Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dínnéar Léim a' Mhadaidh
Title
Dínnéar Léim a' Mhadaidh
Author(s)
Bheirt Gaedhealach,
Pen Name
Bheirt Gaedhealach
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dínnéar Léim a' Mhadaidh. Baile beag Gallda is eadh Léim a' Mhadaidh atá idir Dhoire & Cúil Raithne. Ní dóigh liom go raibh sé riamh acht gallda ar shon nach bhfuil Drom-Ceata acht buille beag uaidh, & tá fhios ag an saoghal gur ar Mhullach Dhroma-Cheata do bhí an cruinniughadh mór fa dtaobh de na bárdaibh aimsir Choilm Cille, acht ní bhaineann sé seo le m' sgéal. Bhí beirt againn ann & bhí an Aoine againn & ocras orainn araon. Bhuaileamar isteach go dtí an tígh ósda. Arsa mise le giolla na casóige cuirp “Bhfuil aon iasg agaibh indiu?” “Tá” ar seisean “& béidh sé réidh ar leath-uair tairéis a haon. Tá duine uasal eile a braith ar iasg fhagháil & sé is fearr dhaoibh an t-iasg a bheith agaibh i dteannta a chéile.” “Bíodh sé mar sin,” arsa mise. “Bhuail an bheirt againn isteach ar leath-uair tairéis a haon. Bhí an t-iasg ullamh & ar an mbórd, & cé bhéadh rómhainn na fear fíor-Ghaedhealach ar a raibh sean- aithne agam-sa. Bhí ceathrar eile ag ithe feola os ár gcomhair ar dtaobh eile de'n bhord. “Anois” arsa mise leis an mbeirt eile “na bíodh focal as bhur mbéal acht Gaedhilg & bainfimíd cuid de'n tsásamh as na bodaigh seo.” Agus ní raibh focal asainn acht Gaedhilg ó thús go deireadh acht an méid do b'éigean dúinn a rádh le giolla an bhrollaigh bháin. Dá bhfeicfá-sa an ceathrar eile, ní dóigh liom gur réidhtigh a gcuid feola ro-mhaith leo. Dá bhfaighdís céad púnnt ní bhéadh gáire asta; muna raibh feoil againn-ne bhí an sógh againn. Acht go hairithe & bhí cúrsaidhe cainte ag an mhuinntir eile ar. Bheirt Gaedhealach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services