Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL



Is ró-ghallda an baile an tSráth Bán. Taobh amuich
de bheagán poilitidheachta, ní raibh go dtí tá tamall ó
shoin ann duine 'sa' bhaile do chuir suim i nGaedhilg nó
i neidhthibh Gaedhealacha. Ní'l acht cúpla lá ó shoin ann
ó chuartuigh mé an baile go léir le péire bróg
d'fhagháil de dhéantúsaibh na hÉireann, & chá dtiocfadh
liom péire d'fhagháil. Agus chá dtiocfadh liom hata
d'fhagháil a raibh déanta i nÉirinn. Chá raibh an lucht
siopa acht ag déanamh magaidh orm trácht ar a
leithéid. Tá na sagairt & dornán buachaill óg ag
déanamh a ndíchill le spiorad Ghaedhealach do chothughadh
'sa' bhaile, & tá Gaedhilgeóir fasduighthe aca leis an
teanga do theagasg, & chuir siad camánachd ar bun go
deirionnach; acht, ar son a gcoda saothair & uile,
tá trom-ualach an Ghalldachais 'na luighe mar duibh-
néal ar an bhaile. Agus is measa tá an seóiníneacht
'na an Galldachas féin.



Má's dona an sgéal atá agam le hinnsint ar an
tSráth Bán, is measa seacht n-uaire an sgéal atá
agam ar na sráid-bhailtibh i dTír Chonaill atá comh-
garach do'n tSráth Bán. Taobh thall de'n droichead ó
Sráth Bán tá an sráid-bhaile an Liffeir. Port-na-
dTrí-Námhad tugadh ar an áit seo 'san tsean-aimsir.
Bhí dún nó caisleán ag Cloinn Uí Dhomhnaill ann, & is
ins an chaisleán sin do chomhnuidhe an Mághnus Ó Domh-
naill úd do sgríobh Beatha Choluim-Chille. I n-aimsir
Aodha Ruaidh ba mhinic dó fuaracht 'san áit sin, & a
airm do ghléasadh ann fá choinne troid do dhéanamh
i n-aghaidh a námhad. Nuair d'imir Naill Garbh an feill-
bheart uathbhásach air, & thug cuidiughadh do na Gallaibh
is go dtí Liffeir do stiúraigh sé iad 'sa' chéad áit,
le hionnsaidhe thabhairt ar Thír Chonaill, & is ag
troid i n-aghaidh na nGall & i n-aghaidh an fhealltóra,
Néill Garbh, ar an láthair sin do bhí an gaisgidheach
tréan úd, Mághnus Óg Ua Domhnaill, dearbhráthair
d'Aodh Ruadh, nuair gonadh é i n-aice Baile-an-
Droichid go bhfuair sé bás de'n ghonadh sin. Ó'n lá
sin go dtí an lá indiu tá an Leiffir fá chomhacht na
searbhán. Siúd is gur ar imealbhórd Thír Chonaill atá
an sráid-bhaile sin, & gur sráid-bhaile suarach é,
i n-uair ar bith rinneadh baile chonndae de, & is
ann do bhí i gcomhnuidhe na Seisiona Móra. Is ann
fosda shuidhe an Choisde Mór ag a raibh gnótha an
chonndae le stiúradh. Nídh nach iongnadh, níor labhradh
focal Gaedhilge fá'n áit le na ciantaibh, acht
amháin gur bh'éigin do lucht na Gaedhilge teacht ann sin
anois & arís le dligheadh d'fhagháil nó ar gnó éigin
de'n chineál sin, & ba bheag an urraim do bhí
rómpa ann sin. Fairíor! is iomdha brothladh &
mí-mheas ar cuireadh orra ag na breitheamhnaibh &
ag an Choisde Mhór & ag na fearaidh dlighe &
ag na constáblaíthe, & ag daoinibh eile nach iad.
Ní mór an t-iongnadh é, má cheap na daoine bochta
gur dona an rud é bheith i muinghin na Gaedhilge
le n-a gcuid gnótha d'fhagháil déanta & gur
thoisigh siad ag caitheadh uatha a dteanga féin.



Tháinig athrughadh ar an saoghal tá trí bliadhna ó shoin
ann. Díoláithrigheadh na Coisdí Móra, & cuireadh
comhairlí conndae in a n-áit. B'iad na Gaedhil
ar toghadh cóir a bheith go léir ar an Chomhairle
Chonndae i dTír Chonaill & mheas an uile
dhuine go mbéadh spiorad na nGaedheal in a
measg & go gcluinfidhe an Ghaedhilg i Liffeir arís.
Acht ní amhlaidh do thuit an sgéal amach. Dubhras
cheana go bhfuil an seóinín chomh holc leis an searbhán
& chá dearnamar athrughadh i dTír Chonaill acht na
seóiníní do chur i n-ionad na searbhán. Má b'olc
Mághnus ní fearr Tadhg; & ní cluintear focal
Gaedhilge 'sa' Liffeir go fóill nó focal fá dtaoibh.
Ó'n lá cuireadh an Chomhairle Chonndae ar bun go dtí
an indiu, dheamhain faic ná frighde rinne siad ar son
na Gaedhilge nó ar son tíorthamhlachta eile. Na
bodaighe! Badh mhaith liom iad do chrochadh le gad!



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services