Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
D'fhág Micheal slán agam ag an Mhullaigh &
thiomáin mé liom síos an gleann. Bhí iongnadh mhór
orm ag Baile-an-Leacht nach bhfaca mé an sean teach
sgoile in a bhfuair mé an méid mhúinteachais atá
agam beagnach go léir; acht tá sé leagtha go talamh
gan cloch ar chloich dé. Fairíor! is amhlaidh imthigheas
gach rud sa' tsaoghal seo. Chaith mé os cionn deich
mbliadhan mar sgoláire ar an sgoil sin. Agus ba
ghreannmhar an sgoil í. Teach ceann rinneadh, nó
teach sglátaí do bhí ann, ach, chá raibh barraidheacht
slinneadh air. Chán fhuil cuimhne agam ar uair ar bith
ar feadh na ndeich mbliadhan úd nach dtiocfadh le
duine réaltaí neimhe do chomhairiughadh thríd na pollaibh
do bhí i gcionn an tighe. Dar ndóigh bhí neart aeir
mhaith againn mar tháinig an t-aer úr isteach in áit ar
bhadh mhian leis. Chár chuir na slinní nó na ballaí nó na
fuinneóga aon bhac air. Agus tháinig an fhearthainn
isteach chomh maith leis an aer, & an sneachta &
an flith-shneachta & na clocha-sneachta leis. Is
iomdha uair bhí mé fleidhte leis an fuacht óir ba mhinic
droich-theine againn. Chá raibh aon adhbhar teineadh
againn acht na móin d'iomchuróchadh sinne faoi n-ar
n-ascalla gach maidin, & mar a bhí a dhó nó a thrí
mhílte slighe le siubhal ag cuid againn go dtí an sgoil
níl gar damh a rádh nach fada nó leathan an dá fhóid
móna rugamar linn go dtí 'n áit. Cor uair, anois
is arís, bhéadh bacóg bhreagh móna isteach 'un na sgoile
linn. Ba hiad sin na huaire fuaramar faill ar chruach
móna Dhomhnaill Uí Thomhnair, fear macánta a bhí na
chomhnuidhe i n-aice na sgoile. Bhí Domhnaill coimheadach
go maith ar an mhóin siúd is go raibh go leór aige, óir
ba ghnáthach leis an mhóin do chur ar thrucaill nó cart
& iad a thabhairt go Leitirceannain, deich míle
slighe uaidh, & iad do dhíol ann sin le muinntir an
bhaile. Ní bhfuighbheadh sé acht dhá sgilling nó ó sin go
dtí leath choróin a lasda orra i Leitirceannain, &
mar bhíodh sé féin & a bheitheadhach amuich ruith an
lae ag dul 'un an bhaile & ag teacht ar ais, shaothruigh
sé an t-airgead geallaim daoibh. Mar sin féin
chruinnigh Domhnall airgead ar an obair seo mar ba
dhuine beag neamhsgarbhthach é. Bhí riaghal aige an
méid a gheobhadh sé de bhreis ar an dá sgilling do
chaitheadh ar féin & ar an ghearrán. D'ólfadh
sé leath-ghloine biotáille nó cupán tae do réir na
méide bhíodh aige & bhéaradh sé luach pighne nó luach
dhá phighinn féir do'n chapall & bhéaradh sé dhá
sgilling leis 'na bhaile. Dá mbéadh sé gan bonn dá
sgilling d'fhagháil ar luach na móna chuartóchadh sé
thart go bhfuighbheadh sé duine eighinteach do-bhéaradh
bonn dó ar a luach do bhriseadh i modh go mbéadh an
bonn leis 'na bhaile gach lá. Chuirfeadh sé na bonna
dhá sgilling i dtaisge, i sean stocaidhe nó i sean-
chisde gur éirigh sé na thoiceadh ar an tsaoghal leis an
méid aca bhí aige & deirtear liom gur dhíol sé ar
ghabhaltas talmhan ar ar thug sé ós cionn dhá chéad
punnta le bonnaibh dhá sgilling uilig.
Tuigfidh sibh anois nar mhaith le Domhnall fód móna
do chailleadh & is iomdha breilsge & deargruathar
thóg sé orainne mar gheall ar an mhóin do ghoid
uaidh & is iomdha greadadh fuaramar ó 'n
maighistir. Chá raibh mórán gar dóibh ann mar nach
dtiocfadh leo bac do chur orainn, & faill ar bith a
bhfuighbheadh muid bhéadh an mhóin sgiobtha linn go húr
nua.
Chár labhradh focal Gaedhilge 'sa' sgoil le linn
m'aimsire innti, siúd is go raibh neart Gaedhilge ag
leath na bpáistí; acht rinne sinne, sé sin lucht an
Bhéarla, an oiread magaidh & fonmhóide fá dtaoibh
de'n Ghaedhilg nach leigfeadh an naire do lucht na
Gaedhilge a dteanga féin do labhairt. Tabhairigidh
maitheamhnas dúinn ar an fheillbheart úd, óir chá raibh
fios nó fáth an sgéil againn mar tá anois. Buidheachas
le Dia tá athrughadh ar an sgéal; tá mó chlann féin
ar sgoil i nGleann tSúiligh anois & iad ag foghluim
na Gaedhilge.
Tógadh teach beag glan compórtach mar theach
sgoile i nGleann tSúiligh ó shoin, acht chá raibh aon
tairbhe ann damhsa óir cuireadh ar siubhal mé go Baile-
Átha-Cliath ar sgoil fá 'n am ceádna — go Sgoil an
Talamh-Saothair i nGlas-Neimhean 'sa' chéad uair &
go Coláisde na bhFrancach 'sa' Charraig Dubh ina dhiaidh
sin.
Cú Uladh