Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Stadamar ag tigh-ósda ar an tSrath Bán & cuireadh an beithidheach isteach. Mhothuigheas rud iongantach 'sa' tigh sin chomh fhad is bhí muid ag fuireach ann. 'Sa' seomra in a raibh muid 'nar suidhe bhí pictiúirí thart ar na ballaibh, & goidé bhur mbarramhail ar an chineál pictiúirí bhí ann? Bhí dealbha dhá gheinéireal Shasana ann .i. Cisteiner & Eochaidh Mac Domhnaill. Bhí dealbh cruinnighthe rása i Sacsanaibh .i. an “Derby,” & dealbh druinge daoine galánta .i. “Rotten Row” (má sé bhur dtoil é) i Lunndúin. Bhí pictiúirí ar rudaibh suaracha eile, acht char bhuain aon cheann aca le hÉirinn chor ar bith. B'ait an rud é. Tá muinn- tear an tighe-ósda 'na nÉireannaighibh & 'na gCatoilicibh &, dar ndóigh, 'na “Náisiúntaidhibh” go smior a gcnámh, acht siúd mar ghreannuigh siad a seomra. Creidim go bhfuair siad na pictiúirí i n-aisge ó lucht díolta biotáille atá 'na searbhánaibh & 'na nIar- Bhreathnachaibh go huile; acht mar sin féin nach macán- ta an rud na ballaí féin gan greannadh gan órnaidhte i bhfarradh is na dealbha coimhthigheacha úd. Ní lugha liom an diabhal 'ná gnúis madramhail Chisteiner d'fheicsint i dtigh Gaedhealach, & fairíor! is ró mhinic chím í. Sgapann lucht siopa na gall-phictiúirí seo ar fud na tíre le n-a gcuid earraidhe, & tá lucht siopa Gaedhealach chomh cionntach le na searbhánaibh san choir seo. B'é i dtigh an mhargaidh do bhí na daoine cruinnighthe fá choinne na leictiúire, & nuair chuaidh mise fhaid leis bhí an seomra lán. Ní mór an seomra é go dearbhtha, acht bhí b'fhéidir a trí nó a ceithre chéad daoine i láthair. Bhí an leictiúir sgríobhtha síos agam & ba mhaith an rud go raibh. Bhí mo chuisleanna ar crith leis an taisme d'éirigh damh ar an bhealach, & dá mbéinn gan sgríbhinn bheith liom le n-a léigheadh chá dtiocfadh liom dhul ar aghaidh ar chor ar bith. B'é an rud chuireas romham ag ceapadh na leic- tiúire úd damh na daoine fá'n tSráth Bán do mhús- gailt as a dtrom-shuan & do chur ag machtnamh um na Gaedhilge; óir b'amhlaidh do bhíodar, dar liomsa, nár chuir duine as an bhfichid aca suim ar bith 'sa' teanga nó i rud ar bith do bhuain leis an tír. Mar sin de labhair mé focla dúra borba leo do bhuain preab asta. Measaim nár thaitin mo chomhrádh go ró-mhaith leo, acht d'éist siad go foighideach & go modhamhail go raibh mé críochnuighthe. Bhí diaspóireacht & sgansáil againn an sin, go sonnradhach mar shaoil cuid aca gur chuireas go ró-dhian ar Choláisde Mhuighe-Nuadhat. Ní mhothuighim gur rinne m'fhocla mórán maithe i Sráth Bán ó shoin. Tá an sagart Mac Giolla Cháthain ag déanamh a dhíchill dóllamh leis an teanga a chur 'un tosaigh, acht is beag an cuidiughadh tá sé ag fagh- bháil ó bhuachaillibh óga i Sráth Bán taobh amuich do dhuine nó beirt aca. Tá dream do lucht siopa & daoine Gaedhealacha na háite ag déanamh díolaidh- eachta le múinteóir Gaedhilge do choinneáilt 'sa' bhaile, & tá seisean ag tabhairt oideachais do na páisdíbh, & dar ndóigh ní beag an obair í sin. Ag trácht ar an sagart Mac Giolla Cháthain, thugas fá deara rud greannmhar & is é seo é. Tá sagairt Fairche Doire i bhfad níos dílse do chúis dírigh na teangan 'ná tá sagart Fairche Ratha-Bhoth. Chá dtioc- fadh liom riamh déanamh amach cad fáth a bhfuil seo mar seo. Tá i bhfad níos mó Gaedhilge i Rath-Bhoth, tá Gaedhilg ag i bhfad níos mó de na sagartaibh, & tá Easbog Ratha-Bhoth 'na Ghaedhilgeóir i bhfad níos tréana 'ná Easbog Doire; acht 'na dhiaidh sin is uilig ní déantar acht fíor-bheagán ar son na Gaedhilge i Ratha-Bhotha. Tá na sagairt i bhFáirche Dhoire ag saothrughadh ar son na Gaedhilge i ngach uile pharóisde i n-aice an tSráth Bán, acht ar na paróisdibh atá chomh teoránach leo i Rath Bhoth .i. i Naomh Eoin, i Rath Bhoth féin, & i Srath-an-Urláir ní'l dadaidh dhá dhéanamh. Ceist agam oraibh, a léightheóirí — cad is fáth leis seo? Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services