Dínnéar Léim a' Mhadaidh.
Baile beag Gallda is eadh Léim a' Mhadaidh atá idir
Dhoire & Cúil Raithne. Ní dóigh liom go raibh sé riamh
acht gallda ar shon nach bhfuil Drom-Ceata acht buille
beag uaidh, & tá fhios ag an saoghal gur ar Mhullach
Dhroma-Cheata do bhí an cruinniughadh mór fa dtaobh
de na bárdaibh aimsir Choilm Cille, acht ní bhaineann
sé seo le m' sgéal.
Bhí beirt againn ann & bhí an Aoine againn & ocras
orainn araon. Bhuaileamar isteach go dtí an tígh
ósda. Arsa mise le giolla na casóige cuirp “Bhfuil
aon iasg agaibh indiu?”
“Tá” ar seisean “& béidh sé réidh ar leath-uair tairéis
a haon. Tá duine uasal eile a braith ar iasg fhagháil
& sé is fearr dhaoibh an t-iasg a bheith agaibh i dteannta
a chéile.”
“Bíodh sé mar sin,” arsa mise.
“Bhuail an bheirt againn isteach ar leath-uair tairéis
a haon. Bhí an t-iasg ullamh & ar an mbórd, & cé
bhéadh rómhainn na fear fíor-Ghaedhealach ar a raibh sean-
aithne agam-sa.
Bhí ceathrar eile ag ithe feola os ár gcomhair ar
dtaobh eile de'n bhord.
“Anois” arsa mise leis an mbeirt eile “na bíodh
focal as bhur mbéal acht Gaedhilg & bainfimíd cuid
de'n tsásamh as na bodaigh seo.”
Agus ní raibh focal asainn acht Gaedhilg ó thús go
deireadh acht an méid do b'éigean dúinn a rádh le
giolla an bhrollaigh bháin.
Dá bhfeicfá-sa an ceathrar eile, ní dóigh liom gur
réidhtigh a gcuid feola ro-mhaith leo. Dá bhfaighdís
céad púnnt ní bhéadh gáire asta; muna raibh feoil
againn-ne bhí an sógh againn. Acht go hairithe & bhí
cúrsaidhe cainte ag an mhuinntir eile ar.
Bheirt Gaedhealach.