Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL D'fhág Micheal slán agam ag an Mhullaigh & thiomáin mé liom síos an gleann. Bhí iongnadh mhór orm ag Baile-an-Leacht nach bhfaca mé an sean teach sgoile in a bhfuair mé an méid mhúinteachais atá agam beagnach go léir; acht tá sé leagtha go talamh gan cloch ar chloich dé. Fairíor! is amhlaidh imthigheas gach rud sa' tsaoghal seo. Chaith mé os cionn deich mbliadhan mar sgoláire ar an sgoil sin. Agus ba ghreannmhar an sgoil í. Teach ceann rinneadh, nó teach sglátaí do bhí ann, ach, chá raibh barraidheacht slinneadh air. Chán fhuil cuimhne agam ar uair ar bith ar feadh na ndeich mbliadhan úd nach dtiocfadh le duine réaltaí neimhe do chomhairiughadh thríd na pollaibh do bhí i gcionn an tighe. Dar ndóigh bhí neart aeir mhaith againn mar tháinig an t-aer úr isteach in áit ar bhadh mhian leis. Chár chuir na slinní nó na ballaí nó na fuinneóga aon bhac air. Agus tháinig an fhearthainn isteach chomh maith leis an aer, & an sneachta & an flith-shneachta & na clocha-sneachta leis. Is iomdha uair bhí mé fleidhte leis an fuacht óir ba mhinic droich-theine againn. Chá raibh aon adhbhar teineadh againn acht na móin d'iomchuróchadh sinne faoi n-ar n-ascalla gach maidin, & mar a bhí a dhó nó a thrí mhílte slighe le siubhal ag cuid againn go dtí an sgoil níl gar damh a rádh nach fada nó leathan an dá fhóid móna rugamar linn go dtí 'n áit. Cor uair, anois is arís, bhéadh bacóg bhreagh móna isteach 'un na sgoile linn. Ba hiad sin na huaire fuaramar faill ar chruach móna Dhomhnaill Uí Thomhnair, fear macánta a bhí na chomhnuidhe i n-aice na sgoile. Bhí Domhnaill coimheadach go maith ar an mhóin siúd is go raibh go leór aige, óir ba ghnáthach leis an mhóin do chur ar thrucaill nó cart & iad a thabhairt go Leitirceannain, deich míle slighe uaidh, & iad do dhíol ann sin le muinntir an bhaile. Ní bhfuighbheadh sé acht dhá sgilling nó ó sin go dtí leath choróin a lasda orra i Leitirceannain, & mar bhíodh sé féin & a bheitheadhach amuich ruith an lae ag dul 'un an bhaile & ag teacht ar ais, shaothruigh sé an t-airgead geallaim daoibh. Mar sin féin chruinnigh Domhnall airgead ar an obair seo mar ba dhuine beag neamhsgarbhthach é. Bhí riaghal aige an méid a gheobhadh sé de bhreis ar an dá sgilling do chaitheadh ar féin & ar an ghearrán. D'ólfadh sé leath-ghloine biotáille nó cupán tae do réir na méide bhíodh aige & bhéaradh sé luach pighne nó luach dhá phighinn féir do'n chapall & bhéaradh sé dhá sgilling leis 'na bhaile. Dá mbéadh sé gan bonn dá sgilling d'fhagháil ar luach na móna chuartóchadh sé thart go bhfuighbheadh sé duine eighinteach do-bhéaradh bonn dó ar a luach do bhriseadh i modh go mbéadh an bonn leis 'na bhaile gach lá. Chuirfeadh sé na bonna dhá sgilling i dtaisge, i sean stocaidhe nó i sean- chisde gur éirigh sé na thoiceadh ar an tsaoghal leis an méid aca bhí aige & deirtear liom gur dhíol sé ar ghabhaltas talmhan ar ar thug sé ós cionn dhá chéad punnta le bonnaibh dhá sgilling uilig. Tuigfidh sibh anois nar mhaith le Domhnall fód móna do chailleadh & is iomdha breilsge & deargruathar thóg sé orainne mar gheall ar an mhóin do ghoid uaidh & is iomdha greadadh fuaramar ó 'n maighistir. Chá raibh mórán gar dóibh ann mar nach dtiocfadh leo bac do chur orainn, & faill ar bith a bhfuighbheadh muid bhéadh an mhóin sgiobtha linn go húr nua. Chár labhradh focal Gaedhilge 'sa' sgoil le linn m'aimsire innti, siúd is go raibh neart Gaedhilge ag leath na bpáistí; acht rinne sinne, sé sin lucht an Bhéarla, an oiread magaidh & fonmhóide fá dtaoibh de'n Ghaedhilg nach leigfeadh an naire do lucht na Gaedhilge a dteanga féin do labhairt. Tabhairigidh maitheamhnas dúinn ar an fheillbheart úd, óir chá raibh fios nó fáth an sgéil againn mar tá anois. Buidheachas le Dia tá athrughadh ar an sgéal; tá mó chlann féin ar sgoil i nGleann tSúiligh anois & iad ag foghluim na Gaedhilge. Tógadh teach beag glan compórtach mar theach sgoile i nGleann tSúiligh ó shoin, acht chá raibh aon tairbhe ann damhsa óir cuireadh ar siubhal mé go Baile- Átha-Cliath ar sgoil fá 'n am ceádna — go Sgoil an Talamh-Saothair i nGlas-Neimhean 'sa' chéad uair & go Coláisde na bhFrancach 'sa' Charraig Dubh ina dhiaidh sin. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services