Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
Stadamar ag tigh-ósda ar an tSrath Bán & cuireadh
an beithidheach isteach. Mhothuigheas rud iongantach 'sa'
tigh sin chomh fhad is bhí muid ag fuireach ann. 'Sa'
seomra in a raibh muid 'nar suidhe bhí pictiúirí thart
ar na ballaibh, & goidé bhur mbarramhail ar an chineál
pictiúirí bhí ann? Bhí dealbha dhá gheinéireal Shasana
ann .i. Cisteiner & Eochaidh Mac Domhnaill. Bhí dealbh
cruinnighthe rása i Sacsanaibh .i. an “Derby,” & dealbh
druinge daoine galánta .i. “Rotten Row” (má sé
bhur dtoil é) i Lunndúin. Bhí pictiúirí ar rudaibh
suaracha eile, acht char bhuain aon cheann aca le
hÉirinn chor ar bith. B'ait an rud é. Tá muinn-
tear an tighe-ósda 'na nÉireannaighibh & 'na gCatoilicibh
&, dar ndóigh, 'na “Náisiúntaidhibh” go smior a
gcnámh, acht siúd mar ghreannuigh siad a seomra.
Creidim go bhfuair siad na pictiúirí i n-aisge ó lucht
díolta biotáille atá 'na searbhánaibh & 'na nIar-
Bhreathnachaibh go huile; acht mar sin féin nach macán-
ta an rud na ballaí féin gan greannadh gan órnaidhte
i bhfarradh is na dealbha coimhthigheacha úd. Ní lugha
liom an diabhal 'ná gnúis madramhail Chisteiner
d'fheicsint i dtigh Gaedhealach, & fairíor! is ró mhinic
chím í. Sgapann lucht siopa na gall-phictiúirí seo ar
fud na tíre le n-a gcuid earraidhe, & tá lucht siopa
Gaedhealach chomh cionntach le na searbhánaibh san choir
seo.
B'é i dtigh an mhargaidh do bhí na daoine cruinnighthe
fá choinne na leictiúire, & nuair chuaidh mise fhaid
leis bhí an seomra lán. Ní mór an seomra é go
dearbhtha, acht bhí b'fhéidir a trí nó a ceithre chéad
daoine i láthair. Bhí an leictiúir sgríobhtha síos agam
& ba mhaith an rud go raibh. Bhí mo chuisleanna ar crith
leis an taisme d'éirigh damh ar an bhealach, & dá
mbéinn gan sgríbhinn bheith liom le n-a léigheadh chá
dtiocfadh liom dhul ar aghaidh ar chor ar bith.
B'é an rud chuireas romham ag ceapadh na leic-
tiúire úd damh na daoine fá'n tSráth Bán do mhús-
gailt as a dtrom-shuan & do chur ag machtnamh um na
Gaedhilge; óir b'amhlaidh do bhíodar, dar liomsa, nár
chuir duine as an bhfichid aca suim ar bith 'sa' teanga
nó i rud ar bith do bhuain leis an tír. Mar sin de
labhair mé focla dúra borba leo do bhuain preab
asta. Measaim nár thaitin mo chomhrádh go ró-mhaith
leo, acht d'éist siad go foighideach & go modhamhail go
raibh mé críochnuighthe. Bhí diaspóireacht & sgansáil
againn an sin, go sonnradhach mar shaoil cuid aca gur
chuireas go ró-dhian ar Choláisde Mhuighe-Nuadhat.
Ní mhothuighim gur rinne m'fhocla mórán maithe i
Sráth Bán ó shoin. Tá an sagart Mac Giolla Cháthain
ag déanamh a dhíchill dóllamh leis an teanga a chur
'un tosaigh, acht is beag an cuidiughadh tá sé ag fagh-
bháil ó bhuachaillibh óga i Sráth Bán taobh amuich do
dhuine nó beirt aca. Tá dream do lucht siopa &
daoine Gaedhealacha na háite ag déanamh díolaidh-
eachta le múinteóir Gaedhilge do choinneáilt 'sa'
bhaile, & tá seisean ag tabhairt oideachais do na
páisdíbh, & dar ndóigh ní beag an obair í sin.
Ag trácht ar an sagart Mac Giolla Cháthain, thugas
fá deara rud greannmhar & is é seo é. Tá sagairt
Fairche Doire i bhfad níos dílse do chúis dírigh na
teangan 'ná tá sagart Fairche Ratha-Bhoth. Chá dtioc-
fadh liom riamh déanamh amach cad fáth a bhfuil seo
mar seo. Tá i bhfad níos mó Gaedhilge i Rath-Bhoth,
tá Gaedhilg ag i bhfad níos mó de na sagartaibh, &
tá Easbog Ratha-Bhoth 'na Ghaedhilgeóir i bhfad níos
tréana 'ná Easbog Doire; acht 'na dhiaidh sin is uilig
ní déantar acht fíor-bheagán ar son na Gaedhilge i
Ratha-Bhotha. Tá na sagairt i bhFáirche Dhoire ag
saothrughadh ar son na Gaedhilge i ngach uile pharóisde
i n-aice an tSráth Bán, acht ar na paróisdibh atá chomh
teoránach leo i Rath Bhoth .i. i Naomh Eoin, i Rath Bhoth
féin, & i Srath-an-Urláir ní'l dadaidh dhá dhéanamh.
Ceist agam oraibh, a léightheóirí — cad is fáth leis seo?
Cú Uladh