Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Guirtín na mBó

Title
Guirtín na mBó
Author(s)
Mac Piarais, Pádraig,
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Guirtín na mBó.



Nuair bhí an gnó so ar siubhal chuaidh Cáitín go dtí
an doras & ag féachaint siar di, ar sise:



“Tá Pádraig ag dul aniar.” *



* 'Sé baramhail a lán daoine nach ceart a rádh “ag dul aniar,”
i leabaidh “ag teacht aniar.” Má's ceart nó mí-cheart é, is
an-mhinic an rádhé i mbéal Gaedhilgeóirí Chonnacht.


L. 209


Tamaillín 'na dhiaidh sin mhothuigheas Pádraig ag
bualadh isteach an geata & é ag tiomáint asail roimhe
dar liom. Thar éis an t-asal do sheóladh soir, tháinig
sé go dtí an doras, & ar bhféachaint an strainséir dhó,
sheas sé go cúthal ar an táirsigh go díreach mar do
sheas Máire leath-uair roimhe sin. Gasúr beag deas
do bhí ann, timcheall dhá bhliadhain déag d'aois, & níor
dhoiligh a aithne gur dearbhráthair do Mháire é. Bhí
a aghaidh chomh geal leis an ngréin, & ní'l rosg an
tseabhaic seilge níos glaine ná mar bhí a rosg-san.
Bhí Máire fionn-bhán, acht má bhí, ba bháine i bhfad 's i
bhfad Pádraig ná í, & folt casta air, ar nós olna
uainín Márta. Bhí sé chomh caol le heasóig, & do
réir cósmhaileachta, chomh luath le girrfhiadh. Bhí
culaidh báiníní air, & caipín olna ar a cheann. Fearacht
a mháthar & dheirbhsheathar, bhí sé cos-lomnocht.



“Tabhair sop féir do'n asal, a mhaicín,” arsa
Cáitín leis. “Níor bh'iongnadh dá mbéadh an créatúir
caillte le hocras.”



D'imthigh Pádraig ar an toirt & thar éis sop féir &
pigín fíor-uisge a thabhairt do'n asal, d'fhill sé go
dtí an teach & dheasuigh anuas cois teineadh. Bhí sé
gan labhairt go dtí seo. Dhá chúthalachtaidhe í Máire,
níos chúthaile í ná Pádraig. Shuidh sé faoi gan gíog as.
Leis an aimsir a bhréagadh thosuigh sé ar mhéaracha a
chos a chomhaireamh — nó, ar an gcuid is lugha dhe, ghabh sé
ag sgrúdadh a chuid cos chomh géar sin gur cheapas
gur bh'é sin an gnó do bhí idir lámhaibh aige.



“Pádraig atá ort-sa, an eadh?” arsa mise leis
sa deireadh.



“Seadh,” ar seisean.



“Pádraig Bán thugas muid air,” arsa Cáitín, &
í ag lasadh an lampa.



“Maiseadh, oireann an t-ainm dhó,” arsa mise.
“Pádraig atá orm-sa freisin, ché nach Pádraig Bán
me.”



Ní fhaca tú riamh bean chomh bródamhail is bhí Caitín
ar gcloistin di gur bh'ionnann ainm damsa & dho
Phádraig Bán. Ní raibh Pádraig féin mí-sásta acht
chomh beag.



Ní raibh uain agam le tuilleadh cainnte a bhaint as
Pádraig gur bhuail duine eile isteach. Sean-fhear do
bhí ann, & dubhairt Cáitín liom gur bh'é a hathair é.
Labhras leis an sean-fhear ar feadh tamaill, acht bhí sé
chomh manntach sin gur dheacair é 'thuigsint, & fá
dheireadh leigeas dó.



Bhí na fataidhe bhruithte faoi seo, & thóg Máire do'n
teinidh iad. Bhí sí dhá dtaodhmadh ar an gciseóig
nuair tháinig fear eile isteach. B'é fear an tighe
féin é. Fear mór millteach do bhí ann, & e chomh
láidir le fathach do réir cosmhaileachta. Bhí sé ag
liathachan, acht b'fhurusta a aithne go raibh sé fionn-bhán
i dtúis a óige, & gur uaidh-sean do fuair Máire &
Pádraig a gcuid cas-ghruaige báine. Bheannuigh sé
go cneasta dham, & chuir sé fearadh na fáilte romham.
Shílfeá gur rí ag cur fáilte roimh árd-fhlaith a bhéadh
ann, acht amháin nach dtug rí riamh beannachadh do
dhuine chomh croidheamhail carthannach is thug seisean
dam-sa. Theannamar suas leis an mbord an sin, &
geallaim dhíbh go raibh goile againn chuig a raibh
deasuighthe linn ag Cáitín.



Nuair bhí ithte & ólta againn d'fhiafruigheas do
Cháitín an bhféadfadh sí leaba a thabhairt dam go
maidin.



“M'anam go bhféadfainn & céad fáilte,” ar sise.
“Is suarach a bhfuil againn, acht ní bhéidh tú gan
fosgadh ar chuma ar bith.”



Bhí go maith. Bhailigheamar thart timcheall na
teineadh, & nach againn do bhí an chéilidh! Ní raibh
acht aon chathaoir amháin sa teach, & tugadh í sin
dam-sa. Shuidheas ar an taoibh clí do'n tsimléir.
Shuidh an sean-fhear os mo chomhair ar an taoibh eile.
Shuidh Pádraig Bán le n-a chois-sean, & le cois Phádraig
bhí Cáitín. B'é Mícheál Mór — mar b'in é ainm fir an
tighe — an chéad duine eile, & bhí Máire 'na suidh ar
stóilín idir eisean & mise. Ná smaoinighidh gur d'aon-
toisg do shuidh Máire lem' ais-se, acht níor mhór liom
a admháil nár mhisde liom í bheith 'na suidhe mar bhí sí.



Pádraig Mac Piarais



(Leanfar dhe seo)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services