Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Thall 's i bhfus i dTírchonaill Thugas ghealladh uaim seal roimhe sin do'n tsagart onórach Mac Giolla Cháthain & do mhuinntir na Gaedhilge ar an tSráth Bán leictiúir a thabhairt uaim 'san bhaile sin, & bhí an lá ann anois le n-a chomhal- nughadh. Níor bhfuras dhul ann an uair sin, mar bhí an aimsear go dona, & tá fiche míle slighe idir Gleann- tSúiligh & an tSráth Bán. Acht níor mhaith liom locadh nó dhul ar gcúl in mo ghealladh, & mar sin de ghléas mé mo rothar arís, chuaidh mé ar a mhuin, & ghluais mé liom soir tar na sléibhtibh. Tá sliabh árd idir an dá ghleann, .i. Gleann tSúiligh & Gleann Daoil, ar a dtugtar Liostacha, & is mór dian an fánaidh atá leis ar gach taoibh. B'éigin damh mo rothar thiomáint romham suas an cnoc & siubhal in a dhiaidh. Thar a bheith sin ba mhall-thriallach m'aisdear ar feadh cúpla míle, & bhí tráthnóna an lae ghoirid ann, tráth ráinig mé mullach an cnoic. Bhí neamh-fhoighid orm an uair sin, & chuaidh mé ar mharcuidheacht síos le fánaidh an chnoic ar an taoibh thall. Ba chontabhairteach an beart é, mar bhí an bealach cnapánach le gearr-chloch- aibh & sleamhain leis an fliuchlach & an tsalachar. Mar sin féin, d'imthigheas liom ar lán ruith, mar nach raibh agam acht leigeann leis an rothar síos an cnoc, acht amháin a cheann a stiúradh go comhthrom. Bhí go maith & chá raibh go holc, go raibh mé chóir a bheith ar an talamh comhthrom arís. Acht ní go hántráthamhail thigeas an tubaiste! Fá'n am sin bhuail cloch le rotha tosaigh mo rothair gur iompuigheadh trasna ar an bhóthar é. Shleamhnuigh sé 'sa' chlábar san am céadna, & b'é an rud tháinig as gur caitheadh d'urchar mé tar chionn an rothair, & go dtáinig an rothar ar mo mhullach in a dhiaidh sin. Ní beag an toirt mise & ní éadtrom an t-ualach le tuitim ar mhullach mo chinn amhlaidh sin, & shaoil mé dar ndóigh go raibh mé marbh. Mhothuigh mé tar éis tamaill go raibh smid beathadh ionnam go fóill, acht mhothuigh mé leis go raibh mo ghéag gortuighthe go mór, & chuir mé mo lámh slán thart a fhéachaint an raibh mo ghuala briste. Chá dtiocfadh liom dhéanamh amach an uair sin, & in dhiaidh tamaill ghabhas uchthach éirighe. Ba ghreannmhar an dealbh do bhí orm! Bhí mo chuid éadaigh strácaighthe ó bháthas go bun, & dath úr nua orra leis an láib & an salachar. Bhí mo lámha & m'aghaidh chomh salach leis an éadach, & iad dearg leis an fhuil tré tuitim ar ghainimh an bhóthair. Mar sin féin, thugas buidheachas do Dhia go raibh mé ar an chuma sin féin, deacha le holc. Chuaidh mé fá dhéin mo rothair, acht, faríor géar! bhí sé i na smidirínibh. Bhí cos briste dé, & bhí na lamhachánaibh casta amhail adharca réithe. Goidé seo le déanamh? Níor bh'fhéidir liom marcuidheacht ní ba mhó, bhí an oidhche ag tuitim orm, & bhí mé dhá mhíle déag ó'n tSráth Bán go fóill. Bhí go dearbhtha duine muinteardha damh in a chomhnuidhe fá thuairim leath-bhealaigh ar an ród, & dá bhféadfainn dul fhaid leis an áit sin chá raibh aon amhras orm nach bhfuasgaileadh orm. Acht bhí sé mhíle slighe agam le dhul go dtí an áit sin féin, & níor fhéad mé carr nó carbad d'fhagháil san duthaigh sin. Chá raibh neart air acht tiomáint liom ar mo dhá chois. Chuaidh mé ar aghaidh le fios nó le hamhras, & d'airigh mé i gcionn tamaill go raibh mé ag giorrughadh an bhealaigh. Le sgéal fada dhéanamh goirid, ghluais mé liom & an rothar briste i n-éinfheacht liom, cor uair ag ruith & cor uair ag siubhlóid, gur ráinig mé teach mo dhuine mhuinteardha fá tuairim an sé a chlog. Bhí mo bhean féin 'san áit sin, & nuair d'aithin sí cé bhí ann leig sí gáir aisti, mar mheas sí gur taisme milltineach eiginteach tháinig orm & go raibh mé marbh daríribh. Chuireas ciall inntí chomh maith is tháinig liom, & shocruigh sí arís. Nigh mé mé féin annsin, chuir mé orm culaidh úr éadaigh, & tráth d'ith mé béile mhaith bidh, chá raibh faic na frighde ar cearr liom acht gur buaineadh léab de'n chroiceann de mo leathcinn, & go raibh lámh fhrithir agam. Gléasadh an capall ba ghuiste do bhí fá'n tigh faoi charr-seólta, chuaidh mo bhráthair-chéile liom ag tiomáint, & deirim-se libhse nár bh'fhada nó salach dúinn go raibh muid ar an tSráth Bán. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services