Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bodaigh na Tuatha
Title
Bodaigh na Tuatha
Author(s)
Ní Thaidhg, Mac Mic Mháiréaid,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bodaigh na Tuatha Go saoraidh Dia 'gus Muire Mháthair sinn! má's fíor an sgéal 'tá ag mo charaid 'gá innsint dom, is éachtach an t-atharrughadh 'tá tar éis teacht ar chuid do mhuinntir na hÉireann le deich mbliadhna fichead. An méid sin thuas do Shagsbhéarla 'tá sgríobhtha agam cuid is eadh í do litir do sgríobh mo chara chugam ó Éirinn an tseachtmhain seo ghabh tharainn. Is amhlaidh do thug
sé cuaird go hÉirinn i mbliadhna, tar éis níos mó ná deich mbliadhna fichead dhá shaoghal do chaitheamh 'san dtír seo, Amerioca. Is mo lá cruaidh d'obaireamar i dteannta 'chéile, 'san dtír seo, taobh le taobh, & is minic do thráchdamar ar an aimsir nuair bhíomar 'nár ngarsúin, & ar nídhthibh eile do'n tsórt sin, ar nós go minic nár mhothuigheamar an lá ag dul tharainn. Ambasa féin, gur shaoileamar ná béidh aon athrughadh orra so d'fhágamar nár ndiaidh ná ar a sliocht san áit sin, pé fada gairid do bhéimís as. Acht do réir na litire úd do chuir sé chugam, is mór an dearmad do rinneamar araon. Deich mbliadhna fichead ó shoin, 'san áit so go bhfuil mo chara ag trácht anois air, bhí Gaedhilg bhlasta ag gach uile dhuine, ó cheann ceann de'n pharáiste. Agus dá mbadh rud é go dtiocfadh duine iasachda ó aon áit eile chum comhnuighthe innti chum slighe mhaireachtain do dhéanamh dho féin, muna raibh sé 'na chuma Gaedhilg do labhairt, níor bhfuláir dho í d'fhoghlaim go tapaidh, nó bhéadh sé thiar air. Bhí urmhór na ndaoine an aimsir úd go fial, fáilteach, & go mór-chroidheach. Muna mbéadh ag bean an tighe acht dhá pharata, do thabhairfeadh sí an ceann ba mhó & do b'fhearr do'n ndeóraidhe, & an suidheachán do b'fhearr ag an mbord, &, 'na dhiaidh sin, áit chomh maith as do bhí aici chum a thuirse do chur dhe go maidin. Muna síbhéaltacht ó nádúir, & ó Dhia féin, & ó chroidhe ghlan, an tsíbhéaltacht sin, ní'l aon mhaitheas bheith ag cainnt. Ní dóigh liom-sa go bhféadfadh an bheantighearna is uaisle 'san dúthaigh, dá mhéid é a galántacht, aon fháilte níos féile do chur roimh dheóraidhe. B'fhéidir go dtabharfadh sí béile bídh níos fearr, nó leabadh clúimh níos uaisle dho chum codlata; acht níor bh'fhéidir dí an fhéile mór- chroidheach, ná an fíor-fháilte, croidheamhail na mná boichte úd do shárughadh. Acht cad é an chúis go bhfuil an t-athrughadh salach so, noch go bhfuil mo chara anois ag déanamh a ghearáin 'na thaobh, 'tá tar éis teacht ar na daoinibh bochta, fial, fáilteach úd do bhí in Éirinn dachad bliadhain ó shoin? Is sé an chúis gur athruigheadar mar sin, mar gheall air gur chailleadar teanga na féile — an Ghaedhilg; & nach bhfuil 'na hionad aca acht teanga & nósa na mbodach — an Sagsbhéarla. Ní raibh do urlabhra ag an gcuid ba mhó dhíobh an uair úd acht Gaedhilg. Ní raibh aon bhéasa eile aca acht béasa Gaedhealacha. Do labhaireadh na sagairt & na dochtúirí leó 'san nGaedhilg — ní rabhadar ag déanamh aithris ar na seóiníníbh an aimsir úd acht chomh beag. Ní'lim 'gá rádh ná go gcasfaidhe seóinín ar dhuine anois a's arís san am úd, acht ba shuarach é ár meas air, & ba mhór é ár gcuid magaidh faoi. Acht fairíor! is baoghalach liom-sa go bhfuil urmhór na sinnsire do bhí ann le nár linn-ne imhtighthe as