Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Thall 's i bhfus i dTírchonaill



Thugas ghealladh uaim seal roimhe sin do'n tsagart
onórach Mac Giolla Cháthain & do mhuinntir na
Gaedhilge ar an tSráth Bán leictiúir a thabhairt uaim
'san bhaile sin, & bhí an lá ann anois le n-a chomhal-
nughadh. Níor bhfuras dhul ann an uair sin, mar bhí an
aimsear go dona, & tá fiche míle slighe idir Gleann-
tSúiligh & an tSráth Bán. Acht níor mhaith liom locadh
nó dhul ar gcúl in mo ghealladh, & mar sin de
ghléas mé mo rothar arís, chuaidh mé ar a mhuin, &
ghluais mé liom soir tar na sléibhtibh. Tá sliabh árd
idir an dá ghleann, .i. Gleann tSúiligh & Gleann Daoil,
ar a dtugtar Liostacha, & is mór dian an fánaidh
atá leis ar gach taoibh. B'éigin damh mo rothar
thiomáint romham suas an cnoc & siubhal in a dhiaidh.
Thar a bheith sin ba mhall-thriallach m'aisdear ar feadh
cúpla míle, & bhí tráthnóna an lae ghoirid ann, tráth
ráinig mé mullach an cnoic. Bhí neamh-fhoighid orm an
uair sin, & chuaidh mé ar mharcuidheacht síos le fánaidh
an chnoic ar an taoibh thall. Ba chontabhairteach an
beart é, mar bhí an bealach cnapánach le gearr-chloch-
aibh & sleamhain leis an fliuchlach & an tsalachar.
Mar sin féin, d'imthigheas liom ar lán ruith, mar nach
raibh agam acht leigeann leis an rothar síos an cnoc,
acht amháin a cheann a stiúradh go comhthrom. Bhí go
maith & chá raibh go holc, go raibh mé chóir a bheith
ar an talamh comhthrom arís. Acht ní go hántráthamhail
thigeas an tubaiste! Fá'n am sin bhuail cloch le rotha
tosaigh mo rothair gur iompuigheadh trasna ar an
bhóthar é. Shleamhnuigh sé 'sa' chlábar san am céadna,
& b'é an rud tháinig as gur caitheadh d'urchar mé tar
chionn an rothair, & go dtáinig an rothar ar mo
mhullach in a dhiaidh sin. Ní beag an toirt mise &
ní éadtrom an t-ualach le tuitim ar mhullach mo chinn
amhlaidh sin, & shaoil mé dar ndóigh go raibh mé marbh.
Mhothuigh mé tar éis tamaill go raibh smid beathadh
ionnam go fóill, acht mhothuigh mé leis go raibh mo ghéag
gortuighthe go mór, & chuir mé mo lámh slán thart a
fhéachaint an raibh mo ghuala briste. Chá dtiocfadh
liom dhéanamh amach an uair sin, & in dhiaidh tamaill
ghabhas uchthach éirighe. Ba ghreannmhar an dealbh do bhí
orm! Bhí mo chuid éadaigh strácaighthe ó bháthas go bun,
& dath úr nua orra leis an láib & an salachar.
Bhí mo lámha & m'aghaidh chomh salach leis an éadach,
& iad dearg leis an fhuil tré tuitim ar ghainimh an
bhóthair. Mar sin féin, thugas buidheachas do Dhia go
raibh mé ar an chuma sin féin, deacha le holc. Chuaidh
mé fá dhéin mo rothair, acht, faríor géar! bhí sé i na
smidirínibh. Bhí cos briste dé, & bhí na lamhachánaibh
casta amhail adharca réithe. Goidé seo le déanamh?
Níor bh'fhéidir liom marcuidheacht ní ba mhó, bhí an oidhche
ag tuitim orm, & bhí mé dhá mhíle déag ó'n tSráth
Bán go fóill. Bhí go dearbhtha duine muinteardha
damh in a chomhnuidhe fá thuairim leath-bhealaigh ar an
ród, & dá bhféadfainn dul fhaid leis an áit sin chá
raibh aon amhras orm nach bhfuasgaileadh orm. Acht bhí
sé mhíle slighe agam le dhul go dtí an áit sin féin,
& níor fhéad mé carr nó carbad d'fhagháil san
duthaigh sin. Chá raibh neart air acht tiomáint liom ar
mo dhá chois. Chuaidh mé ar aghaidh le fios nó le
hamhras, & d'airigh mé i gcionn tamaill go raibh
mé ag giorrughadh an bhealaigh. Le sgéal fada
dhéanamh goirid, ghluais mé liom & an rothar briste
i n-éinfheacht liom, cor uair ag ruith & cor
uair ag siubhlóid, gur ráinig mé teach mo
dhuine mhuinteardha fá tuairim an sé a chlog.
Bhí mo bhean féin 'san áit sin, & nuair d'aithin
sí cé bhí ann leig sí gáir aisti, mar mheas sí
gur taisme milltineach eiginteach tháinig orm & go
raibh mé marbh daríribh. Chuireas ciall inntí chomh
maith is tháinig liom, & shocruigh sí arís. Nigh mé
mé féin annsin, chuir mé orm culaidh úr éadaigh, &
tráth d'ith mé béile mhaith bidh, chá raibh faic na frighde
ar cearr liom acht gur buaineadh léab de'n chroiceann
de mo leathcinn, & go raibh lámh fhrithir agam.
Gléasadh an capall ba ghuiste do bhí fá'n tigh faoi
charr-seólta, chuaidh mo bhráthair-chéile liom ag
tiomáint, & deirim-se libhse nár bh'fhada nó salach
dúinn go raibh muid ar an tSráth Bán.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services