Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Óid do'n Oireachtas

Title
Óid do'n Oireachtas
Author(s)
An Craoibhín Aoibhinn,
Pen Name
An Craoibhín Aoibhinn
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Óid do'n Oireachtas.



Leis an gCraoibhín Aoibhinn



I.
Do thuit an oidhche go fuar fliuch fíochmhar
Le stoirm gaoithe as le báistigh mhóir,
Do leathnuigh an díle ar fud na tíre
Ar bhántaibh míne, ar ghleann 's ar mhóin;
Bhí srotha a léimnigh de bhárr na sléibhtibh,
Ag rith 's ag réabadh 's ag strócadh leó —
Go bhfóiridh Dia ar an talamh ísiol!
Tá ár máthair sínte ann sin fá cheó.



II.
Bhí ár máthair Éire ag bun an tsléibhe,
Agus ar a géagaibh bhí slabhra trom,
Bhí sí gan dídion ó neart na gaoithe,
'S ó fhuacht na h-oidhche; bhí sí fágtha, lom,
A mháthair Éire, mo mháthair féin thú!
Is mór mo léan thú, is do cheann go crom,
Muinntir an Bhéarla ag loit do ghéaga,
Agus córdaí géara thart ar do chom.



III.
Bhí uisge an Bhéarla i gcomhnuidhe ag méadughadh,
Ag fás go héif'teach 's ag teacht go buan,
Ag déanamh locha fa n-a cosaibh
Go raibh sí fliuchtha go dtí an glún
Tá an t-uisge láidir i gcómhnuidhe ag árdughadh,
Mo léan thú craptha fá do cheangailt cruaidh,
'Sé deir do námhaid go mbéidh tú báidhte
A Mhuire, a mháthair, is tú an truagh!



IV.
Bhfuil aon cosmhaileacht ar chabhair nó fuasgailt
Tá an tuile fuar sin ag éirghe suas,
Tá'n sruth ag árdughadh go dtí do bhásta,
Béidh sé, fá spás beag, go dtí do chluas.
A Dhé na ngrásta, ná fág — ná fág í
Sean-bhainrioghain chráidhte gan lúth 'na láimh,
Acht sgap na néallta & las na spéartha,
Agus sgaoil a géaga & leig di snámh!



V.
Agus chualaidh Dia impidhe na ndaoine,
Agus chuir Sé síos as lár na néall
An teinntreach dhearg do sgoilt le fearg
An cruaidh-cheangailt bhí uirri féin.


L. 193


Do sgap na néallta, do las na spéartha,
Do súghadh an Béarla ins an talamh síos,
Súd í ár máthair ag teacht 'n ár láthair,
Gan eagla a báidhte a choidhche arís!



VI.
Céad míle fáilte a bhaile, a mháthair!
Céad míle fáilte a shean-bhean liath!
— Do chaith sí a falaing go dtí an talamh,
Agus léim sí amach, mar léimfeadh fiadh!
Ní sean-bhean chráidhte do bhí in ár máthair
Ag gabháil na sráide seo i mBaile Átha Cliath,
Acht bean óg áluinn gan ceó ná crádh uirri
Níor fhéach sí an lá sin acht fiche bhliadhain.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services