháin ionnta? Má
táthar ag iarraidh figheachán do mhúnadh ionnta is beag
dá shlacht ar an éadach a thigeas ó na figheadóiribh. An
múintear le pota rois a chur, & cé an talamh is fearr
a thiubhradh toradh, & nuair bhéas sé fásta, lena bhain,
lena bháthadh, lena thuar, lena chruadhchan, lena bhualadh,
lena ghairmid, lena chíoradh ar an siostal, lena
sníomh, lena thochras, lena dheilbh, & uaidh sin éadach
do dhéanamh dhe? Is úsáidighe an obair a bhéadh ar an
Albanach dhá múinfeadh sé do dhuine le pota rois a
chur ag éadach a dhéanamh dhe, ná bheith ag déanamh
gealltamais nach bhfuil sé i n-ann a chóimhlíonadh.
An Bhó.
Tugadh cúis chum na cúirte an lá cheana i nDun
Dalgáin i dtaoibh bó ionlaogh. Chuir fear darab
ainm Ua Baoghail fear eile, Micheál Ua Cathmhaoil,
'un an aonaigh go gceannoghadh sé bó ionlaogh dhó.
Cheannuigh an Cathmhaolach an bhó & bhí sé cheithre mhí
'na dhiaidh sin sul rug sí. Dubhairt an Cathmhaolach
gur dhubhairt an fear ó n-ar cheannuigh sé an bhó go
mbéadh laogh aici i gceann coicthidhse, acht shéan an
fear eile sin & dubhairt sé nár fiarfuigheadh ceist ar
bith dhe féin acht an raibh sí slán folláin. Dubhairt an
fear eile go raibh, chomh fada is bhí fhios aige féin —
ní raibh sí aige ach timcheall ráithe — & maidir le
bheith ionlaogh adeir sé “tá ís annsin agat fhéin le
bhreathnughadh uirri.”
Chreid an breitheamh an fhiadhnaise sin, & dubhairt sé
nár bh'fhéidir nach n-aithneóchadh ceannachóirí chomh grinn
le Clann Chathmhaoil — bhí beirt diobh ann — má bhí an
bhó i bhfoigseacht coicthidhis do laogh nó muna raibh, & ní
fbhuair Mac Uí Bhaoghail pioc sásaimh.
Bhí buachaill óg, nó badh córa sean-bhuachaill a
thabhairt air, mar bhí se i ndeireadh na ndéaga, ag
iasgach tamall ó shoin ar an gcéibh i nDún Laoghaire,
ag an dó dhéag a chlog san oidhche. B'fhéidir gur thuit
an codladh air, & b'fhéidir nár thuit, acht sgior sé,
& amach leis i ndiaidh a chinn roimhe 'san uisge.
Thosuigh sé ag gárthaighil & ag glaodhach, nó gur
chuala fear a bhíos ag obair ar an gcéibh é, & rith sé
dtí é, & tharraing isteach é.
Sin dhá nidh nár orduigh Críost
Bean ag feadaighil ná cearc ag glaodhach.
Sean-fhocal.
Tháinig beirt pháisdí anall ó Ameiriocá an lá cheana,
gan éinneach 'gá gcumhdach acht oifigí na luinge. Ba
deirbhshiúr & dearbhráthair a bhí ionnta. Bhí an
buachaill beag ocht mbliadhna d'aois, & an cailín
cheithre bliadhna. Dubhradar go raibh a n-athair beó
thall, acht go bhfuair a máthair bás ann, & go rabhadar
féin ag dul go Conndae Mhuineacháin go dtí n-a
sean-athair. Deirtear go raibh an deirbhshiúr ar
chúram an bhuachalla, & go raibh sé ag tabhairt an
oiread aire dhi & dá mbéadh sé in' fhear. Is maith óg
a bhí na páisdí bochta ar sheachrán an tsaoghail.
Ní féidir le duine bheith ag feadaighil is ag ithe mine.
Sean-fhocal
Is i Siléisia atá an poll is doimhne do rinneadh
insa' saoghal so fós. Tá sé míle is dhá dtrian ar
domhain, nó 8,800 troith. Tá tobar ola i nAmeiriocá
atá 5,000 troith ar domhain. Acht cé an doimhneacht
atá insa' bhfairrge? Fríoth éan-pholl amháin ann atá
os cionn chúig mhíle síos, & is iomdha áit insan
bhfairrge nár fríoth a thóin fós. Tuairim chúig mhíle ar
áirde atá an cnoc is áirde insa' domhan, & is insna
hIndiachaibh Thoir atá sé. Nach beag an éifeacht atá
insna daoinibh nuair nach féidir leó tóin an phoill is
doimhne d'fhagháil.
Níl rud ar bith ag dul thar inntleacht an duine acht
soillse lae is uisge — Sean-fhocal.
Ar chóstaibh Chorcaighe níor bh'fhéidir a dhul amach ag
iasgach runnaigh le coichtidhis acht tuairim cheithre oidhche.
An oidhche dheireadh díobh sain bhí ó dhá chéad go dtí dhá
mhíle runnach ag na hiargairibh acht is beag an lán é sin.
Bhí an aimsir chomh garbh nár fhead bád sróin a chur amach
gan a bheith i gcontabhairt. Dá bhfuighidís an t-iasg le
dhul i gcontabhairt níor chás leó é, acht d'éis na daoine
bochta bheith go minic i ngairbhshion & fá'n bhfuacht ní
bhíonn dadadh dá bhárr aca.
“Meg! Meg!” ars an gabhar,
“Mea! Mea!” ars an chaora,
“Dar fiadh,” ars an gabhar,
“Tá tart ar an gcaoirigh.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11