Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Guirtín na mBó
Title
Guirtín na mBó
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Guirtín na mBó. Nuair bhí an gnó so ar siubhal chuaidh Cáitín go dtí an doras & ag féachaint siar di, ar sise: “Tá Pádraig ag dul aniar.” * * 'Sé baramhail a lán daoine nach ceart a rádh “ag dul aniar,” i leabaidh “ag teacht aniar.” Má's ceart nó mí-cheart é, is an-mhinic an rádhé i mbéal Gaedhilgeóirí Chonnacht.
Tamaillín 'na dhiaidh sin mhothuigheas Pádraig ag bualadh isteach an geata & é ag tiomáint asail roimhe dar liom. Thar éis an t-asal do sheóladh soir, tháinig sé go dtí an doras, & ar bhféachaint an strainséir dhó, sheas sé go cúthal ar an táirsigh go díreach mar do sheas Máire leath-uair roimhe sin. Gasúr beag deas do bhí ann, timcheall dhá bhliadhain déag d'aois, & níor dhoiligh a aithne gur dearbhráthair do Mháire é. Bhí a aghaidh chomh geal leis an ngréin, & ní'l rosg an tseabhaic seilge níos glaine ná mar bhí a rosg-san. Bhí Máire fionn-bhán, acht má bhí, ba bháine i bhfad 's i bhfad Pádraig ná í, & folt casta air, ar nós olna uainín Márta. Bhí sé chomh caol le heasóig, & do réir cósmhaileachta, chomh luath le girrfhiadh. Bhí culaidh báiníní air, & caipín olna ar a cheann. Fearacht a mháthar & dheirbhsheathar, bhí sé cos-lomnocht. “Tabhair sop féir do'n asal, a mhaicín,” arsa Cáitín leis. “Níor bh'iongnadh dá mbéadh an créatúir caillte le hocras.” D'imthigh Pádraig ar an toirt & thar éis sop féir & pigín fíor-uisge a thabhairt do'n asal, d'fhill sé go dtí an teach & dheasuigh anuas cois teineadh. Bhí sé gan labhairt go dtí seo. Dhá chúthalachtaidhe í Máire, níos chúthaile í ná Pádraig. Shuidh sé faoi gan gíog as. Leis an aimsir a bhréagadh thosuigh sé ar mhéaracha a chos a chomhaireamh — nó, ar an gcuid is lugha dhe, ghabh sé ag sgrúdadh a chuid cos chomh géar sin gur cheapas gur bh'é sin an gnó do bhí idir lámhaibh aige. “Pádraig atá ort-sa, an eadh?” arsa mise leis sa deireadh. “Seadh,” ar seisean. “Pádraig Bán thugas muid air,” arsa Cáitín, & í ag lasadh an lampa. “Maiseadh, oireann an t-ainm dhó,” arsa mise. “Pádraig atá orm-sa freisin, ché nach Pádraig Bán me.” Ní fhaca tú riamh bean chomh bródamhail is bhí Caitín ar gcloistin di gur bh'ionnann ainm damsa & dho Phádraig Bán. Ní raibh Pádraig féin mí-sásta acht chomh beag. Ní raibh uain agam le tuilleadh cainnte a bhaint as Pádraig gur bhuail duine eile isteach. Sean-fhear do bhí ann, & dubhairt Cáitín liom gur bh'é a hathair é. Labhras leis an sean-fhear ar feadh tamaill, acht bhí sé chomh manntach sin gur dheacair é 'thuigsint, & fá dheireadh leigeas dó. Bhí na fataidhe bhruithte faoi seo, & thóg Máire do'n teinidh iad. Bhí sí dhá dtaodhmadh ar an gciseóig nuair tháinig fear eile isteach. B'é fear an tighe féin é. Fear mór millteach do bhí ann, & e chomh láidir le fathach do réir cosmhaileachta. Bhí sé ag liathachan, acht b'fhurusta a aithne go raibh sé fionn-bhán i dtúis a óige, & gur uaidh-sean do fuair Máire & Pádraig a gcuid cas-ghruaige báine. Bheannuigh sé go cneasta dham, & chuir sé fearadh na fáilte romham. Shílfeá gur rí ag cur fáilte roimh árd-fhlaith a bhéadh ann, acht amháin nach dtug rí riamh beannachadh do dhuine chomh croidheamhail carthannach is thug seisean dam-sa. Theannamar suas leis an mbord an sin, & geallaim dhíbh go raibh goile againn chuig a raibh deasuighthe linn ag Cáitín. Nuair bhí ithte & ólta againn d'fhiafruigheas do Cháitín an bhféadfadh sí leaba a thabhairt dam go maidin. “M'anam go bhféadfainn & céad fáilte,” ar sise. “Is suarach a bhfuil againn, acht ní bhéidh tú gan fosgadh ar chuma ar bith.” Bhí go maith. Bhailigheamar thart timcheall na teineadh, & nach againn do bhí an chéilidh! Ní raibh acht aon chathaoir amháin sa teach, & tugadh í sin dam-sa. Shuidheas ar an taoibh clí do'n tsimléir. Shuidh an sean-fhear os mo chomhair ar an taoibh eile. Shuidh Pádraig Bán le n-a chois-sean, & le cois Phádraig bhí Cáitín. B'é Mícheál Mór — mar b'in é ainm fir an tighe — an chéad duine eile, & bhí Máire 'na suidh ar stóilín idir eisean & mise. Ná smaoinighidh gur d'aon- toisg do shuidh Máire lem' ais-se, acht níor mhór liom a admháil nár mhisde liom í bheith 'na suidhe mar bhí sí. Pádraig Mac Piarais (Leanfar dhe seo)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services