Éireann anois, nó ins an uaigh, & nach bhfuil 'na hionad acht na Sags- Éireannaigh, drong gan tír ná teanga. Is amhlaidh 'tá an sgéal aca-san, ní'l sé annso ná annsúd aca, & is ro-bhaoghalach liom dá gcuirfidhe chuige iad gur ró-lag é a ngreim ar Chreideamh Naoimh Phádraig. Is é mo thuairim-se go dtabharfadh Dia chum cunn- tais daoine éigin mar gheall ar a bhfuil do Éireann- achaibh caillte do'n Chreideamh Catoilice 'san dtír seo le fiche bliadhain. Mo léan! dá mbéadh a fhios ag athaireachaibh & máthaireachaibh na hÉireann acht an ghearracht aimsire do bhíonn cuid do'n aos óg 'san dúthaigh seo nuair a sgarann siad le na gCreideamh, & gach uile nídh a bhaineas leis, is orra do bhéadh an bhuadhairt. Ní'lim 'gá rádh go bhfuilid siad go léir mar sin; ní bhfuilid, bu dheacair le Dia, acht go deimhin, chuirfeadh sé iongnadh ar dhuine, an mhéid Éireannaigh a chailleann a gCreideamh, & go mór-mhór nó buachaillí góa. Is mór an náire an sgéal so; & rud is measa ná 'sain fós, chionn cuid do'n chléir Chatoilice, nó an urmhór, an obair seo ar siubhal; & is annamh do thugaid rabhadh nó fógradh do mhuinntir na hÉireann go bhfuil an sgéal chomh holc a's atá sé. Go deimhin & go dearbhtha, is minic do chailleann clann na nÉireannaigh an Creideamh Catoilice, & is annamh riamh do leanann sé go dtí an dara glún. Is dóigh liom go ndéarfaidh mórán nach bhfuil an sgéal so fíor; & chum a chur i n-umhail do'n domhan, déarfaidh siad, féach ar an Eaglais Chatoilice ins na Stáid Aon- tuighthe Amerioca. Ní beag an iongnadh acht an chuma do chuaidh sí ar aghaidh le fiche bliadhain. Ní'l a leithéid sin do shompla ag Eaglais ar bith i n-aon tír eile. Is fíor gur chuaidh an Eaglais Chatoilice 'san dúthaigh seo i méid go hiongantach le na fiche bliadhna so gabh tharainn. Acht má chuaidh, cad 'na thaobh sain? Is sé an fáth é sin, mar gheall ar gurab amhlaidh atá a clann go léir ag teicheadh ó hÉirinn & ag teacht go dtí an dúthaigh seo; & má leanann Clann na nGaedheal do'n teicheadh sin, is baoghalach go mbéidh na teampaill i nÉirinn, & go mbéidh siad gan phobal. Is mithid chosg do chur eis an athrughadh náireach seo, go bhfuil mo chara anois ag fagháil lochd air. Sin é a bhfuil dá bhárr ag muinntir na hÉireann i n-ionad an mhéid do chailleadar. Ní'l ionnta acht Sags-Éireannaigh. Tá na sean-bhéasa, na sean-nósa, & an tsean-theanga féin, caillte aca. Acht, le congnamh Dé, ní'l an sgéal chom holc sin ar fad a's nach féidir é leasughadh. Má choraigheann Clann na nGaedheal iad féin ar feadh bliadhain nó dhó eile, mar a rinneadar le na chúig bhliadhna so ghabh tharainn, béidh an lá le hÉireann. Tiocfaidh a bhfearamhlacht, a neamh-spleadhchas, & an neimh-chiontacht do chailleadar, tar ais chuca arís, nuair a bhéas an Ghaedhilg 'gá labhairt go coitcheann 'na measg, & taithighe arís aca air na sean-nósaibh do bhí ag na sean-dhaoinibh 'gá gcleachda nuair bhíomair-ne óg. Atá Connradh na Gaedhilge ag déanamh an hoibre go tréan; & is ceart do gach uile fhíor-Éireannach cabharughadh leó, & gan sgur ó'n gcongnamh sain, chum go mbéidh Clann na nGaedheal mar badh dhual dóibh a bheith, go fial, fáilteach, sibhéalta, macánta, mór-chroidheach, gan aon fhor-chroiceann Gallda, do bheith le feicsint ar an dtaobh amuigh dhíobh. Mac Mic Mháiréaid Ní Thaidhg California
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services