Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Thall 's i bhfus i dTír Chonaill
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1902
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail THALL 'S I BHFUS I dTÍRCHONAILL Trácht ar an bPíobaire Mhór chá saoilim gur mhúin sé píobaireacht d'aon duine riamh & is mór an truaigh é. Theagasg sé na céadta chum ringceadh, óir is ar fheabhas atá an ringce chomh maith le n-a phíobaireacht, & tá mórán dá chuid ringce sgaptha ag daoinibh i dTírchonaill acht ní'l aon phíobaire ann anois acht é féin. Is mór an truaigh adeirim gur leigeadh an phíobaireacht ar gcúl. Lá ar n-a bhárach b'éigin damh gluaiseacht liom arís. Bhí lá breágh gréine ann, siúd is go raibh leath troigh sneachta 'na luighe ar na bailtibh móra. Chuaidh mé thart bealach Taobh a' Mhuilinn, & Baile-an-Átha-Mhóir, go dtí port an bhóthair iarainn. D'fhan mé ann sin go dtáinig an traen. Bhí comhrádh agam le fear an phoirt & siúd is gur fear neamh-dhúthchasach é & nach bhfuil Gaedhilg ró-mhaith aige go fóill, tá sé ag déanamh a dhíchill le n-a foghluim. Thug sé gealladh damh go mbéadh dórnán sean-sgéal aige fá mo choinne an darna uair a thiocfainn an bealach sin, mar dubhairt sé go raibh aithne aige ar dhaoinibh a raibh go leor neithe mar seo aca. Tháinig an traen ar ball, & chuaidh mé isteach i gcarbad tar éis damh mo rothar do chur ar bórd romham. Chá deachaidh mé i bhfad ar an traen mar do thuirling mé ag an darna port, sé sin ag port an Chlochain i nGleann- fhinne. Chár mhaith liom sgaradh le n-a sléibhtibh go fóill. Is ionnann teórainn do na sléibhtibh & do'n Ghaedhealtacht óir níor b'fhéidir do Ghallaibh theacht i dtír i measg na sliabh. Ar an adhbhar sin d'fhág siad na sléibhte ag Gaedhealaibh & mhair an Gaedheal ann siúd gan bac gan buaidhreadh go dtí an lá indiu, acht amháin gur bh'éigin dó cíos do dhíol do na tighearnaibh Gallda. Ní ró- shaidhbhir an slighe bheathadh atá aige imeasg na sliabh, acht 'na dhiaidh sin 's uilig tá saoirse & saoirseacht aige & tá a intinn féin aige & a theanga féin gan chead d'aonnach, chan mac a samhail na Gaedhil bhochta atá 'na gcomhnuidhe i measg na nGall i n-oirthear Thírchonaill ar bh'éigin dóibh géilleadh do'n Ghalldachas & a dteanga & a mbéasa féin do leigint ar gcúl. Mar sin de, molaim na sléibhte & molaim & altuighim Dia gur chruthuigh. Sé na sléibhte le dídion & dúnadh do dhéanamh d'ar gcineadh i n-aimsir a gcruadhtáin & a ngéibhinn. D'fhill mé arais ag an gClochán Mór, & rothair mé go dtí an Clochán Beag. Sráid-bhaile atá 'sa' Chlochán Bheag ar a mbíonn aonach míosamhail, & aonach te tair- bheach. Acht taobh amuich de lá an aonaigh ní'l mórán le feacail 'sa' bhaile sin. Ghoir mé isteach go tigh Sheumais Mhig Loinsigh (no Mig Fhlannchadha b'fhéidir). Is fear creideamhnach é Seumas, & fear fiúntach macánta leis. Tá siopa breágh aige 'sa' Chlochán Bheag & díolann sé biotáilte fosda. Tá Gaedhilg bhreágh aige mar do bhí ag a sheacht sinnsir roimhe, & ní'l aon fhaitchíos air a theanga dhúthchais a labhairt i n-uair ar bith. Nuair a bhí sé 'na dheolach óg chuaidh sé go dtí Amerioca & bhí Gaedhilg bhreágh aige 'ar ndóigh. Lá amháin bhí sé amuich ag siubhal ar an tsráid & fear macánta eile leis. Casadh orra seanduine bocht & bheannuigh sé dóibh i nGaedhilg. D'fhreagair Seumas dó, acht leig an fear eile air nár thuig sé é ar chor ar bith, siúd is go raibh fhios ag Seumas go raibh neart Gaedh- ilge aige. Chuir an rud seo an oiread sin de shamhnas ar Sheumas gur chinn sé comhairle dhó féin an Ghaedhilg do labhairt i gcomhnuidhe & í do mhúnadh dá chlann. Bhí sé pósda ar mhnaoi a raibh neart Gaedhilge aici, & theagasg siad an Ghaedhilg do na páisdíbh i gcomhnuidhe go dtáinig siad uilig 'na bhaile go hÉirinn arís. D'innis Seumas damh go bhfuil obair mhaith dá déanamh do'n Ghaedhilg i gcuid de na sgoltaibh thart fá'n tír sin. Cuireann an sagart Mac Aifeartaigh suim mhór 'sa' Ghaedhilg. Tá Domhnall Ruadh Mag Loinsigh mar oide speiséalta leis an nGaedhilg do theasgasg i mbeirt nó triúr de na sgoltaibh, & níor bh'fhéidir fear ní b'fhearr d'fhagháil. Ba dhual is ba dhúthchas do chloinn Mhig Loinsigh grádh bheith aca do'n Ghaedhilg. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services