Cúrsaidhe an tSaoghail
THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL
D'fhág mé slán ag Seumas Mag Loinsigh arís, d'éirigh
ar mo rothar & bhuail anonn bealach Gleanntsuiligh.
Ní'l an bealach mór ruitheas imeasg na sliabh ann seo
ró-mhaith uair ar bith, acht an lá úd bhí sé níos measa ná
ba ghnáthach leis. Bhí clocha briste sgaptha air, gach re
seal, & sneachta 'na luighe ós cionn na gcloch & é
cruaidhthe le siocáin. Mar sin de chár bh'fhéidir liom
imtheacht go gasta acht b'éigin damh tuirling anois &
arís & mo rothar do thiomaint romham. Mar sin féin
bhí aoibhneas an tsaoghail orm ag imtheacht imeasg na
sliabh áluinn úd & iad chomh geal le léine mhín línéadach,
leis an tsneachta. Casadh orm fear nó bean anois &
aris, & dar ndóigh chuir mé fórán orra uilig as
Gaedhilg. Níor chuir siad suim 'san méid sin, óir is
Gaedhilg is gnáthach labhairt fán dúthaigh sin go léir
& is breagha blasta binn-bhriathrach an Ghaedhilg atá ag na
daoinibh ar fud na háite sin. Bhí daoine muinnteardha
damh 'na gcomhnuidhe i ngleanntán ar leathtaoibh an
bhóthair fá'n áit sin & mar a bhí cúpla uaire de'n lá
geal le caitheadh go fóill & mar bhí fhios agam go raibh
neart Gaedhilge ag an teaghlach úd & b'fhéidir sean-
sgéalta & amhráin leis, chinn mé comhairle goirstin aca.
Chá raibh mé san ghleanntán úd riamh roimhe, & chá raibh
aithne agam ar an tigh acht bhuail mé síos an gleann &
d'fhiafraigh de'n chéad duine casadh orm cá raibh teach
Phroinnsiais Chonaill Ruaidh. Taisbeánadh an teach damh
& tharraing mé air. Go dearbhtha ní furas fhagháil fhaid
leis, óir chá raibh acht sean-bhóthrín briste ag dul go
dtí é, & mar bhí an tsiocáin leaghta leis an ngréin &
leis an mboglach do bhí sa' talamh. Bhí mé istigh go
dtí bárr mo bhróige 'sa phortach & mé ag streacháilt
mo rothar liom chomh maith is thiocfadh liom. Acht rinn'
an teach amach 'sa' deireadh.
Mag Loinsigh is sloinne de'n teaghlach úd, & is é an
teaghlach atá ann beirt shean-bhuachaill & sean-chailín.
Proinnsias atá ar an bhfear is sine, & Mícheal an fear
is óige. Anna atá ar an chailín. Chá raibh istigh díobh
acht Anna nuair a chuaidh mise isteach & dar go dearbhtha
ba mhuinnteardha an fháilte chuir sí romham. Bhí Phroinn-
sias amuich 'sa' gharrdha ag an gcruach féir ag tarraingt
fhéir fá choinne na héallaigh. Ní fada go raibh sé istigh.
Bhí Mícheál ar siubhal fá dhéin cléibhe móna & tháinig sé
isteach ar ball & é cromtha faoi ualach mór móna.
Chuir sé a lámh chlé faoi thóin na cléibhe & d'iompuigh an
t-ualach go cliste tar a ghualainn anonn 'sa' chludaigh
& rinn' iarraidh orm féin gur chroith sé mo dhá láimh
go sultmhar sásta. Bhí teine bhreagh móna ar an
teaghlach & na lasracha ag imtheacht uaithe suas ar an
pholl-deataigh. Shuidheamar thart fá'n teine & dhearg
Phroinnsias a phíopa gur chaith muid toit bhreagh. Ar
feadh an ama seo bhí Anna gnóthach ag déanamh an tae.
Dubhairt mise go raibh mé ag súil le sean-sgéaltaibh a
chluinsint nó dánta nó amhráin. Dubhairt Proinnsias
go raibh lá ann & bhí go leor neithe de'n chineal sin
aige-sean acht go raibh sé ag éirigh sean anois & go
raibh sé ag cailleadh cuid mhór aca. Chuir mise sárughadh
isteach, & 'sa' deireadh leig sé míonchasacht as ag
glanadh a sgórnuigh & thoisigh ar sgéal Fiannuidheachta
ar a dtug sé “Cormac Mac Áirt.” Chár sgríobh mé
síos é mar nach raibh faill agam an tráthnóna sin, acht
ag seo síos Laoidh Fiannuidheachta do chan sé i ndiaidh
an sgéil do chríochnughadh. Chuir sé guth leis an laoidh
i modh nár chuala mé a leithéid go dtí sin. Chán fonn
amhráin do bhí leis ar chor ar bith acht ceol mar bhéadh
ag sagart ag canadh aifrinn —
Comhrac Ghuill & an Ghaisgidhigh ó Chríoch na nIndiach.
As críoch na nIndiach anall
Ghluais Mac Airt, rí na ngéar lann
Agus d'iarr a comhrac ó fhear bhFiann
Thabhairt dó go hagbhéal.
“Aoinneach” ar Fionn, “ní rachaidh in do dháil
Ar easba Osgair dúinn 'sá' mhágh
Easba Oisín mo mhic féin
Is Goll gonta leis an bpéin.”
Acht d'éirigh Goll Mór Mac Mórna
Leis an bhfáthach a dhul 'un spáirn
“Nois” arsa Goll, “tá mé gan bhrigh
Féach mo cneadha go díon dearg.”
“Is beag mo mheas ort-sa, a Ghuill
I ndiaidh mo thurais go hÉirinn
Imtheacht & mé slán,
Agus géillstín a thabhairt do'n fhearghamhan.”
“Ceann ní fhuighfidh mé ar bhrághaid
Is muirbhfidh mé Goll 'sa' chéad chás.”
Smuainigh Goll nár buan a bheo
'S nár chóir dó é féin a chagailt.
Bhuail sé an curadh go teann
'S ní gan luth do bhí an fear
Bhuain sé an ceann dé le haon bhéim
Is d'éirigh a aigne d'aon léim.
Ag an phonc seo de'n laoidh bhí na tuirtíní bruithte ag
Anna & an tae curtha amach & mar bhí goile mhaith ag 'ach
aon fhear againn chuir muid cosg le Phroinnsias ar feadh
tamaill & shuidheamar thart fá'n gclár gur itheamar
oiread aráin & ime & uibheach is dhéanfadh béile do thriúr
de na Fiannaibh.
Cú Uladh.