Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár gCáirde agus Ár Náimhde
Title
Ár gCáirde agus Ár Náimhde
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Bealtaine 31, 1902. ÁR gCÁIRDE AGUS ÁR NÁIMHDE Is mór breagh an tseachtmhain ar son na Gaedhilge í seo atá caithte againn. Ó an am so anuraidh níor facas a leithéid i mBaile-átha-Cliath. Ní raibh éan- cheard do'n chathair nach raibh an teanga agá spreagadh; ní raibh neart agat dhul isteach i dtrucaill an bhóthair nach mbéadh beirt nó triúr ag labhairt Ghaedhilge ann. Thall is i bhfus, anonn is anall, ar bhóthar & chasán, ag cuirm ceóil & ag fleadh, ní raibh i smaointibh na ndaoine acht an Ghaedhilg. Tosuigheadh tráthnóna Dia Luain leis an Tincéir & an tSidheóg i nGarrdha le Seoirse Ó Mórdha, & do bhítheas ar an táirim sin d'acht is d'áirithe as éadan a chéile go dtí an oidhche Dia hAoine bhí chugat ag saothrughadh na Gaedhilge. Níor chóir nach n-áireomhfaidhe gur subháilceach car- thanach an fear é Tadhg Ó hArrachtáin, Árd Mhaor na Cathrach, le theacht isteach ina theach. Chuir sé fáilte roimh na teachtairibh go léir san oidhche Dia Luain agá na theach, & chaitheadar ann go ham codladhta ag rinnce, ag damhsa, ag éisteacht le ceóil, & le gabháil fhuinn. Thug an chuairt sin deis do na daoinibh aithne do chur ar a chéile, & innsint dá chéile goidé mar bhí an Ghaedhilg ag déanamh ar fud na hÉireann & tar lear. Níor cheart a dhearmad, acht an oiread, gur chuir lucht na dtrucaill aibhligh cumaoin ar na Gaedhilgeóiribh. Do bhí ticéad i n-aisge réidh le haghaidh gach teachtaire, & cead aige dhul ina rogha áit, i n-aisge, ar na caran- naibh go dtí deireadh na míosa. Rinneadh an cleas céadna lena Gaedhilgeóiribh an t-am so anuraidh, & ní móide go mbadh chóir a leigeann tharainn gan a admháil i mbliadhna ar chuma ar bith. Tá tuilleadh cáirde againn, acht ní bhéadh a fhios an cáirde iad nó muna b'eadh muna n-innsidís féin dúinn é. Is iad na páipéir nuaidheachta atá i gceist againn. Tá siad-san ag leigeann orra féin go bhfuilid carthanach do'n Ghaedhilg, acht ní bhfuigheadh éinneach go deó amach ó n-a ngníomharthaibh féin go bhfuilid acht ina gchomhursanaibh. Thiar i ndeireadh an pháipéir is eadh do bhí imtheacht an Oireachtais aca, & an bhfuil fear, ná bean, ná páisde, i nÉirinn a dearfas gur carthanas ná féile na fiúnntas é sin le taisbeáint do theangaidh na tíre? An bhfuil éinneach i nÉirinn ná as Éirinn, a chreideas go bhfuil suim puinntín bioráin aca insa nGaedhilg marach go gcaithfid i n-aghaidh a gcos, & do bhrigh gur mian leó cosamhlacht an charthanais a cur orra féin, go gcaithfid, agu gur mian leó leigeann orra féin gur cáirde dhá ríribh iad. Níor tháinig éan sganall go h-Éirinn ó aimsir Cromuel anuas níos mó ná na páipéir seo do bheith fá mheas insa tír seo. Acht dar ndóigh nílid fá mheas ná fá shlacht. Tá cheann aca ag iarraidh mioscas do tharraingt, & dá mbéadh gan faitcheas do bheith orra labhairfaidís i gcoinne na teangadh i n-éan- thoras. Acht sé an chaoi a bhfuil sé aca níl cantalóir, ná abhlóir, ná gaothán a thogroghas a chuid raiméise a chur i dtosach ar obair Chonnartha na Gaedhilge nach bhfuil na mílte fáilte roimhe ag an bpáipéar so. “Anam tíre a teanga,” Cad do bhí ar siubhal aca so nuair do bhí an tOireachtas os comhair a shúl i mBaile átha Cliath? Do bhí cainnt ar an bhFrainc thall, & cainnt ar Shasana, & cainnt ar an Aifric, & cainnt ar gach uile nidh ó neamh anuas acht ar an teangaidh — anam na tíre. Sin é an saghas cáirde atá ag an nGaedhilg i bpríomh-chathair na hÉireann. B'fhearr do'n tír seo dá mbéadh lucht na bpáipéar so ag saothrughadh a mbeatha ag briseadh cloch le chur ar na bóithribh, ná iad a bheith i n-ainm a bheith ag stiúradh inntinn na ndaoine a léigheas iad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services