Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL D'fhág mé slán ag Seumas Mag Loinsigh arís, d'éirigh ar mo rothar & bhuail anonn bealach Gleanntsuiligh. Ní'l an bealach mór ruitheas imeasg na sliabh ann seo ró-mhaith uair ar bith, acht an lá úd bhí sé níos measa ná ba ghnáthach leis. Bhí clocha briste sgaptha air, gach re seal, & sneachta 'na luighe ós cionn na gcloch & é cruaidhthe le siocáin. Mar sin de chár bh'fhéidir liom imtheacht go gasta acht b'éigin damh tuirling anois & arís & mo rothar do thiomaint romham. Mar sin féin bhí aoibhneas an tsaoghail orm ag imtheacht imeasg na sliabh áluinn úd & iad chomh geal le léine mhín línéadach, leis an tsneachta. Casadh orm fear nó bean anois & aris, & dar ndóigh chuir mé fórán orra uilig as Gaedhilg. Níor chuir siad suim 'san méid sin, óir is Gaedhilg is gnáthach labhairt fán dúthaigh sin go léir & is breagha blasta binn-bhriathrach an Ghaedhilg atá ag na daoinibh ar fud na háite sin. Bhí daoine muinnteardha damh 'na gcomhnuidhe i ngleanntán ar leathtaoibh an bhóthair fá'n áit sin & mar a bhí cúpla uaire de'n lá geal le caitheadh go fóill & mar bhí fhios agam go raibh neart Gaedhilge ag an teaghlach úd & b'fhéidir sean- sgéalta & amhráin leis, chinn mé comhairle goirstin aca. Chá raibh mé san ghleanntán úd riamh roimhe, & chá raibh aithne agam ar an tigh acht bhuail mé síos an gleann & d'fhiafraigh de'n chéad duine casadh orm cá raibh teach Phroinnsiais Chonaill Ruaidh. Taisbeánadh an teach damh & tharraing mé air. Go dearbhtha ní furas fhagháil fhaid leis, óir chá raibh acht sean-bhóthrín briste ag dul go dtí é, & mar bhí an tsiocáin leaghta leis an ngréin & leis an mboglach do bhí sa' talamh. Bhí mé istigh go dtí bárr mo bhróige 'sa phortach & mé ag streacháilt mo rothar liom chomh maith is thiocfadh liom. Acht rinn' an teach amach 'sa' deireadh. Mag Loinsigh is sloinne de'n teaghlach úd, & is é an teaghlach atá ann beirt shean-bhuachaill & sean-chailín. Proinnsias atá ar an bhfear is sine, & Mícheal an fear is óige. Anna atá ar an chailín. Chá raibh istigh díobh acht Anna nuair a chuaidh mise isteach & dar go dearbhtha ba mhuinnteardha an fháilte chuir sí romham. Bhí Phroinn- sias amuich 'sa' gharrdha ag an gcruach féir ag tarraingt fhéir fá choinne na héallaigh. Ní fada go raibh sé istigh. Bhí Mícheál ar siubhal fá dhéin cléibhe móna & tháinig sé isteach ar ball & é cromtha faoi ualach mór móna. Chuir sé a lámh chlé faoi thóin na cléibhe & d'iompuigh an t-ualach go cliste tar a ghualainn anonn 'sa' chludaigh & rinn' iarraidh orm féin gur chroith sé mo dhá láimh go sultmhar sásta. Bhí teine bhreagh móna ar an teaghlach & na lasracha ag imtheacht uaithe suas ar an pholl-deataigh. Shuidheamar thart fá'n teine & dhearg Phroinnsias a phíopa gur chaith muid toit bhreagh. Ar feadh an ama seo bhí Anna gnóthach ag déanamh an tae. Dubhairt mise go raibh mé ag súil le sean-sgéaltaibh a chluinsint nó dánta nó amhráin. Dubhairt Proinnsias go raibh lá ann & bhí go leor neithe de'n chineal sin aige-sean acht go raibh sé ag éirigh sean anois & go raibh sé ag cailleadh cuid mhór aca. Chuir mise sárughadh isteach, & 'sa' deireadh leig sé míonchasacht as ag glanadh a sgórnuigh & thoisigh ar sgéal Fiannuidheachta ar a dtug sé “Cormac Mac Áirt.” Chár sgríobh mé síos é mar nach raibh faill agam an tráthnóna sin, acht ag seo síos Laoidh Fiannuidheachta do chan sé i ndiaidh an sgéil do chríochnughadh. Chuir sé guth leis an laoidh i modh nár chuala mé a leithéid go dtí sin. Chán fonn amhráin do bhí leis ar chor ar bith acht ceol mar bhéadh ag sagart ag canadh aifrinn — Comhrac Ghuill & an Ghaisgidhigh ó Chríoch na nIndiach. As críoch na nIndiach anall Ghluais Mac Airt, rí na ngéar lann Agus d'iarr a comhrac ó fhear bhFiann Thabhairt dó go hagbhéal. “Aoinneach” ar Fionn, “ní rachaidh in do dháil Ar easba Osgair dúinn 'sá' mhágh Easba Oisín mo mhic féin Is Goll gonta leis an bpéin.”
Acht d'éirigh Goll Mór Mac Mórna Leis an bhfáthach a dhul 'un spáirn “Nois” arsa Goll, “tá mé gan bhrigh Féach mo cneadha go díon dearg.” “Is beag mo mheas ort-sa, a Ghuill I ndiaidh mo thurais go hÉirinn Imtheacht & mé slán, Agus géillstín a thabhairt do'n fhearghamhan.” “Ceann ní fhuighfidh mé ar bhrághaid Is muirbhfidh mé Goll 'sa' chéad chás.” Smuainigh Goll nár buan a bheo 'S nár chóir dó é féin a chagailt. Bhuail sé an curadh go teann 'S ní gan luth do bhí an fear Bhuain sé an ceann dé le haon bhéim Is d'éirigh a aigne d'aon léim. Ag an phonc seo de'n laoidh bhí na tuirtíní bruithte ag Anna & an tae curtha amach & mar bhí goile mhaith ag 'ach aon fhear againn chuir muid cosg le Phroinnsias ar feadh tamaill & shuidheamar thart fá'n gclár gur itheamar oiread aráin & ime & uibheach is dhéanfadh béile do thriúr de na Fiannaibh. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services