Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Óid do'n Oireachtas
Title
Óid do'n Oireachtas
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Óid do'n Oireachtas. Leis an gCraoibhín Aoibhinn I. Do thuit an oidhche go fuar fliuch fíochmhar Le stoirm gaoithe as le báistigh mhóir, Do leathnuigh an díle ar fud na tíre Ar bhántaibh míne, ar ghleann 's ar mhóin; Bhí srotha a léimnigh de bhárr na sléibhtibh, Ag rith 's ag réabadh 's ag strócadh leó — Go bhfóiridh Dia ar an talamh ísiol! Tá ár máthair sínte ann sin fá cheó. II. Bhí ár máthair Éire ag bun an tsléibhe, Agus ar a géagaibh bhí slabhra trom, Bhí sí gan dídion ó neart na gaoithe, 'S ó fhuacht na h-oidhche; bhí sí fágtha, lom, A mháthair Éire, mo mháthair féin thú! Is mór mo léan thú, is do cheann go crom, Muinntir an Bhéarla ag loit do ghéaga, Agus córdaí géara thart ar do chom. III. Bhí uisge an Bhéarla i gcomhnuidhe ag méadughadh, Ag fás go héif'teach 's ag teacht go buan, Ag déanamh locha fa n-a cosaibh Go raibh sí fliuchtha go dtí an glún Tá an t-uisge láidir i gcómhnuidhe ag árdughadh, Mo léan thú craptha fá do cheangailt cruaidh, 'Sé deir do námhaid go mbéidh tú báidhte A Mhuire, a mháthair, is tú an truagh! IV. Bhfuil aon cosmhaileacht ar chabhair nó fuasgailt Tá an tuile fuar sin ag éirghe suas, Tá'n sruth ag árdughadh go dtí do bhásta, Béidh sé, fá spás beag, go dtí do chluas. A Dhé na ngrásta, ná fág — ná fág í Sean-bhainrioghain chráidhte gan lúth 'na láimh, Acht sgap na néallta & las na spéartha, Agus sgaoil a géaga & leig di snámh! V. Agus chualaidh Dia impidhe na ndaoine, Agus chuir Sé síos as lár na néall An teinntreach dhearg do sgoilt le fearg An cruaidh-cheangailt bhí uirri féin.
Do sgap na néallta, do las na spéartha, Do súghadh an Béarla ins an talamh síos, Súd í ár máthair ag teacht 'n ár láthair, Gan eagla a báidhte a choidhche arís! VI. Céad míle fáilte a bhaile, a mháthair! Céad míle fáilte a shean-bhean liath! — Do chaith sí a falaing go dtí an talamh, Agus léim sí amach, mar léimfeadh fiadh! Ní sean-bhean chráidhte do bhí in ár máthair Ag gabháil na sráide seo i mBaile Átha Cliath, Acht bean óg áluinn gan ceó ná crádh uirri Níor fhéach sí an lá sin acht fiche bhliadhain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services