sé cuaird go hÉirinn i mbliadhna, tar éis níos mó ná
deich mbliadhna fichead dhá shaoghal do chaitheamh 'san
dtír seo, Amerioca. Is mo lá cruaidh d'obaireamar
i dteannta 'chéile, 'san dtír seo, taobh le taobh,
& is minic do thráchdamar ar an aimsir nuair
bhíomar 'nár ngarsúin, & ar nídhthibh eile do'n tsórt
sin, ar nós go minic nár mhothuigheamar an lá ag dul
tharainn. Ambasa féin, gur shaoileamar ná béidh
aon athrughadh orra so d'fhágamar nár ndiaidh ná ar a
sliocht san áit sin, pé fada gairid do bhéimís as. Acht
do réir na litire úd do chuir sé chugam, is mór an
dearmad do rinneamar araon.
Deich mbliadhna fichead ó shoin, 'san áit so go bhfuil
mo chara ag trácht anois air, bhí Gaedhilg bhlasta ag
gach uile dhuine, ó cheann ceann de'n pharáiste. Agus
dá mbadh rud é go dtiocfadh duine iasachda ó aon áit
eile chum comhnuighthe innti chum slighe mhaireachtain do
dhéanamh dho féin, muna raibh sé 'na chuma Gaedhilg do
labhairt, níor bhfuláir dho í d'fhoghlaim go tapaidh, nó
bhéadh sé thiar air. Bhí urmhór na ndaoine an aimsir úd
go fial, fáilteach, & go mór-chroidheach. Muna
mbéadh ag bean an tighe acht dhá pharata, do
thabhairfeadh sí an ceann ba mhó & do b'fhearr do'n
ndeóraidhe, & an suidheachán do b'fhearr ag an
mbord, &, 'na dhiaidh sin, áit chomh maith as do bhí
aici chum a thuirse do chur dhe go maidin.
Muna síbhéaltacht ó nádúir, & ó Dhia féin, &
ó chroidhe ghlan, an tsíbhéaltacht sin, ní'l aon mhaitheas
bheith ag cainnt. Ní dóigh liom-sa go bhféadfadh an
bheantighearna is uaisle 'san dúthaigh, dá mhéid é a
galántacht, aon fháilte níos féile do chur roimh
dheóraidhe. B'fhéidir go dtabharfadh sí béile bídh
níos fearr, nó leabadh clúimh níos uaisle dho
chum codlata; acht níor bh'fhéidir dí an fhéile mór-
chroidheach, ná an fíor-fháilte, croidheamhail na mná
boichte úd do shárughadh. Acht cad é an chúis go
bhfuil an t-athrughadh salach so, noch go bhfuil mo chara
anois ag déanamh a ghearáin 'na thaobh, 'tá tar éis
teacht ar na daoinibh bochta, fial, fáilteach úd do bhí
in Éirinn dachad bliadhain ó shoin?
Is sé an chúis gur athruigheadar mar sin, mar gheall
air gur chailleadar teanga na féile — an Ghaedhilg;
& nach bhfuil 'na hionad aca acht teanga & nósa
na mbodach — an Sagsbhéarla. Ní raibh do urlabhra ag
an gcuid ba mhó dhíobh an uair úd acht Gaedhilg. Ní
raibh aon bhéasa eile aca acht béasa Gaedhealacha.
Do labhaireadh na sagairt & na dochtúirí leó 'san
nGaedhilg — ní rabhadar ag déanamh aithris ar na
seóiníníbh an aimsir úd acht chomh beag. Ní'lim 'gá
rádh ná go gcasfaidhe seóinín ar dhuine anois a's arís
san am úd, acht ba shuarach é ár meas air, & ba
mhór é ár gcuid magaidh faoi. Acht fairíor! is
baoghalach liom-sa go bhfuil urmhór na sinnsire do bhí
ann le nár linn-ne imhtighthe as Éireann anois, nó ins
an uaigh, & nach bhfuil 'na hionad acht na Sags-
Éireannaigh, drong gan tír ná teanga. Is amhlaidh
'tá an sgéal aca-san, ní'l sé annso ná annsúd aca,
& is ro-bhaoghalach liom dá gcuirfidhe chuige iad gur
ró-lag é a ngreim ar Chreideamh Naoimh Phádraig.
