Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Is ró-ghallda an baile an tSráth Bán. Taobh amuich de bheagán poilitidheachta, ní raibh go dtí tá tamall ó shoin ann duine 'sa' bhaile do chuir suim i nGaedhilg nó i neidhthibh Gaedhealacha. Ní'l acht cúpla lá ó shoin ann ó chuartuigh mé an baile go léir le péire bróg d'fhagháil de dhéantúsaibh na hÉireann, & chá dtiocfadh liom péire d'fhagháil. Agus chá dtiocfadh liom hata d'fhagháil a raibh déanta i nÉirinn. Chá raibh an lucht siopa acht ag déanamh magaidh orm trácht ar a leithéid. Tá na sagairt & dornán buachaill óg ag déanamh a ndíchill le spiorad Ghaedhealach do chothughadh 'sa' bhaile, & tá Gaedhilgeóir fasduighthe aca leis an teanga do theagasg, & chuir siad camánachd ar bun go deirionnach; acht, ar son a gcoda saothair & uile, tá trom-ualach an Ghalldachais 'na luighe mar duibh- néal ar an bhaile. Agus is measa tá an seóiníneacht 'na an Galldachas féin. Má's dona an sgéal atá agam le hinnsint ar an tSráth Bán, is measa seacht n-uaire an sgéal atá agam ar na sráid-bhailtibh i dTír Chonaill atá comh- garach do'n tSráth Bán. Taobh thall de'n droichead ó Sráth Bán tá an sráid-bhaile an Liffeir. Port-na- dTrí-Námhad tugadh ar an áit seo 'san tsean-aimsir. Bhí dún nó caisleán ag Cloinn Uí Dhomhnaill ann, & is ins an chaisleán sin do chomhnuidhe an Mághnus Ó Domh- naill úd do sgríobh Beatha Choluim-Chille. I n-aimsir Aodha Ruaidh ba mhinic dó fuaracht 'san áit sin, & a airm do ghléasadh ann fá choinne troid do dhéanamh i n-aghaidh a námhad. Nuair d'imir Naill Garbh an feill- bheart uathbhásach air, & thug cuidiughadh do na Gallaibh is go dtí Liffeir do stiúraigh sé iad 'sa' chéad áit, le hionnsaidhe thabhairt ar Thír Chonaill, & is ag troid i n-aghaidh na nGall & i n-aghaidh an fhealltóra, Néill Garbh, ar an láthair sin do bhí an gaisgidheach tréan úd, Mághnus Óg Ua Domhnaill, dearbhráthair d'Aodh Ruadh, nuair gonadh é i n-aice Baile-an- Droichid go bhfuair sé bás de'n ghonadh sin. Ó'n lá sin go dtí an lá indiu tá an Leiffir fá chomhacht na searbhán. Siúd is gur ar imealbhórd Thír Chonaill atá an sráid-bhaile sin, & gur sráid-bhaile suarach é, i n-uair ar bith rinneadh baile chonndae de, & is ann do bhí i gcomhnuidhe na Seisiona Móra. Is ann fosda shuidhe an Choisde Mór ag a raibh gnótha an chonndae le stiúradh. Nídh nach iongnadh, níor labhradh focal Gaedhilge fá'n áit le na ciantaibh, acht amháin gur bh'éigin do lucht na Gaedhilge teacht ann sin anois & arís le dligheadh d'fhagháil nó ar gnó éigin de'n chineál sin, & ba bheag an urraim do bhí rómpa ann sin. Fairíor! is iomdha brothladh & mí-mheas ar cuireadh orra ag na breitheamhnaibh & ag an Choisde Mhór & ag na fearaidh dlighe & ag na constáblaíthe, & ag daoinibh eile nach iad. Ní mór an t-iongnadh é, má cheap na daoine bochta gur dona an rud é bheith i muinghin na Gaedhilge le n-a gcuid gnótha d'fhagháil déanta & gur thoisigh siad ag caitheadh uatha a dteanga féin. Tháinig athrughadh ar an saoghal tá trí bliadhna ó shoin ann. Díoláithrigheadh na Coisdí Móra, & cuireadh comhairlí conndae in a n-áit. B'iad na Gaedhil ar toghadh cóir a bheith go léir ar an Chomhairle Chonndae i dTír Chonaill & mheas an uile dhuine go mbéadh spiorad na nGaedheal in a measg & go gcluinfidhe an Ghaedhilg i Liffeir arís. Acht ní amhlaidh do thuit an sgéal amach. Dubhras cheana go bhfuil an seóinín chomh holc leis an searbhán & chá dearnamar athrughadh i dTír Chonaill acht na seóiníní do chur i n-ionad na searbhán. Má b'olc Mághnus ní fearr Tadhg; & ní cluintear focal Gaedhilge 'sa' Liffeir go fóill nó focal fá dtaoibh. Ó'n lá cuireadh an Chomhairle Chonndae ar bun go dtí an indiu, dheamhain faic ná frighde rinne siad ar son na Gaedhilge nó ar son tíorthamhlachta eile. Na bodaighe! Badh mhaith liom iad do chrochadh le gad! Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services