Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ár gCáirde agus Ár Náimhde

Title
Ár gCáirde agus Ár Náimhde
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis



Áth-Cliath, Bealtaine 31, 1902.



ÁR gCÁIRDE AGUS ÁR NÁIMHDE



Is mór breagh an tseachtmhain ar son na Gaedhilge í
seo atá caithte againn. Ó an am so anuraidh níor
facas a leithéid i mBaile-átha-Cliath. Ní raibh éan-
cheard do'n chathair nach raibh an teanga agá spreagadh;
ní raibh neart agat dhul isteach i dtrucaill an bhóthair
nach mbéadh beirt nó triúr ag labhairt Ghaedhilge ann.
Thall is i bhfus, anonn is anall, ar bhóthar & chasán, ag
cuirm ceóil & ag fleadh, ní raibh i smaointibh na ndaoine
acht an Ghaedhilg. Tosuigheadh tráthnóna Dia Luain leis
an Tincéir & an tSidheóg i nGarrdha le Seoirse Ó
Mórdha, & do bhítheas ar an táirim sin d'acht is
d'áirithe as éadan a chéile go dtí an oidhche Dia hAoine
bhí chugat ag saothrughadh na Gaedhilge.



Níor chóir nach n-áireomhfaidhe gur subháilceach car-
thanach an fear é Tadhg Ó hArrachtáin, Árd Mhaor na
Cathrach, le theacht isteach ina theach. Chuir sé fáilte
roimh na teachtairibh go léir san oidhche Dia Luain agá
na theach, & chaitheadar ann go ham codladhta ag rinnce,
ag damhsa, ag éisteacht le ceóil, & le gabháil fhuinn.
Thug an chuairt sin deis do na daoinibh aithne do chur
ar a chéile, & innsint dá chéile goidé mar bhí an
Ghaedhilg ag déanamh ar fud na hÉireann & tar lear.
Níor cheart a dhearmad, acht an oiread, gur chuir lucht
na dtrucaill aibhligh cumaoin ar na Gaedhilgeóiribh.
Do bhí ticéad i n-aisge réidh le haghaidh gach teachtaire,
& cead aige dhul ina rogha áit, i n-aisge, ar na caran-
naibh go dtí deireadh na míosa. Rinneadh an cleas
céadna lena Gaedhilgeóiribh an t-am so anuraidh, &
ní móide go mbadh chóir a leigeann tharainn gan
a admháil i mbliadhna ar chuma ar bith.



Tá tuilleadh cáirde againn, acht ní bhéadh a fhios an
cáirde iad nó muna b'eadh muna n-innsidís féin
dúinn é. Is iad na páipéir nuaidheachta atá i gceist
againn. Tá siad-san ag leigeann orra féin go
bhfuilid carthanach do'n Ghaedhilg, acht ní bhfuigheadh
éinneach go deó amach ó n-a ngníomharthaibh féin go
bhfuilid acht ina gchomhursanaibh. Thiar i ndeireadh an
pháipéir is eadh do bhí imtheacht an Oireachtais aca, &
an bhfuil fear, ná bean, ná páisde, i nÉirinn a dearfas
gur carthanas ná féile na fiúnntas é sin le taisbeáint
do theangaidh na tíre? An bhfuil éinneach i nÉirinn
ná as Éirinn, a chreideas go bhfuil suim puinntín
bioráin aca insa nGaedhilg marach go gcaithfid
i n-aghaidh a gcos, & do bhrigh gur mian leó
cosamhlacht an charthanais a cur orra féin, go gcaithfid,
agu gur mian leó leigeann orra féin gur cáirde dhá
ríribh iad. Níor tháinig éan sganall go h-Éirinn ó
aimsir Cromuel anuas níos mó ná na páipéir seo do
bheith fá mheas insa tír seo. Acht dar ndóigh nílid fá
mheas ná fá shlacht. Tá cheann aca ag iarraidh
mioscas do tharraingt, & dá mbéadh gan faitcheas do
bheith orra labhairfaidís i gcoinne na teangadh i n-éan-
thoras. Acht sé an chaoi a bhfuil sé aca níl cantalóir,
ná abhlóir, ná gaothán a thogroghas a chuid raiméise a
chur i dtosach ar obair Chonnartha na Gaedhilge nach
bhfuil na mílte fáilte roimhe ag an bpáipéar so.
“Anam tíre a teanga,” Cad do bhí ar siubhal
aca so nuair do bhí an tOireachtas os comhair
a shúl i mBaile átha Cliath? Do bhí cainnt ar
an bhFrainc thall, & cainnt ar Shasana, & cainnt ar
an Aifric, & cainnt ar gach uile nidh ó neamh anuas acht
ar an teangaidh — anam na tíre. Sin é an saghas
cáirde atá ag an nGaedhilg i bpríomh-chathair na
hÉireann. B'fhearr do'n tír seo dá mbéadh lucht na
bpáipéar so ag saothrughadh a mbeatha ag briseadh cloch
le chur ar na bóithribh, ná iad a bheith i n-ainm a bheith ag
stiúradh inntinn na ndaoine a léigheas iad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services