Is é mo thuairim-se go dtabharfadh Dia chum cunn-
tais daoine éigin mar gheall ar a bhfuil do Éireann-
achaibh caillte do'n Chreideamh Catoilice 'san dtír
seo le fiche bliadhain. Mo léan! dá mbéadh a fhios
ag athaireachaibh & máthaireachaibh na hÉireann acht an
ghearracht aimsire do bhíonn cuid do'n aos óg 'san
dúthaigh seo nuair a sgarann siad le na gCreideamh,
& gach uile nídh a bhaineas leis, is orra do bhéadh
an bhuadhairt. Ní'lim 'gá rádh go bhfuilid siad go léir
mar sin; ní bhfuilid, bu dheacair le Dia, acht go deimhin,
chuirfeadh sé iongnadh ar dhuine, an mhéid Éireannaigh a
chailleann a gCreideamh, & go mór-mhór nó buachaillí
góa.
Is mór an náire an sgéal so; & rud is measa
ná 'sain fós, chionn cuid do'n chléir Chatoilice, nó
an urmhór, an obair seo ar siubhal; & is annamh do
thugaid rabhadh nó fógradh do mhuinntir na hÉireann
go bhfuil an sgéal chomh holc a's atá sé. Go deimhin
& go dearbhtha, is minic do chailleann clann na
nÉireannaigh an Creideamh Catoilice, & is annamh
riamh do leanann sé go dtí an dara glún. Is dóigh
liom go ndéarfaidh mórán nach bhfuil an sgéal so fíor;
& chum a chur i n-umhail do'n domhan, déarfaidh siad,
féach ar an Eaglais Chatoilice ins na Stáid Aon-
tuighthe Amerioca. Ní beag an iongnadh acht an chuma
do chuaidh sí ar aghaidh le fiche bliadhain. Ní'l a
leithéid sin do shompla ag Eaglais ar bith i n-aon tír
eile. Is fíor gur chuaidh an Eaglais Chatoilice 'san
dúthaigh seo i méid go hiongantach le na fiche bliadhna
so gabh tharainn. Acht má chuaidh, cad 'na thaobh sain?
Is sé an fáth é sin, mar gheall ar gurab amhlaidh atá a
clann go léir ag teicheadh ó hÉirinn & ag teacht
go dtí an dúthaigh seo; & má leanann Clann na
nGaedheal do'n teicheadh sin, is baoghalach go mbéidh
na teampaill i nÉirinn, & go mbéidh siad gan phobal.
Is mithid chosg do chur eis an athrughadh náireach seo,
go bhfuil mo chara anois ag fagháil lochd air. Sin é a
bhfuil dá bhárr ag muinntir na hÉireann i n-ionad an
mhéid do chailleadar. Ní'l ionnta acht Sags-Éireannaigh.
Tá na sean-bhéasa, na sean-nósa, & an tsean-theanga
féin, caillte aca. Acht, le congnamh Dé, ní'l an sgéal
chom holc sin ar fad a's nach féidir é leasughadh. Má
choraigheann Clann na nGaedheal iad féin ar feadh
bliadhain nó dhó eile, mar a rinneadar le na chúig
bhliadhna so ghabh tharainn, béidh an lá le hÉireann.
Tiocfaidh a bhfearamhlacht, a neamh-spleadhchas, &
an neimh-chiontacht do chailleadar, tar ais chuca arís,
nuair a bhéas an Ghaedhilg 'gá labhairt go coitcheann 'na
measg, & taithighe arís aca air na sean-nósaibh do
bhí ag na sean-dhaoinibh 'gá gcleachda nuair bhíomair-ne
óg. Atá Connradh na Gaedhilge ag déanamh an hoibre
go tréan; & is ceart do gach uile fhíor-Éireannach
cabharughadh leó, & gan sgur ó'n gcongnamh sain,
chum go mbéidh Clann na nGaedheal mar badh dhual
dóibh a bheith, go fial, fáilteach, sibhéalta, macánta,
mór-chroidheach, gan aon fhor-chroiceann Gallda, do
bheith le feicsint ar an dtaobh amuigh dhíobh.
Mac Mic Mháiréaid Ní Thaidhg
California